Scéalta ón bPailistín a aistríodh ó Araibis go Gaeilge ar fáil do léitheoirí óga

Seacht scéal ón bPalaistín atá i leabhar nua a foilsíodh mar chuid de thogra a bhfuil sé mar aidhm leis eolas a chur ar fáil do dhaoine óga in Éirinn agus sa Phalaistín ar chultúr a chéile

Scéalta ón bPailistín a aistríodh ó Araibis go Gaeilge ar fáil do léitheoirí óga

Tá seacht scéal ón Phalaistín i leabhar nua do pháistí a aistríodh ó Araibis go Gaeilge.

Scéalta ón bPailistín sean agus nua is teideal don leabhar atá curtha ar fáil ag Tionscnamh Leabhar Noor Ash Shams, comhthionscadal idir Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Birzeit ar an Bhruach Thiar.

Páistí agus údair as an Phailistín a scríobh na scéalta sa leabhar, ar fhoilsigh Institiúid Tamer um Oideachas Pobail é.

Cuireadh tús le Tionscnamh Leabhar Noor Ash Shams in 2014 agus é mar aidhm leis leabhair do pháistí in Araibis agus i nGaeilge a fhoilsiú agus a dháileadh ar léitheoirí óga in Éirinn agus sa Phalaistín le go mbeadh tuiscint acu ar chultúr a chéile.

Tá dhá leabhar eile aistrithe go dtí seo ó Ghaeilge go hAraibis, leabhar amháin le scéalta comhaimseartha Gaeilge le hAoife Ní Dhufaigh agus páistí óga, agus leabhar eile a bhfuil scéalta traidisiúnta as Éirinn le fáil ann.

Athinsint leis an Dr Eithne O’Connell ar thrí scéal cháiliúla atá sna scéalta traidisiúnta – Clann Lir, Labhraidh Loingseach agus Oisín agus Niamh Chinn Óir i dTír na nÓg.

Tá míle cóip den dá leabhar dáilte ar pháistí sa Bhruach Thiar agus i nGaza cheana féin.

Is iad an Dr Eithne O’Connell, Ollamh Comhlach le Gearmáinis agus staidéar an aistriúcháin i Scoil an Léinn Teangacha Feidhmeacha agus Idirchultúrachais Fheidhmigh in Ollscoil Chathair Bhaile Atha Cliath, an Dr Mahmoud Abdel-Fattah, léachtóir san aistriúchán in Ollscoil Birzeit sa Bhruach Thiar, agus Máire Uí Dhufaigh, údar agus foilsitheoir, atá i mbun an tionscadail.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Eithne O’Connell, go raibh míle cóip den leabhar nua Scéalta ón bPailistín sean agus nua i dtaisce i stóras i mBaile Átha Cliath mar gheall ar ghéarchéim an choróinvíris ach go mbeifear á ndáileadh ar pháistí Gaelscoile agus Gaeltachta ó thuaidh agus ó dheas “a luaithe agus is féidir”.

“Níl a fhios ag éinne cathain a bheimid in ann na leabhair a scaipeadh, agus dá bhrí sin táimid ag iarraidh aird a tharraingt ar an suíomh le go mbeidh tuismitheoirí, múinteoirí agus páistí in ann a theacht ar na scéalta seo.

“Tá go leor Gaeilgeoirí i dteagmháil le teifigh as an tSiria a bhfuil Araibis acu agus ba mhaith linn go mbeifear ar an eolas faoin dá leabhar eile,” a dúirt Eithne O’Connell.

Is féidir Scéalta ón bPailistín sean agus nua a íoslódáil anseo.

Tá scéalta comhaimseartha Gaeilge agus scéalta traidisiúnta as Éirinn ar fáil in Araibis anseo.

Fág freagra ar 'Scéalta ón bPailistín a aistríodh ó Araibis go Gaeilge ar fáil do léitheoirí óga'