Scéalta chumainn spóirt Ghaeltachta i mbliain dhúshlánach 2020 le hinsint i sraith nua

Craolfar an chéad chlár sa tsraith ‘An Cumann’ ar TG4 anocht, sraith a inseoidh scéalta ó chumainn Ghaeltachta i nGaillimh, i gCiarraí agus i nDún na nGall

Scéalta chumainn spóirt Ghaeltachta i mbliain dhúshlánach 2020 le hinsint i sraith nua

Tabharfaidh sraith nua teilifíse léargas ar na dúshláin a bhí roimh roinnt cumann spóirt Gaeltachta i mbliain eisceachtúil 2020.

Craolfar an chéad chlár sa tsraith An Cumann ar TG4 anocht (Déardaoin, 8.00pm) agus scéalta ó chumainn Ghaeltachta i nGaillimh, i gCiarraí agus i nDún na nGall faoi chaibidil.

Is é an comhlacht léiriúcháin Aniar atá i mbun na sraithe nua. Dhírigh sraith eile dá gcuid, Ár gClub, ar fhoirne peile agus iomána ach spóirt eile a bheidh le feiceáil sa tsraith nua sé chlár.

Díreoidh An Cumann ar ar tharla do Chumann Dornálaíochta Chonamara agus Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach i gConamara, do Chumann Sacair Ghaoth Dobhair Aontaithe i dTír Conaill agus do Chumann Rugbaí Chorca Dhuibhne i gCiarraí Thiar in 2020.

Caithfear súil ar dtús ar na hullmhúcháin a rinne na cumainn don séasúr a bhí rompu anuraidh ach ní fada go gcuirfidh teacht an Covid-19 san earrach na pleananna sin ó mhaith.

Cé gur éirigh le cuid de na foirne dul ag imirt arís nuair a scaoileadh leis na srianta dianghlasála i dtreo dheireadh an tsamhraidh, ní raibh an t-ádh céanna ar chumainn uile.

Chomh maith leis na heachtraí ar an bpáirc, tabharfar léargas freisin ar phobail na gcumann le linn na bliana dúshlánaí.

Fág freagra ar 'Scéalta chumainn spóirt Ghaeltachta i mbliain dhúshlánach 2020 le hinsint i sraith nua'