‘Scéal iontach Gaeltachta é go mbeidh beirt ó Uíbh Ráthach ag stiúradh cúrsaí caide i gCiarraí’

Deir Dara Ó Cinnéide go raibh díomá air nach bhfuil an fhoireann bainistíochta a raibh seisean mar chuid di le ceapadh, ach go ndéanfaidh Jack O’Connor jab maith agus é ag filleadh ar fhoireann na Ríochta

‘Scéal iontach Gaeltachta é go mbeidh beirt ó Uíbh Ráthach ag stiúradh cúrsaí caide i gCiarraí’

“Scéal iontach Gaeltachta” é go bhfuil beirt ó Uíbh Ráthach le bheith ag stiúradh cúrsaí peile I gCiarraí sna blianta amach romhainn, dar le Dara Ó Cinnéide, iarchaptaen na Ríochta.

Fógraíodh ag an deireadh seachtaine go bhfuil Jack O’Connor le moladh mar bhainisteoir nua ar fhoireann shinsir peile na Ríochta agus tá fear eile ó chumann Phiarsaigh na Dromoda, Declan O’Sullivan, i gceannas ar fhoireann faoi 20 Chiarraí i láthair na huaire.

Beidh O’Connor i bhfeighil ar fhoireann na sinsear den tríú huair. Bhuaigh sé craobh na hÉireann cheana leo in 2004, 2006 agus 2009.

Agus é ag labhairt ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltacht, dúirt Ó Cinnéide, a bhí ina chaptaen ar Chiarraí in 2004, go raibh díomá air nár roghnaíodh an grúpa bainistíochta a raibh sé féin mar chuid di.

Ach thréaslaigh sé a mbua le O’Connor agus na fir eile a bheidh leis, Diarmuid Murphy ón nDaingean agus Mike Quirke ó Thrá Lí, beirt eile a d’imir le Ciarraí nuair a bhí O’Connor i bhfeighil na foirne cheana.

Bhí Dara Ó Cinnéide mar chuid de ghrúpa eile a chuir isteach ar an mbainistíocht. Ina theannta sa ghrúpa sin, bhí Stephen Stack, beirt iarchaptaen eile ar an Ríocht, Séamus Moynihan agus Mickey Ned O’Sullivan, agus na cóitseálaithe aitheanta, Donie Buckley agus Joe O’Connor.

D’fhógair Coiste Bainistíochta Chiarraí tráthnóna Dé hAoine, áfach, go mbeadh O’Connor á mholadh chun teacht in áit Peter Keane, a bhí mar bhainisteoir ar Chiarraí le trí bliana anuas agus a bhí istigh ar théarma eile.

Chaithfeá “comhghairdeachas” a dhéanamh le Jack O’Connor, arsa Dara Ó Cinnéide.

“Déanann Jack jab maith i gcónaí nuair a théann sé isteach. Tá fear an-mhaith ina theannta, Ó Murchú an Daingin.”

Dúirt Ó Cinnéide gur léiriú é ar an gcumas atá ag imreoirí Chiarraí go raibh géariomaíocht ann don phost.

“Bhuaileas le duine de na himreoirí ar shráideanna an Daingin ar an Aoine, sular fógraíodh an rud seo, agus dúirt leis gur an-chomhartha agus ana-theist ar na himreoirí atá ann faoi láthair go mbeadh iomaíocht ann ag daoine ag iarraidh a bheith ina mbaill de bhainistíocht ar fhoireann sinsir Chiarraí. Tá a fhios againn uile, bunaithe ar an bhfianaise atá feicthe againn, ní rabhadar i bhfad uaidh [Corn Mhig Uidhir].”

Dúirt Ó Cinnéide go raibh sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do Peter Keane agus a chomhghleacaithe as an obair rinne siad le trí bliana anuas.

Bhí “an-chuid” déanta i gceart acu, dar le Ó Cinnéide, ach bhí a dtréimhse istigh agus gan Craobh na hÉireann buaite ag Ciarraí lena linn.

Dúirt an Cinnéideach gur ghoill sé air nuair nach mbíodh Ciarraí i gcluichí ceannais na hÉireann agus gurb in an chúis go raibh sé mar chuid de ghrúpa a chuir isteach ar an mbainistíocht é féin.

“Iarimreoirí go háirithe, sin é atá uathu i gcónaí. Iomaíocht. Ní féidir a bheith ag imirt, ní féidir faic eile a dhéanamh do Chiarraí agus bhí sé in am ag cuid againn léimt anuas ón gclaí chomh maith agus tabhairt fé. Lámh a chur in airde agus a rá, ‘Féach, teastaíonn uaim cabhrú’ mar briseann sé ár gcroí nach bhfuil Craobh na hÉireann a’ teacht go dtí Ciarraí.”

Dúirt Ó Cinnéide go gceapann sé go ndéanfaidh O’Connor agus a chriú jab maith le Ciarraí ach gur trua leis nach bhfuil áit ann don traenálaí iomráiteach Donie Buckley.

“Tá díomá orm do leithéidí Donie Buckley níos mó ná d’aon duine eile. Is dóigh liom go bhfuil an-chuid le tabhairt aige siúd agus aon imreoir a d’oibrigh leis, aithníonn siad é sin. Is mór an trua nach féidir leis a chion féin a dhéanamh do Chiarraí, do chúrsaí caide i gCiarraí mar níl faic eile ina cheann ach cúrsaí caide i gCiarraí.”

Ceapfar Jack O’Connor ina bhainisteoir go hoifigiúil nuair a thiocfaidh Bord Contae Chiarraí le chéile ar an 4 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar '‘Scéal iontach Gaeltachta é go mbeidh beirt ó Uíbh Ráthach ag stiúradh cúrsaí caide i gCiarraí’'