Scéal tábhachtach De Valera i Meiriceá inste go slachtmhar ar TG4

Tugann De Valera i Meiriceá faoina chúram go hábalta agus tugtar an dara hinsint ann ar eachtraí tábhachtacha

Scéal tábhachtach De Valera i Meiriceá inste go slachtmhar ar TG4

Tá a fhios ag an saol Fódlach gurbh é Éamon de Valera fathach polaitíochta na hÉireann sa bhfichiú haois. Pearsa chasta é a d’fhág lorg mór ar Éirinn; fear a ghin dílseacht bhuan agus aighneas géar araon ina measc siúd a bhí timpeall air agus sa phobal i gcoitinne.

Déanann an tsraith dhá chlár seo (De Valera i Meiriceá, TG4, Dé Céadaoin) iarracht éachtaint a thabhairt dúinn ar an ngeábh a thug Dev ar Mheiriceá i 1919 le hairgead a bhailiú agus scéal na hÉireann a chur os comhair an tsaoil mhóir.

Tosnaíonn an clár le léiriú drámatúil de Dev ag siúl isteach sa bhforhalla sa Waldorf Astoria, ceann de na hóstáin ba ghalánta i Nua-Eabhrac, agus á chur féin in iúl mar an chéad Uachtarán ar Éirinn do shlua lúcháireach. Tugann an eachtra bheag sin a hinsint féin ar dhá mhórthéama de chuid an turais, agus dá réir, an chláir.

Cuireadh na múrtha fáilte roimh Dev i Meiriceá gach áit dá gcuaigh sé. Ba é, faoi mar a deir an tráchtaire, Pat Butler an pharóiste seo, linn, “úillín óir” na nGael agus na nGael-Mheiriceánach. Domhnach amháin i bPáirc Fenway Bhostúin tháinig tuairim is 25,000 duine chun é a fheiceáil tráth nach mbíodh ach tuairim is 6,000 ag cluichí de ghnáth.

Ní nach ionadh d’imir sé seo tionchar mór ar mheon Dev agus cuireann scata de na cloigne cainte béim ar an lorg a d’fhág an t-adhradh seo air. Cuirtear postúlacht, sotal agus mórchúis ina leith. Ba dheacair cur suas leis agus léirigh sé drochmheas ar éinne a d’easaontaigh lena chuid tuairimí.

Gan amhras níor chabhraigh sé lena cháil sa mbaile gur bhaist sé an chéad Uachtarán ar Éirinn ar féin. Níorbh ann don Phoblacht ná an post ag an am agus b’fhear é a bhí ar a theitheadh ó Impireacht na Breataine.

Tugtar cuntas ar conas mar a ghríosaigh Joe McGarrity é chun an teideal sin a ghlacadh chuige féin mar aon le héadaí níos galánta a chaitheamh agus gan a chás féin a  iompar. Mhaígh John Devoy i gceann dá litreacha go gcuaigh seo ar fad sa gceann aige agus nárbh fhéidir le héinne réiteach leis, dá bharr. 

Croílár an scannáin seo ná cíoradh ar an aighneas idir buíon Dev agus buíon Devoy. Ar feadh na mblianta bhíomar i dtaobh le hinsint Dev ar an scéal agus é á rá gur thug eagraíocht Devoy, Friends of Irish Freedom, drochíde dó. Anois, a bhuíochas de cháipéisí atá ag teacht ón American Irish táthar ag tuiscint go bhfuil dhá insint ar a laghad ar gach scéal.

Éiríonn leis na míreanna drámaíochta a bhí fite fuaite tríd an gclár beocht a chur sa chuntas agus theastaigh tuilleadh uaim. Go deimhin rith sé liom go bhfuil ábhar iontach scannáin sa chúram ar fad.

Déanann guth binn Pat Butler sin a threorú go cumasach deisbhéalach tríd na heachtraí ar fad. Fuaireas an-bhlas ar na cuntais a tugadh ar an gradam ‘Chief’ a bhronn na Chippewa, treibh de bhundúchasaigh Mheiriceá, air agus ar an scéala gurbh é ba chúis leis an bhfocal céanna a bheith mar leasainm air.

Bailíodh meitheal chumasach de chloigne cainte le chéile agus bhí seachtar acu ag labhairt i nGaeilge, Joe Lee, Úna Ní Bhroiméil agus Tomás Mac Conmara ina measc.

Tugann an clár seo faoina chúram go slachtmhar, ábalta agus tugtar an dara hinsint ar eachtraí tábhachtacha i stair na hÉireann. 

Fág freagra ar 'Scéal tábhachtach De Valera i Meiriceá inste go slachtmhar ar TG4'