Scéal léanmhar Hiroshima, Nagasaki agus na ‘Atomic People’

Fuíoll áir bhuamaí Hiroshima agus Nagasaki ag roinnt a gcuimhní cinn

Scéal léanmhar Hiroshima, Nagasaki agus na ‘Atomic People’

Bhí rath thar na bearta le Oppenheimer anuraidh, scannán le Christopher Nolan a thug cuntas ar thosach na ré núicléiche. Saothar tathagach a dhein cíoradh ar chorraíl intinne cheann feadhna an togra, J. Robert Oppenheimer. Sa chlár faisnéise Atomic People (BBC, Dé Céadaoin) tugadh cuntas truamhéalach, scanrúil ar eachtraí léanmhara an 6ú agus 9ú Lúnasa 1945.

Hibakusha a baisteadh ar mhuintir Hiroshima agus Nagasaki a tháinig slán ó na buamaí núicléacha a scaoil na Meiriceánaigh leo agus mheabhraigh an clár seo dúinn, cé gur thug siad na cosa leo ar na laethanta cinniúnacha úd níor tháinig siad slán, óir go raibh uafás na mbuamaí ina néal os a gcionn ar feadh a saoil.

Croílár an chláir chumhachtaigh seo ná go mbailítear scata den bhfuíoll áir le chéile lena gcuimhní cinn a roinnt linn. Bhí ana-chuid acu idir 3 agus 15 bliain d’aois ag an am (bhí duine acu dhá bhliain is fiche) rud a fhágann go bhfuilid ar fad sna hochtóidí agus nóchaidí anois.  Fágann sin go bhfuil an-tábhacht le saothar a bhailíonn a gcuntas sula sleamhnaíonn siad uainn.

Meastar gur 210,000 duine a maraíodh de bharr na mbuamaí agus faoi mar a dúradh linn ag tosach an chláir bhí a scéalta agus a ndrámaí féin acu ar fad. Labhraíodar ar dtús faoina n-óige i rith an Dara Cogadh Domhanda; sochaí urramach a raibh a n-intinn múnlaithe i dtreo in impiriúlachais. Leabhair Bhéarla á ndó, bábóga le haghaidheanna saighdiúirí Meiriceánacha á sá.

Thit an chéad bhuama ar luas 300,000 ciliméadar in aghaidh an tsoicind. “Ba gheall le titim na gréine é,” a dúradh linn. 350,000 duine a bhí in gcónaí sa chathair ag an am, maraíodh 78,000 acu ar an toirt. Deineadh slad eile in Nagasaki trí lá ina dhiaidh sin mar ar maraíodh 40,000 duine ar an bpointe.

Tráchtadh ar iarmhairtí na buamála go sollúnta léanmhar; daoine ag siúl timpeall agus an craiceann ag sileadh anuas díobh cosúil le “seanéadach”, “feamainn” nó “céir ag titim de choinneal”. Duine eile ag siúil timpeall agus a orgáin inmheánacha ina dhá lámh aige.

Galaíodh mórán agus ní raibh de rian díobh fágtha ach a scáil dhóite ar an tsráid. “Brón nach féidir focail a chur leis,” a deir marthanóir amháin linn. É sin ar fad á chur taobh le haitheasc Truman is é ag déanamh gaisce faoin ngléas fíochmhar nua a bhí ag Meiriceá.

Ba é uafás na laethanta sin tosach an anró. Nimhiú radaíochta ag ciapadh an phobail, Meiriceá ag iarraidh iarmhairtí na buamála a cheilt agus a fhiosrú ag an am céanna. Na Hibakusha fágtha mar mhuca guine agus gan aon chúram ceart á dhéanamh dóibh. 90,000 eile ag imeacht ar shlí na firinne roimh dheireadh 1945.

Fiú nuair a d’imigh na Poncánaigh d’fhan an smál. Muintir na Seapáine féin ag ceapadh go raibh galair na Hibakusha tógálach agus leisce ar dhaoine iad a phósadh. Stiogma agus marbh-bhreitheanna agus galair á leanúint go dtí an lá atá inniu ann.

Marthanthóir amháin ag trácht ar bhás a mhic le hailse agus an tslí ar chuir bean a mic an milleán uirthi-se.

Clár cumhachtach agus ana-thábhachtach agus buamaí Hiroshima agus Nagasaki á gcomóradh againn an tseachtain seo.

Fág freagra ar 'Scéal léanmhar Hiroshima, Nagasaki agus na ‘Atomic People’'

  • WTF

    Agus an mó Oscar a bhronnfar ar an gclár sin?