Ceol
An Uile Bhealach Abhaile – Saothar ceoil úrnua le Colm Ó Foghlú i Stiúideo Cuan
Éist le mír ón saothar nua ag anseo
Cuireadh na chéad léirithe de shaothar úrnua ceoil leis an gcumadóir iomráiteach Colm Ó Foghlú ar stáitse an tseachtain seo i Stiúideo Cuan sa Spidéal. Beidh deis eile ag lucht éisteachta an saothar álainn seo a chloisteáil anocht agus san oíche Dé Sathairn ag 8:00 i.n.
Tugann An Uile Bhealach Abhaile léargas ar dhúchas Choilm agus ar chuimhní a óige i gCarna. Tá scoth na gceoltóirí idirnáisiúnta páirteach sa togra ealaíne seo, ina measc: Aoife Ní Bhriain (Fidil), Patrick Flanaghan (Cor Anglais) agus Noreen O’Donoghue (Cruit) mar aon le Ensemble Téadach an Chaisleáin. Naonúr ceoltóirí uilig atá ar stáitse don léiriú seo.
Darach Mac Con Iomaire an léiritheoir, agus is coimisiún nua de chuid Stiúideo Cuan é ‘An Uile Bhealach Abhaile atá mar chuid de chlár ealaíne Stiúideo Cuan agus iad ag tabhairt ardán d’ealaíontóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta saothair nua ar ardchaighdeán a chur os comhair an phobail i nGaeltacht Chonamara.
Tuileadh eolais agus ticéid ar fáil ag anseo.
Féilte
Riastáil le Liam Ó Néill, scéalaíocht le Muireann Ní Chíobháin agus neart eile ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne
Cuirfear tús inniu le Féile Liteartha Chorca Dhuibhne agus leanfar leis na himeachtaí go dtí an Domhnach, 17 Samhain. An Díseart i nDaingean Uí Chúis agus Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin na príomhionaid ach beidh imeachtaí in ionaid eile ar fud an cheantair freisin.
Seolfar Riastáil an chéad leabhar leis an ealaíontóir Liam O’Neill in Ionad an Bhlascaoid ar an Satharn. Is í an craoltóir Helen Ní Shé a sheolfaidh an leabhar agus beidh an ceoltóir Cormac Begley agus an t-amhránaí Sláine Ní Chathalláin ag ceol ag an ócáid. Tá na trí scór go leith bliain slánaithe ag Liam Ó Néill i mbliana agus is mar cheiliúradh agus mar fhéachaint siar atá an leabhar speisialta seo á fhoilsiú aige i gcomhar le Dingle Publishing.
Beidh Muireann Ní Chíobháin ag scéalaíocht do na páistí in Ionad an Bhlascaoid agus í ag léamh óna pictiúrleabhar Gealach agus Grian atá ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló 2024. Beidh scéalaíocht dhátheangach i Leabharlann an Daingin le Oein deBhairduin agus Natalie Ní Chasaide bunaithe ar an bpictiúrleabhar The Slug and the Snail | An Drúchtín agus an Seilide.
Ag am lóin Dé Sathairn beidh Róise Ní Bhaoill sa Díseart ag comhrá agus ag léamh a cuid filíochta as a cnuasach nua Idir an Dá Fhearsaid. Bronnadh gradam Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana ar Ní Bhaoil anuraidh ag Gradam Leabhair Éireannacha An Post as a cnuasach gearrscéalta Imram agus Scéalta Eile a d’fhoilsigh Éabhlóid.
Clár na féile agus ticéid do na himeachtaí ar fáil anseo.
Físeán
An Fear Álainn – Físeán in ómós do Thomás Mac Eoin
File, cumadóir, amhránaí agus aisteoir é Tomás Jimí Mac Eoin a bhfuil aithne mhór ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta air le blianta fada. Ba mhór an tóir a bhíodh ar chomhluadar Thomáis pé áit a mbíodh sé agus bhíodh sé foighdeach suáilceach le chuile dhuine – Gaeilgeoir nó foghlaimeoir.
Bhíodh na sluaite i gConamara ag triall ar dhrámaí, sceitseanna is agallaimh bheirte a mbíodh lámh aige iontu agus ní bhíodh cuma ná caoi ar Oireachtas ná Éigse go mbíodh Tomás i láthair agus é ag gabháil fhoinn.
Is dóigh go bhfuil An Cailín Álainn, Bleán na Bó agus an Damhán Alla ar eolas ag leath na tíre agus ar ndóigh an leagan álainn den Stolen Child a rinne Tomás leis an Waterboys. Is minic a iarrtar a chuid amhrán ar chláracha ceoil Raidió na Gaeltachta agus nár chaith sé oíche ar an Late Late Show le Gay Byrne. Tá Tomás fós ag aithris a shaothair san ionad altranais.
Chuir Seán Ó Mainnín, grianghrafadóir Tuairisc, aithne ar Thomás ina nead dúchais ar an gCeathrú Rua agus is iomaí ócáid ar thóg sé pictiúr is caint uaidh. Shocraigh sé cuid den saibhreas sin a chur i bhfíseán mar ómós do Thomás féin agus mar fhéirín dá chuid ‘fans’ uilig ar fud na cruinne.
Leabhar
Ceiliúradh Oileán Fhínse is ómós d’oidhreacht na muintire i leabhar nua
Beidh leabhar nua Sioscarnach Mhuintir Fhínse á sheoladh i dTigh Mheaic i gCarna ar an 22 Samhain, 2024. Tugann an leabhar scéal na ndaoine ar Oileán Fhínse agus oidhreacht mhuintir an oileáin le chéile agus é scríofa i nGaeilge na háite agus leagan i mBéarla curtha leis.
Is é Marcus Ó hIarnáin as Roisín Na Mainiach, Carna, arbh as an oileán a mháthair, a scríobh an leabhar. Bhí 22 teach ar an oileán in óige a mháthar chomh maith le scoil agus reilig. Níl aon duine ina gcónaí ar an oileán anois.
Tharraing Ó hIarnáin ar an seanchas agus ar ábhar a bhí ar fáil sna daonáirimh chun cuntas a scríobh faoi na teaghlaigh a bhíodh ina gcónaí ar an oileán, an saol a chaith siad agus cuid den cheol agus an sean-nós a chruthaigh siad. Tá seanphictiúirí sa leabhar freisin de chuid de na daoine a bhíodh ina gcónaí ar an oileán, chomh maith le pictiúir ón oileán féin sa lá atá inniu ann agus an tírdhreach mórthimpeall air.
Fág freagra ar 'Scéalaíocht agus spraoi ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne'