Scéal Micko nó Pep i ndán d’Áth Cliath agus ceachtanna spórt eile ón deireadh seachtaine

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí na bhfoirne Gaeltachta agus scéalta móra spóirt an deireadh seachtaine

Scéal Micko nó Pep i ndán d’Áth Cliath agus ceachtanna spórt eile ón deireadh seachtaine

Mick O'Dwyer. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Scéal Micko nó Pep i ndán d’Áth Cliath

Fógraíodh deireadh ré ag an deireadh seachtaine agus cinneadh déanta ag Jim Gavin éirí as a chúram mar bhainisteoir ar fhoireann peile Átha Cliath. Bhuaigh Áth Cliath Craobh na hÉireann sé huaire sna seacht mbliana a chaith sé i gceannas ar an bhfoireann agus chuir siad a n-ainm sa Táin nuair a bhuadar an cúigiú craobh as a chéile mí Mheán Fómhair seo caite.

Tá fear nua le ceapadh anois áfach agus, mar atá feicthe againn sa pheil agus i spóirt eile, ní bhíonn sé éasca teacht i gcomharbacht ar bhainisteoir ar éirigh chomh maith sin leis.

Tá comparáid á déanamh idir imeacht Gavin agus imeacht Mick O’Dwyer ó Chiarraí i 1989. Is deacair comparáid dhíreach a dhéanamh eatarthu, áfach. Nuair a d’éirigh O’Dwyer as, bhí foireann Chiarraí ag dul ar gcúl. Cé go raibh craobh na hÉireann buaite acu ocht n-uaire idir 1975 agus 1986 faoi cheannas O’Dwyer, níor éirigh leo Craobh na Mumhan féin a bhuachan sna trí bliana deiridh dá réim.

Ní fhéadfaí a rá go bhfuil foireann seo Átha Cliath ag dul in olcas. Bhí deichniúr den fhoireann a thosaigh i gcoinne Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann 26 bliain nó níos óige.

Buille ollmhór a bheadh ann dá n-éireodh Stephen Cluxton as an imirt anois ach bheadh an fhoireann is láidre sa tír fós ar fáil ag an mbainisteoir nua.

B’fhéidir gur fearr comparáid a dhéanamh idir cás Átha Cliath anois agus cás Barcelona in 2012. Ag an am, bhí Pep Guardiola díreach tar éis a phost mar bhainisteoir ar an bhfoireann a fhágáil tar éis dó an tsraith a bhuachan trí huaire agus Sraith na gCuradh a bhuachan faoi dhó sna ceithre bliana a chaith sé i gceannas ar Barcelona.

Measadh go mbeadh sé thar a bheith deacair na gaiscí a rinne sé a shárú ach cé go raibh ceathrar sa phost ó shin, níor thit an tóin as cúrsaí. Sna seacht mbliana ó d’imigh Guardiola, tá La Liga buaite cúig uaire ag Barcelona agus Sraith na gCuradh buaite uair amháin acu.

 

An Daingean imithe chun tosaigh ar fhir na Gaeltachta i gCraobh Chiarraí Thiar

Bhí bua maith ag Daingean Uí Chúis i gcluiche ceannais Chraobh Chiarraí Thiar agus fuair siad an ceann is fearr éasca go maith ar fhoireann na Gaeltachta a bhí curtha dá mbuille toisc scata imreoirí tábhachtacha a bheith in easnamh orthu.

Bua aon phointe dhéag a bhí ag foireann an Daingin, 0-20 in aghaidh 0-9, agus an chraobh áitiúil buaite acu den seachtú huair déag, ceann amháin níos mó ná mar atá buaite ag an nGaeltacht.

Bhí Paul Geaney agus a chol ceathrar Conor ag imirt ar fheabhas don Daingean le roinnt seachtainí anuas. Bhí an bheirt i mbarr a maitheasa arís inné agus d’aimsigh siad cúig phointe an duine.

Bhí Roibeard Ó Sé, Dara Ó Sé, PJ Mac Láimh, Ruaidhrí Ó Beaglaoich agus Cian Ó Murchú ar iarraidh agus d’fhág sé sin go raibh ceannas iomlán ag foireann láidir an Daingin ar an gcoimhlint.

D’aimsigh an Daingean an chéad sé phointe sa chluiche agus cé gur éirigh le hÉanna Ó Conchúir agus Óigí Ó Sé an Ghaeltacht a thabhairt ar ais sa chluiche, bhí siad fós trí phointe chun deiridh ag leath ama, 0-9 in aghaidh 0-6.

Chuir an Daingean tús maith leis an dara leath agus fuair siad naoi bpointe sa chéad 12 nóiméad chun a gcomharsana a chur de dhroim seoil.

 

Ultan Doherty, Naomh Conaill. Pictiur: INPHO/Evan Logan

Fágadh an iomarca le déanamh ag Naomh Conaill

An bua is mó a léirigh foireann seo Naomh Conaill in 2019 ná a fheabhas agus a bhí siad sa chosaint agus a laghad cúl a ghéill siad. Roimh chluiche ceannais Uladh inné, ní raibh aon chúl scaoilte isteach acu le cúig chluiche anuas ach chlis orthu i gcoinne Chill Chua ar an Ómaigh.

Ní raibh na Conallaigh in ann ag coisíocht a gcéilí comhraic agus rinne Darryl Branagan go háirithe scrios. Bhí an leathchúlaí lárnach sa chéad chúl a d’aimsigh seaimpíní an Dúin nuair a ghearr Branagan trí chosaint Naomh Conaill agus is é a dheartháir, Aidan, a chuir críoch leis an ngluaiseacht nuair a tháinig sé aníos ón líne lánchúil.

D’fhág an scór sin go raibh Naomh Conaill seacht bpointe chun deiridh agus gan ach cúpla nóiméad fágtha sa chéad leath ach d’éirigh leo dhá chúl a aimsiú idir sin agus leath ama chun pointe amháin a fhágáil idir na foirne ag an mbriseadh.

Rinne Darryl Branagan scrios arís tar éis 38 nóiméad nuair a d’éirigh leis an dara cúl a scóráil do Chill Chua, rud a d’fhág go raibh siad imithe sé phointe chun tosaigh agus gan ach 20 nóiméad imeartha.

D’éirigh le Naomh Conaill an farasbarr a laghdú go dtí aon phointe amháin arís ach theip orthu an comhscór a fháil.

 

Mick McCarthy. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Ábhar dóchais d’Éirinn ag EURO 2020

Rinneadh an tarraingt do EURO 2020 ag an deireadh seachtaine agus bhí ábhar dóchais ann d’Éirinn, sin má éiríonn leo áit a bhaint amach ag an gcomórtas. Má éiríonn le foireann Mick McCarthy teacht slán ó na cluichí cáilithe, beidh siad istigh i nGrúpa E leis an Spáinn, an Pholainn agus an tSualainn.

Ní hamháin sin, ach bheadh siad ag imirt sa bhaile i gcoinne na Polainne agus na Sualainne sula mbeadh orthu dul chomh fada le Bilbao chun aghaidh a thabhairt ar na Spáinnigh. Bainfidh an dá fhoireann is fearr áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais agus bheadh deis mhaith ann go mbeadh áit ann don fhoireann a bheidh sa tríú háit chomh maith.

Cinnte ní hé an grúpa is deacra é, go háirithe i gcomparáid le cuid de na mórchomórtais eile inar ghlac Éire páirt iontu.

Faoi láthair, tá an Spáinn san 8ú háit i rangú domhanda FIFA, tá an tSualainn sa 17ú háit agus an Pholainn sa 19ú háit.

Ag EURO 2016, bhí Éire sa ghrúpa céanna leis an Bheilg (2ú háit), An Iodáil (12ú háit) agus an tSualainn (35ú háit). Bhí grúpa iontach deacair ag Éirinn ag EURO 2012 nuair a bhí an Spáinn (1), An Chróit (8) agus an Iodáil (12) leo. Chuaigh an Spáinn agus an Iodáil chomh fada leis an gcluiche ceannais.

Tharla an rud céanna nuair a ghlac Éire páirt i mórchomórtas na hEorpa den chéad uair i 1988. D’imir an Ísiltír agus an tAontas Sóivéadach in aghaidh a chéile sa chluiche ceannais tar éis dóibh teacht slán ó ghrúpa na hÉireann. Bhí Sasana sa ghrúpa céanna chomh maith.

Beidh Éire muiníneach go maith go mbeadh siad in ann teacht slán ó Ghrúpa E an samhradh seo chugainn, ach caithfidh foireann Mick McCarthy dhá chluiche cáilithe a bhuachan i mí an Mhárta sula dtosóidh siad ag smaoineamh air sin.

Fág freagra ar 'Scéal Micko nó Pep i ndán d’Áth Cliath agus ceachtanna spórt eile ón deireadh seachtaine'