‘Scéal na Gaeilge’ le fáil ar Youtube in am do Scoil Gheimhridh Merriman

Tá an scannán ‘Scéal na Gaeilge’, a bheidh á phlé ag Scoil Gheimhridh Merriman tráthnóna, ar fáil saor in aisce ar Youtube chomh maith

‘Scéal na Gaeilge’ le fáil ar Youtube in am do Scoil Gheimhridh Merriman

Déanfar plé ar an scannán Scéal na Gaeilge mar chuid de Scoil Gheimhridh Merriman.

Beidh an tOllamh Alan Titley agus Ciarán Ó Cofaigh, láithreoir agus léiritheoir na sraithe a craoladh ar dtús ar TG4, i láthair ag ócáid ar líne ag 7.30pm anocht, Dé Sathairn an 30 Eanáir. Craolfar míreanna ó ‘Scéal na Gaeilge’ agus beidh plé ann fúthu le Titley agus Ó Cofaigh.

Is í Máire Ní Neachtain a chuirfidh an ócáid ar Zoom i láthair agus is féidir freastal uirthi ach dul chuig an nasc seo.

Déanann Scéal na Gaeilge cur síos ar stair theanga na Gaeilge trí breathnú ar na scéalta a bhaineann léi sa stair agus sa mhiotaseolaíocht. 

An tOllamh Alan Titley a chuireann an scéal i láthair le cabhair míreanna beochana.

Craoladh an scannán ina dhá chuid ar dtús in 2012.

D’fhógair an comhlacht léiriúcháin ROSG, a rinne an scannán a léiriú, go bhfuil Scéal na Gaeilge anois ar fáil saor in aisce ar Youtube.

Meastar gur áis mhaith a bheadh ann d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus mic léinn meáin scoile. 

Tá an scannán roinnte ina shé chuid ar Youtube agus is féidir teacht air anseo.

Fág freagra ar '‘Scéal na Gaeilge’ le fáil ar Youtube in am do Scoil Gheimhridh Merriman'