Scéal mhadra na n-ocht gcos déanta de dhineasáir Jurassic Park

Téann ‘Jurassic World – Fallen Kingdom’ síos bóithríní atá siúlta go minic cheana, ach más cuma leat sin agus más áin leat an iomaire seo bainfidh tú súp as

Scéal mhadra na n-ocht gcos déanta de dhineasáir Jurassic Park

Jurassic World – Fallen Kingdom

Stiúrthóir: J.A. Bayona

Cliar: Bryce Dallas Howard, Chris Pratt, Ted Levine, Jeff Goldblum, Toby Jones, James Cromwell, Daniella Pineda, Justice Smith.

Tuairim is cúig bliana ar fhichid ó shin sroicheadh cloch mhíle scannánaíochta nuair a chuir draoi na heachtraíochta, Steven Spielberg, ceann de na scannáin mhór-eachtraíochta is taibhsiúla riamh os ár gcomhair. Níorbh aon iontas gur éirigh le Jurassic Park trí dhuais Oscar a chrochadh leis (más sna rannóga teicniúla féin é).

Tá an radharc úd inar leagamar súil ar an gcéad dineasár greanta i gcuimhne an lucht féachana agus i stair na scannánaíochta araon. Aoibh an iontais agus na halltachta ag teacht ar charachtair Sam Neill agus Laura Dern is iad faoi dhraíocht an Brachiosaurus ollmhór. Scór suaithinseach le John Williams ag éirí as. Deirimse fáilte go Jurassic Park leat.

Ní hin aon t-aon uair go raibh ár súile ar leathadh againn agus sin sceimhlithe inár mbeatha. An seat teann úd den uisce ag crith sa chupán, an seat leathan don T-Rex caithréimeach ag búireach os cionn na creiche agus a lán míreanna  eile nach iad. Scannán mór-eachtraíochta eiseamláireach a d’fhág lorg nach beag ar an seánra.

D’imigh sin agus tháinig seo. Agus an cúigiú gála, Jurassic World: Fallen Kingdom, curtha dínn againn anois is cinnte go bhfuil an draíocht agus an t-iontas sleamhnaithe uainn. Dá fheabhas iad na maisiúcháin agus dá fhiáine is dá shnasta é an t-aicsean, tá an rud ar fad feicthe go mion minic cheana againn Tá na tréithe agus na ciútaí ag imeacht chun leadráin. Tá an táirge bunaidh tar éis srathair a leagadh ar a chomharbaí ó thaobh an scéil agus na stíle.  Cinntíonn an tóir atá ar ghníomhartha na ndineasár, áfach nach dtiocfaidh deireadh leis na scannáin leantacha (tá an séú ceann ar na bacáin le tamall). 

D’imigh an phraiseach ar fud na mias agus na dineasáir ar fud na páirce téama sa saothar a tháinig os ár gcomhair in 2015. Tógann an saothar seo ar an scéal sin agus an bheirt cheann feadhna ag filleadh ar Isla Nublar. Ag an bpointe seo, agus i bhfianaise an scrios atá déanta ag dineasáir le cúig bliana ar fhichid, bhí leithscéal tathagach de dhíth. Leis an aiteas a chur i gceann na háiféise deirtear go bhfuil bolcán atá ag brúchtaíl ar tí créatúir Jurassic a chur de dhroim seoil. ’Vae linn ansin síos bóithríní atá siúlta go minic cheana; liúdramáin agus bithiúnaigh á n-alpadh, cúbláil, leanaí diongbháilte, dríodar cainte, tóraíocht, carúlacha grinn agus seatanna cuidsúlacha dos na hainmhithe. Sa cheathrú gála tosaíodh ag trácht ar ainmhithe corchineálacha mar aon le clóin. Déantar scéal mhadra na n-ocht gcos den toise sin anseo.

Lena cheart a thabhairt don saothar seo, tá na míreanna aicsin snasta, go mór mór sa radharc tosaigh a chuirfidh ar cipíní tú. Lena chois sin tá splanc idir an bheirt cheann feadhna caithiseacha, Howard agus Pratt. Más áin leat an iomaire seo bainfidh tú súp as in ainneoin go bhfuil sé feicthe cheana agat.

Fág freagra ar 'Scéal mhadra na n-ocht gcos déanta de dhineasáir Jurassic Park'