Scéal tháinseamh Trump ag teacht chun na teilifíse…

Beidh a gcéad deis cheart ag pobal na Stát Aontaithe an tseachtain seo scagadh a dhéanamh ar shonraí an scéil atá taobh thiar den iarracht Donald Trump a tháinseamh

Scéal tháinseamh Trump ag teacht chun na teilifíse…

Cuirfear tús an tseachtain seo leis na héisteachtaí poiblí maidir le táinseamh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump.

D’fhógair Adam Schiff, Cathaoirleach Choiste Faisnéise Thithe na Comhdhála agus an té is mó atá luaite leis an bhfiosrúchán, an tseachtain seo caite gur triúr a bheadh ag tabhairt fianaise ag éisteachtaí na seachtaine seo.

Dúirt Schiff – dlúthchomhghleacaí le Nancy Pelosi – go bhfuiltear ag cur i gcónaí leis an bhfianaise in aghaidh an Uachtaráin.

Quid Pro Quo. Sin an téarma is tábhachtaí sa scéal seo ar fad, dar le lucht an Tí Bháin. Maíonn Donald Trump nach raibh aon quid pro quo i gceist sa gcomhrá a bhí aige i mí Iúil seo caite le hUachtarán na hÚcráine. Séanann Trump gur chuir sé stop le cúnamh slándála chun na hÚrcáine go dtí go mbunófaí fiosrúchán faoi Joe Biden, an t-iar-leasuachtarán ar SAM atá sa tóir ar ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán uachtaránachta na bliana seo chugainn, agus faoina mhac.

Ní hin a bhí le rá an tseachtain seo caite ag George Sondland, ambasadóir na Stát Aontaithe chun an Aontais Eorpaigh. Rinne seisean leasú ar a chuid fianaise agus dúirt sé go raibh quid pro quo i gceist – fiosrúchán faoi mhuintir Biden as ucht ciste fóirithinte míleata don Úcráin. Ba é Sondland an tríú hoifigeach de chuid an Tí Bháin a bhí sásta a dheimhniú go raibh quid pro quo i gceist.

Tabharfaidh ambasadóir na Stát Aontaithe chun na hÚcráine William Taylor, a deir gur choimeád Donald Trump siar cúnamh don Úcráin le brú a chur ar na húdaráis ann fiosrúchán a chur ar bun faoi Joe Biden, agus an Leas-Rúnaí Stáit George Kent fianaise ar an gCéadaoin seo chugainn. Tabharfaidh Maria Yovanovitch, iar-ambasadóir na Stát Aontaithe chun na hÚcráine, fianaise Dé hAoine.

Beidh an fhianaise seo le feiceáil beo ar an teilifís agus seo an chéad deis a bheidh ag mórphobal na Stát Aontaithe sonraí an scéil a scagadh i gceart dóibh féin.  Tá súil ag na Daonlathaigh, dá réir, go gcuirfidh na héisteachtaí poiblí seo le tacaíocht an phobail don táinseamh. Tá siad ag súil, de réir mar a thiocfadh méadú ar an tacaíocht i measc an phobail go dtiocfadh brú mór ar roinnt polaiteoirí Poblachtacha neamhaird a thabhairt ar a bpáirtí agus vótáil ar son an táinsimh. Faoi láthair tá poblachtánaigh ag fanacht dílis den chuid is mó dá bpáirtí agus mura dtagann aon athrú air sin ní éireoidh leis an iarracht Trump a tháinseamh. Teastaíonn tacaíocht dhá dtrian de na Seanadóirí le go bhféadfaí uachtarán a tháinseamh. Níl sin ann faoi láthair.

Tá súil ag na Daonlathaigh na hairteagail táinsimh a rith faoi dheireadh na míosa roimh shaoire mhór Thanksgiving. An chúis atá leis sin go dteastaíonn uathu go reáchtálfaí aon triail ag tús na bliana seo chugainn sula mbeidh feachtas thoghchán na huachtaránachta ina neart.

Fág freagra ar 'Scéal tháinseamh Trump ag teacht chun na teilifíse…'