Roghnaíodh club rugbaí Gaeltachta le hionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann i sraith físeán a chraolfar ar fud na cruinne an fómhar seo. Beidh scéal Rugbaí Chorca Dhuibhne, an club rugbaí is sia siar san Eoraip, mar chuid de shraith nua teilifíse a chraolfar ag tús agus deireadh na gcluichí le linn Chorn Rugbaí an Domhain.
Roghnaíodh club amháin as gach tír a bheidh páirteach sa chomórtas idirnáisiúnta, agus dar le Niamh Ní Bhaoill, OCP Rugbaí Chorca Dhuibhne, is mór an onóir dóibhsean gur roghnaíodh iad chun ionadaíocht a dhéanamh ar son chlubanna rugbaí na hÉireann.
“Spiorad, dúthracht agus fuinneamh na n-imreoirí a mheall na léiritheoirí chuig club beag cosúil linne, chomh maith leis an timpeallacht aoibhinn, na pearsana sa chlub agus an Ghaelainn chomh maith,” a deir Ní Bhaoill.
Is iad an comhlacht léirithe Partizan atá ag cur na sraithe le chéile agus is é aidhm na físeáin ná chun an díograis, paisean agus spiorad atá ag an gnáthphobal don spórt a thaispeáint. “Is daoine iad seo a thugann a gcuid tráthnónta chun dul ag traenáil, a oibríonn go cruaidh chun airgead a bhailiú agus a thugann rugbaí isteach i gcroílár an phobail,” a deir Niamh Kennedy, léiritheoir le Partizan.
Tá foireann léirithe de dhosaen daoine ó Partizan ag déanamh a slí go Corca Dhuibhne an tseachtain seo chun taifeadadh a dhéanamh agus is léir gurb í áilleacht iarthar Chiarraí ar cheann de na cúis a roghnaíodh an club, rud a thuig Ní Bhaoill.
“Ní hé amháin gur onóir é seo don club, ach deis iontach is ea é áilleacht na leithinse a thaispeáint dos na milliúin, nó na billiúin, b’fhéidir, de lucht féachana Chorn an Domhain sa Rugbaí.”
Beidh míreanna á dtaifeadadh leis an bhfoireann sinsear os cionn Ché Dhún Chaoin an Chéadaoin bheag seo, chomh maith le míreanna eile leis na himreoirí óga agus iad i mbun traenála is ag imirt cluichí ar pháirc imeartha an chumainn ar an Déardaoin.
Is é Corn Rugbaí an Domhain an 3ú imeacht is mó ar domhan i réimse an spóirt agus deirtear go mbíonn os cionn 250,000 duine ag breathnú ar an gcomórtas.
Deir iaruachtarán an chumainn, John Holstead, gur deis as an gcéad é seo an cumann a chur os comhair an domhain mhóir agus tá sé ag lorg chabhair an phobail chun é seo a dhéanamh.
“Tá Rugbaí Chorca Dhuibhne dóchasach go dtiocfaidh an pobal ar fad in Iarthar Dhuibhneach le chéile chun an deis seo a thapú an cumann rugbaí agus an ceantar aoibhinn a cheiliúradh agus a chur faoi bhráid an domhain mhóir.
“Táimid ag tabhairt cuireadh oscailte don bpobal ar fad a bheith inár dteannta ag an ngort ar an mBaile Loiscthe, Déardaoin, an 30ú lá ag 6i.n. chun páirt a ghlacadh sa taifead agus tacú leis na sinsir a bheidh ag imirt cluiche ag an am sin. Ba bhreá linn tacaíocht na leanaí, na dtuismitheoirí agus na scoileanna a fháil agus sinn ag glacadh páirte sa seisiún traenála na ‘Minis’ a bheidh á thaifead chomh maithar an Déardaoin ag a haon a chlog,” a dúirt Holstead.
Fág freagra ar 'Scéal foireann rugbaí Gaeltachta le craoladh ar fud na cruinne i rith Chorn an Domhain'