Scéalta le breis agus 300 dalta Gaeltachta le léamh i leabhar nua

Tugtar éachaint sa leabhar ‘Slán leis an mbunscoil’, a d’fhoilsigh Tuismitheoirí na Gaeltachta, ar shaol an duine óig le linn na dianghlasála

Scéalta le breis agus 300 dalta Gaeltachta le léamh i leabhar nua

Tá scéalta le breis agus 300 dalta Gaeltachta le léamh i leabhar nua ó Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Tugtar éachaint sa leabhar Slán leis an mBunscoil, a d’fhoilsigh Tuismitheoirí na Gaeltachta, ar shaol an duine óig sa Ghaeltacht le linn na dianghlasála.

Bheartaigh Tuismitheoirí na Gaeltachta tabhairt faoin leabhar chun cabhrú leis na daltaí a bhí ag fágáil slán leis an bhunscoil dul i ngleic le dúnadh tobann na scoileanna.

Tugadh cuireadh do dhaltaí rang a sé i ngach scoil Ghaeltachta sa tír píosa a scríobh don leabhar. I measc na dtéamaí a tugadh do na páistí bhí ‘súil siar ar na laethanta sa bhunscoil’, ‘súil chun cinn ar an saol tar éis na bunscoile’, ‘an ghéarchéim sláinte’ agus ‘an saol in aimsir an choróinvíris’.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta gur “togra stairiúil béaloidis” a bhí sa leabhar a thug léargas ar shaol an duine óig le linn na paindéime.

“Cur síos atá sa leabhar ar an tslí a chaith na daltaí a gcuid ama le linn na dianghlasála. Baineann an leabhar leis an óige agus tá an dóchas agus an fuinneamh sin acu le brath sa scríbhneoireacht ann,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Chéilleachair gur aithin an eagraíocht gur fhág dúnadh tobann na scoileanna folús i saol na ndaltaí i rang a sé.

“D’aithin muid nuair a fógraíodh nach mbeadh na scoileanna ag filleadh roimh thús an tsamhraidh nach mbeadh deis ag daltaí i rang a sé slán mar is ceart a fhágáil leis an mbunscoil.

“Is am an-chinniúnach é sin i saol an duine óig, ag dul ó ré scolaíochta amháin go dtí ré eile. Teacht in inmhe atá ann ar shlí agus bhíomar ag iarraidh cabhrú leis na daltaí dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte, a d’fhág nach mbeidís ag filleadh ar an scoil arís,” a dúirt Sorcha Ní Chéilleachair.

Dúirt Ní Chéilleachair gur tháinig breis agus 300 scéal chucu le bheith mar chuid den leabhar, trí oiread an méid a rabhadar ag súil leis.

“Ardú croí don léitheoir atá sa leabhar – seoid – agus ní dóigh go bhfuil a leithéid de bhailiúchán foilsithe in aon teanga eile,” a dúirt Sorcha Ní Chéilleachair.

Bronnadh cóip den leabhar ar gach dalta a bhí páirteach sa tionscadal agus tá sé i gceist ag Tuismitheoirí na Gaeltachta an leabhar a dháileadh ar shiopaí leabhar amach anseo.

Fág freagra ar 'Scéalta le breis agus 300 dalta Gaeltachta le léamh i leabhar nua'