Scéal le hinsint ag líon na gcarranna DL agus D ar bhóithre Ard Mhacha

DIALANN UÍ MHUIRÍ: Ropairí, grósaeirí agus geansaithe; súil eile idirlín; agus soilse glasa Matthew McConaughey…

Scéal le hinsint ag líon na gcarranna DL agus D ar bhóithre Ard Mhacha

Shocraigh an rialtas i mBaile Átha Claith go stopfadh siad an trácht aduaidh an tseachtain seo caite mar gheall ar na srianta nua. Stop na Gardaí oibrithe agus earraí ag an Teorainn le fáil amach cé acu an raibh cead acu leanstan ar aghaidh nó nach raibh. Bhí tranglam tráchta ann a shín siar roinnt mílte ar an bhóthar thuaidh dá bharr sin. Tuairiscíodh gur dhúirt bean amháin gur thóg an turas ón Iúr go dtí a hoifig i nDún Dealgan beagnach trí huaire uirthi. Turas leathuaire, ar a mhéid, a bhíonn ann de ghnáth. (Ach níl vóta ar bith aici sin sa Stát lena míshásamh a chur in iúl d’Fhianna Gael. Tigh an diabhail léi, raidht?)

An chéad cheist a chuireann tú ort féin ná cé mhéad duine a bhíonn ag taisteal ar na saolta seo mura mbíonn cúis mhaith acu leis? Déarfainn gur beag duine faoin am seo. Arbh fhiú an tairbhe an trioblóid?

An dara rud a ritheann leat ná nach raibh an rialtas i mBaile Átha Cliath le ceangal nuair a chreid siad go raibh contúirt do chúrsaí gnó ann mar gheall ar an Bhreatimeacht agus teorainn chrua? Ach tá siad féin i ndiaidh teorainn chrua a chruthú de bharr a gcuid riachtanas féin. Más ea, cad chuige nach féidir leis an rialtas i Londain an rud céanna a dhéanamh?

Thairis sin, dá stopfadh an PSNI carranna as Dún na nGall, abair, ag trasnú na Teorann, an mbeadh Micheál agus Leo sásta? Scéal le hinsint líon na gcarranna DL agus D a bhíonn le feiceáil ar bhóithre Ard Mhacha agus Thír Eoghain tráthnóna Aoine agus iad ag filleadh ar an ghort Chonallach.

Má chreideann rialtas Mhichíl agus Leo go bhfuil contúirt sa trácht aduaidh, ar chóir go mbeadh eagla ar na Nordies faoin trácht aneas?

Tá lucht gnó ar an dá thaobh den Teorainn ar an ghannchuid le fada ach is féidir leat rudaí a ordú ar líne go fóill. Is léir sin don dall go raibh drochthionchar ag an ordú ar líne ar an ghnó áitiúil; súnn sé postanna agus airgead as ceantar. Is léir fosta nach féidir le daoine airgead a thabhairt do ghnó áitiúil má bhíonn srian ar na nithe a bhfuil cead ag an ghnó sin a dhíol.

Ó tháinig deireadh leis an fhoréigean (den chuid is mó sa Tuaisceart), tá pobail ar an dá thaobh den chlaí isteach agus amach as bailte fearainn a chéile; ag cur aithne ar a chéile arís eile; lucht an Deiscirt le feiceáil sna hionaid siopadóireachta agus lucht an Tuaiscirt ar lorg sladmhargaí agus eile ó dheas.

Beidh ar Ultaigh ar an taobh theas den chlaí cúlbhóithre an chúige (stairiúil) a thaisteal ar nós The Dukes of Hazzard go ceann tamaill. Ach in áit buidéal de ‘loinnir na gealaí’ ar chúl an chairr acu, beidh lasta knickers agus geansaithe as Tesco agus Marks and Sparks an Tuaiscirt acu agus Steve Earle á gcomóradh fad an bhealaigh: ‘Now Daddy ran whiskey in a big block Dodge/Bought it at an auction at Mason’s Lodge.’

(A Thiarna, an i bhfad uainn an Active Sock Unit?)

Lá ocrais ar Mhicheál Martin ná Leo Varadkar ní bheidh go deo. Ach ropairí nua na Teorann? Cé a thógfadh orthu é an bua is mó agus is féidir a bhaint as a gcuid airgid ar na saolta léanmhara seo? Cad é an dóchas atá ann go mbeidh a dhath ar bith ag gnáthdhuine ar bith i ndiaidh na tubaiste seo?

Súil eile idirlín

Alex Kurtzman. Pictiúr: Gage Skidmore

Sea, tá gráin ag Daonlathaigh ar Phoblachtánaigh agus olltoghchán na Stát Aontaithe ag teacht chun deiridh. Tá goimh chomh láidir céanna ar chuid mhór dílseoirí Star Trek leis an léiritheoir Alex Kurtzman, é siúd atá freagrach as Star Trek: Discovery.

Tá an tríú sraith de Discovery i ndiaidh tosú ar Netflix. Níor luaithe gur thosaigh, gur chroch lucht cáinte Kurtzman físeáin ar YouTube agus iad ag déanamh léirmheasa ar a raibh ann. Shaothraigh na físeáin seo cúpla céad amharc ar éigean agus shaothraigh cuid eile acu na mílte. Mar sin féin, tá YouTube breac leo agus, má aimsíonn tú an sprioc mar chruthaitheoir ábhair, aimseoidh tú margadh agus lucht féachana.

Tá Nerdrotic ar cheann de na cainéil YouTube is mó a bhíonn ag plé le cúrsaí fics-eol agus lucht leanúna 300,000 acu. Murab ionann agus mórán eile, bíonn sé ciallmhar, bíodh is go bhfuil nimh san fheoil aige do Kurtzmann agus a bhfuil déanta aige de Star Trek.

Tharla go raibh mé ag amharc ar a léirmheas ar an tsraith nua de Discovery agus beoshruth ar bun aige nuair a chuir breathnóir as an Astráil ceist ar líne air an raibh sé i dteagmháil le Dave Cullen agus cad é a bharúil de bhéim nua Cullen ar a chainéal, Computing Forever, ar chúrsaí polaitíochta? Fear maith a bhí ann mar Cullen, a dúirt Nerdrotic, agus dóchas aige go ndéanfadh siad mír inteacht le chéile go luath amach anseo.

Oiread chéanna le Nerdrotic, tá mórán míreanna ag Cullen ar chúrsaí fics-eol ar a chainéal ach tá athrú béime ar chúrsaí polaitíochta le tamall anuas. (Agus seo á scríobh, agallamh leis an scríbhneoir John Waters ar an dianghlasáil nua an mhír is nuaí ag Cullen). 460,000 de lucht leanúna atá ag Computing Forever agus is léir go mbíonn na mílte ag amharc ar a chuid físeán.

Sea, is ait an mac an t-idirlíon. Sin duine san Astráil i dteagmháil le fear i San Diego faoi obair a dhéanann fear i mBaile Átha Cliath; ceisteanna domhanda, cumarsáid ar neamhchead na meán traidisiúnta agus taobh amuigh de na rialacha a cheadaíonn na meáin chéanna sin.

Súil eile idirlín.

Soilse Glasa

Agus ag caint ar YouTube agus popchultúr. Tá leabhar nua scríofa ag Matthew McConaughey, aisteoir: Greenlights. Níl amhras ar bith ann ach gur de bhunadh na hÉireann é McConaughey. Murar leor sloinne a athar – Mac Dhonnchaidh – Mary Kathleen McCabe atá ar a mháthair!

Bhí McConaughey faoi agallamh ag Joe Rogan ar a sheó féin, The Joe Rogan Experience, ar na mallaibh agus tá sé sin le feiceáil ar YouTube faoi láthair. Caint an-spéisiúil (agus an-fhada) atá ann a léirigh na buanna agus díomuanna a bhaineann leis an phodchraoladh. Cinnte, ní bhíonn deifir ar bith ar aon aoi a chuid cainte a dhéanamh ach, dá spéisiúla an t-aoi, cé a chuirfeadh cluas le héisteacht air féin go ceann dhá uair an chloig?

Bíodh sin mar atá, is ceart agus is cóir go dtabharfaimis tacaíocht don scríbhneoir Éireannach seo de chuid an diaspora agus tá mé ar fáil má tá fonn ar an Eagarthóir mé a chur anonn go Texas le hagallamh dhá uair a chloig eile a dhéanamh leis.

Fág freagra ar 'Scéal le hinsint ag líon na gcarranna DL agus D ar bhóithre Ard Mhacha'