Scéala faighte ag daoine i nGaeltacht Chonamara go bhféadfadh an FBI leas a bhaint as a samplaí DNA

Fuair daoine i gConamara comhfhreagras an tseachtain seo inar comhairlíodh dóibh go bhféadfadh an FBI leas a bhaint as samplaí DNA a chuireadar ar fáil mar chuid de thaighde ginealais Gaeltachta

Scéala faighte ag daoine i nGaeltacht Chonamara go bhféadfadh an FBI leas a bhaint as a samplaí DNA

Tá scéalta faighte ag daoine as Conamara le cúpla lá anuas ag comhairliú dóibh go bhféadfadh an FBI leas a bhaint as samplaí DNA a chuireadar ar fáil mar chuid de thaighde ginealais Gaeltachta.

Ionad Oidhreachta na hÉireann in Portland i Stát Maine i Meiriceá a chuir na litreacha seo amach agus tugann siad eolas faoin gcaoi ar féidir leat toradh do chuid tástálacha DNA a chur i bhfolach, má thograíonn tú.

Dúirt ionadaí an Ionaid in Maine gur cuma léi féin go mbeadh fáil ar shamplaí DNA dá cuid féin ar mhaithe le dhul i ngleic le coiriúlacht ach go bhféadfadh daoine eile a bheith ar mhalairt intinne.

Tá an imní seo ar lucht an Ionaid agus ar go leor eile de bharr go bhfuil cead á thabhairt ag comhlachtaí tástálacha ginealais – go háirithe FamilyTreeDNA – don FBI leas a bhaint as an stór torthaí tástálacha atá acu. Baineann Ionad Oidhreachta na hÉireann leas as seirbhísí an chomhlachta FamilyTreeDNA. Go dtí seo rinne ionadaithe as an Ionad Oidhreachta in Portland roinnt mhaith tástálacha ar dhaoine – in iarthar Chonamara go háirithe – mar chuid den staidéar atá ar bun acu ar ghéineolaíocht mhuintir Ghaeltacht Chonamara.

Chuaigh cuimse daoine as Conamara go Portland, Maine idir 1860 agus 1940 agus tá a sliocht ansin go láidir i gcónaí. ‘The Gaeltacht Project’ an teideal atá acu ar an bpíosa mór taighde seo san Ionad i Maine. Ar mhuintir Árann is deireanaí atá an compás géineolaíochta dírithe acu le tuilleadh scile a bhaint as an gceangal a bhí acusan le Portland.

Baintear leas as bealaí traidisiúnta taighde ginealais san Ionad, ar bhonn deonach a dhéantar an obair seo, ach táthar gaibhte i muinín na dtástálacha eolaíochta le beagán blianta.

Tástáil shimplí go maith atá i gceist: cuimlítear maide beag don charbad agus cuirtear i dtaisce é i bhfillteán speisialta agus seoltar as sin é go dtí an saotharlann. Ansin a thagann obair eolaíochta leithéid FamilyTreeDNA i gceist.

Go dtí seo féin, tá go leor ceangal gaoil soiléirithe ag na tástálacha seo agus tá an t-eolas ag méadú thar cuimse de réir mar atá daoine breise ag glacadh leis na tástálacha. Fuair an t-iriseoir seo féin amach go raibh gaolta agam i Maine ag dul i bhfad siar agus go raibh iarmhéara chathair Portland, Michael Brennan, ar dhuine acu. Ba as Inis Ní a mháthair mhór ach chuaigh cuid mhaith daoine as Iorras Aithneach trasna Chuan na Beirtrí Buí go taobh Chloch na Rón san aimsir a caitheadh agus is léir gur ar an gcaoi sin a tharla sé go bhfuil gaol i bhfad amach le Michael Brennan agam.

Níl ansin ach scéal amháin agus, ar ndóigh, cuireann go leor daoine suim mhór sa gcineál sin eolais. Go deimhin, tá sé tugtha síos go bhfuil staidéar agus taighde ginealais ar cheann de na bealaí caitheamh aimsire is mó i Meiriceá faoi láthair.

Tá a fhios go bhfuil 15 milliún fearas le samplaí DNA a thógáil díolta ag dhá chomhlacht le beagán blianta, sin iad Ancestry.com agus 23andMeINC, gan trácht ar chomhlachtaí eile.

In Houston, Texas atá FamilyTreeDNA lonnaithe. Bunaíodh iad i 1999 agus ba iadsan an chéad chomhlacht a chuir deiseanna ar fáil don phobal lena gcuid samplaí DNA a thógáil agus a chur ar ais chuig an saotharlann.

Le ríghairid a tháinig an scéala amach go bhfuil socrú déanta ag FamilyTreeDNA leis na húdaráis sna Stáit Aontaithe go dtabharfar deis dóibh eolas a fháil as an stór DNA (tá cuntas coinnithe acu ar na tástálacha uilig) má bhíonn cás sách tromchúiseach i gceist.

Mar a tharlaíonn sé, níl ach aon cheann déag de chásanna ann go dtí seo ina ndearna FamilyTreeDNA comhoibriú leis an FBI, de réir ráiteas atá eisithe ag príomhfheidhmeannach an chomhlachta sin.

Sna cásanna sin, tugtar cead don FBI lorg DNA ó láithreacha coiriúlachta a chur isteach sa gcóras le súil agus go mbeidh sé ar an déanamh céanna le sampla DNA éigin eile atá sa stór atá coinnithe ag FamilyTreeDNA. Má bhíonn, d’fhéadfadh leide an-tábhachtach a bheith faighte ag na póilíní agus ag an gcóras dlí agus cirt. Déantar socruithe mar seo amanta freisin le fórsaí éagsúla póilíní.

Tarraingíodh aird ar leith ar an gcóras seo oibre i gcás an ‘Golden State Killer’. Tá amhras, agus é cúisithe i roinnt cásanna anois, faoin bhfear seo maidir le scór cás dúnmharaithe agus éignithe i Stát California idir 1975 agus 1987. Gabhadh Joseph James De Angelo san Aibreán seo caite tar éis do na póilíní a eolas a fháil as an suíomh tástálacha ginealais, GEDmatch. Ó shin i leith, tá daoine gafa i dtaobh dhá cheann déag d’eachtraí troma coiriúlachta eile de bharr eolas a fuarthas as an suíomh sin. Beidh De Angelo féin, atá 73 anois, á chur ar a thriail níos deireanaí i mbliana.

Ina ráiteas féin agus é ag cosaint an cheangail leis an FBI, dúirt príomhfheidhmeannach FamilyTreeDNA, Bennet Greenspan, go dtugann an eolaíocht seo deis don phobal ‘drochdhaoine’ a chuibhriú agus roinnt suaimhnis intinne a thabhairt do theaghlaigh atá croíbhriste agus trína chéile de bharr coireanna. Dúirt sé freisin go mbunófaí painéal daoine a bheidh ag obair i dteannta lucht bainistíochta an chomhlachta lena chinntiú go mbainfidh an pobal agus an saol mór buntáistí as an gcóras DNA ginealais.

Beidh lucht an Ionaid Oidhreachta in Portland i Maine ag súil nach gcuirfidh na díospóireachtaí eitice seo tada as don chlár spéisiúil taighde atá ar bun acu faoi mhuintir na Gaeltachta thall agus abhus.

Fág freagra ar 'Scéala faighte ag daoine i nGaeltacht Chonamara go bhféadfadh an FBI leas a bhaint as a samplaí DNA'