Scéal stuifiúil cumhachtach le hinsint ag ‘Michael Inside’

Is saothar é ‘Michael Inside’ atá teann as féin agus bíodh go bhfuil rian den chlár faisnéise air saothar sainiúil lán le teannas agus drámatúlacht é

Scéal stuifiúil cumhachtach le hinsint ag ‘Michael Inside’

Michael Inside
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Frank Berry
Cliar: Dafhyd Flynn, Lalor Roddy, Moe Dunford, Robbie Walsh, Hazel Doupe.

Is seánra ann féin iad na scannáin a bhíonn ag rómhar leo in iomaire an phríosúin. Cé go dtaobhaíonn an táirge seo ciútaí seanchaite áirithe déantar scéal stuifiúil, cumhachtach a sholáthar agus taispeántais nádúrtha, chumasacha ina lár istigh.

Tá srathair na hainnise ar an bhfear óg Michael McCrea (Flynn) gan aon agó. Ní raibh ach airde glúin fir ann nuair a cailleadh a mháthair de bharr ródháileog drugaí agus ina dhiaidh sin cuireadh a athair drochmhaitheasach i bpríosún agus b’éigean don leaid óg bualadh fé lena athair críonna. Ní nach ionadh níl an gaol eatarthu thar mholadh beirte. Tá a hata caite aige leis an scoil cé go bhfuil sé ag freastal ar chúrsaí Youthreach; nod, b’fhéidir, go bhfuil sé ag iarraidh dul ar bhóthar a leasa.

Pé acu scéal é, seo mar atá an saol ag Michael nuair a chímid é ar dtús agus ní fada nó go dtéann sé ón tine chun na gríosaí. Tagann na Gardaí ar mhála de dhrugaí mídhleathacha a bhí á choimeád aige do chara agus gearrtar téama príosúnachta trí mhí air.

Is le neamhiontas agus go neamhdhrámatúil a dhéantar an t-aistear chun an phríosúin a chur inár láthair. Comhráite beaga neafaiseacha leis an dlíodóir, na Gardaí agus oifigeach príosúin. Ní hé go bhfuilid ar nós cuma liom ach gur léir nach bhfuil aon rud as an ngnáth sna heachtraí seo dóibh. ‘Rachaidh tú i dtaithí air,’ a deir Garda go réchúiseach le Michael i ndiaidh dó fáil amach gurb é seo an chéad uair i bpríosún aige.

Tá Michael bocht beagfhoclach agus tá sé deacair léamh air. Faitíos air faoina bhfuil roimhe ach tuigeann sé go gcaithfidh sé cruachan in aghaidh na hainnise.

‘I had to come to prison to be a crook,’ a dúirt Andy Dufresne sa scannán príosúin is cáiliúla riamh, The Shawshank Redemption agus tá smut den rud céanna anseo agus Michael ag imeacht ar bhóthar a aimhleasa fad is atá sé i ngéibheann. Tógann sochapatach, Moe Dunford, faoina chúram é ach gan amhras bíonn air é a chúiteamh. Fágtar lorg ar an bhfear óg saonta; ‘inside’ an teidil ag tagairt don bhraighdeanas agus don chlaochlú meoin araon.

Tá cúrsaí ag teacht go cnámh na huillinne don seanathair bocht (Roddy) chomh maith agus cúiteamh á lorg ag bithiúnaigh na ndrugaí.

Is saothar é seo atá go hiomlán teann as féin agus bíodh go bhfuil rian den chlár faisnéise ar an rud ar fad ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil an scannán seo, ina shlí shainiúil féin, lán le teannas agus drámatúlacht. Is léir gur fhág an taighde a rinneadh le hiarphríosúnaigh rian dearfach ar an scríbhinn. Tugann na haisteoirí ar fad, an ceann feadhna óg ach go háirithe, taispeántais chumasacha, chaolchúiseacha uathu.

Níl aon ardú ag baint leis an gcríoch agus táimid in amhras go bhfuil an buille buailte agus an gaiste tabhartha.

Fág freagra ar 'Scéal stuifiúil cumhachtach le hinsint ag ‘Michael Inside’'