Scéal tragóideach Hilda Hunter inste go hábalta

Thug an clár faisnéise Páirteach i nDúnmharú cuntas ar choir rachta an Phóilín Chúnta Hori Morse a mharaigh Hilda Hunter

Scéal tragóideach Hilda Hunter inste go hábalta

Ar an 24 Feabhra 1924 do lámhach an Nua-Shéalannach Hori Morse an Sasanach Hilda Hunter agus iad ag siúl le chéile i gCalafort Adelaide. Ansin dhírigh sé an gunnán ar féin agus dhein iarracht féinmharaithe. Cén bhaint a bhí ag an gcoir rachta sin le Réabhlóid na hÉireann blianta beaga roimhe sin agus le creach Thrá Lí ach go háirithe. Dhein Páirteach i nDúnmharú (TG4, Dé Céadaoin) iarracht é sin a chíoradh dúinn.

I dtosach deineadh saol na beirte neamhghnáiche seo a rianú dúinn. Tógadh Hilda i dteaghlach gustalach i dTuaisceart Shasana. Bhí comhlacht déanta hataí ag a hathair rud a thug sólaistí an tsaoil dóibh. Phós sí Frank Hunter ó Chúil Raithin agus bhog sí ansan. Dúirt a gariníon Penny Steward gur dúradh léi féin go seanbhlastúil tráth gurbh í a seanmháthair an chéad bhean a chaith béaldath agus deargadh ar an mbaile. Bhí triúr clainne aici ach cuireadh abhaile orainn go raibh sí míshocair inti féin. Ba mhinic a bhailíodh sí léi ar feadh tréimhsí fada lena deirfiúr, Dorice.

I 1921 agus iad ar cheann dá dturais sa Bhreatain Bheag bhuail sí le Hori. Bhí sé siúd ar saoire óna dhualgais mar Phóilín Cúnta in Éirinn. Cuireadh gaol seachphósta paiseanta sa tsiúl eatarthu, gaol a mhair go dtí an lá cinniúnach úd in 1924. Faoi thráth an dúnmharaithe bhí Hilda imithe as Éirinn le breis agus bliain go leith. Í féin agus Dorice tar éis teitheadh óna bhfir chéile agus a gclanna. Leannáin acu beirt agus airgead a n-athar ag bronnadh saoirse orthu. A gcuid fear fágtha sa mbaile agus triúr clainne an duine acu.

B’fhear mórchúiseach é Hori, a bhí lán den bhuaileam sciath agus an áiféis. Ba dhuine teasaí, taghdach é lena chois sin. Rianaíodh dúinn conas mar a dhein sé a shlí ón Nua-Shéalainn go hÉirinn. Liostáil sé sna Póilíní Cúnta trí lá roimh bhás Terence McSwiney agus bhí sé i dTrá Lí nuair a deineadh an baile sin a chreachadh. Déantar na laethanta cinniúnacha fuilteacha sin de chuid na Réabhlóide a thabhairt chun críche.

Bhí ionchur breá againn ó leithéidí Diarmaid Ferriter, Thomas Earls Fitzgerald, Penny agus Sara Green (gariníon Dorice) agus ionchur eolgaiseach againn as Gaeilge ón Dr. Caoilte Ó Ciardha, Cuan Ó Seireadáin, an Dr. Ciara Bhreathanach agus an t-abhcóide Siobhán Ní Chúlacháin, mar aon le tráchtaireacht ó Shíle Nic Conaonaigh. Bhí paistí beag athchruthaithe againn chomh maith.

Cuirtear abhaile orainn gur iarshaighdiúirí a bhí sna Dúchrónaigh agus iar-oifigigh airm sna Póilíní Cúnta. Bhí taithí mhór ag an dá dhream ar fhoréigean fuilteach an Chéad Chogaidh Dhomhanda. B’fhéidir go raibh mianach an fhoréigin i gcuid acu roimhe sin ach bhí sé i mórán acu ina dhiaidh. Cuirtear abhaile orainn gurb é an mianach seo ba chúis le dúnmharú Hilda.

Leis an tarcaisne a chur i gceann na héagóra d’éirigh le Hori éalú ó shealán an chrochadóra agus ón bpríosúnacht saoil ar a chúisiú i mbás Hilda. Tar éis dó deich mbliana a chaitheamh i ngéibheann scaoileadh amach é agus bhí saol rathúil aige mar ailtire. Phós sé agus bhí beirt chlainne aige. Go deimhin ainmníodh bóthar ina ómós mar chuid de chomóradh ar scoil eitleoireachta ar fhreastail sé uirthi. Faoi mar a thugann gaolta Hilda le fios dúinn tá scéal tragóideach Hilda ligthe i ndearmad, áfach.

Déanann an saothar seo iarracht é sin a chur ina cheart go hábalta.

Fág freagra ar 'Scéal tragóideach Hilda Hunter inste go hábalta'