Scéal faoi amhrán ar leith agus ‘cosc na gobshites’

Níl a leithéid de rud ann agus drochphoiblíocht - is ag na Dubliners atá a fhios

Scéal faoi amhrán ar leith agus ‘cosc na gobshites’

Na Dubliners

I 1967 bhí cogadh Vítneam agus an agóidíocht ina choinne faoi bharr lasrach. Ba í bliain Shamhradh an Ghrá í agus bhí lucht cearta sibhialta ag éileamh a gcearta. Thug Muhammad Ali, a bhí i mbarr a mhaitheasa ag an am, an t-eiteach don choinscríobh. Phós Elvis agus bhí The Beatles is The Rolling Stones in airde láin. I mBaile Átha Cliath bhí grúpa ceoil traidisiúnta ag strácáil leo ag déanamh gigeanna sa gcathair. Fearaibh fhéasógacha, ghioblacha, dhrabhlásacha a chuir alltacht ar lucht na meánaoise is na meánaicme. Bhíodar ag cur cluain ar an dream óg a bhí aníos, áfach. Ina gcuid iarrachtaí dul chun cinn a dhéanamh in iomaire an cheoil chuadar fé chúram Phil Solomon, duine de stiúrthóirí Radio Caroline, an stáisiún loinge úd a thug dúshlán fhorlámhas an BBC. Ba é siúd a mhol dóibh Seven Drunken Nights a scaoileadh mar a gcéad singil. Thoilíodar. Bhí a gcóta bán déanta.

Chuir an clár faisnéise Cosc – Seven Drunken Nights (RTÉ1, Dé Máirt) scéal greannmhar ait an amhráin agus an fothragadh a lean é os ár gcomhair go paiteanta. Le Garry Mac Donncha mar reacaire againn insíodh dúinn go gcuaigh an t-amhrán tíriúil faoi fhear drabhlásach a bhfuil cocól á dhéanamh de i bhfeidhm ar an bpobal. Dar le RTÉ bhí an t-amhrán róghraosta dá lucht féachana goilliúnacha, soineanta agus dheineadar é a chosc.

Bhí rath thar na bearta ar an amhrán, áfach. Bhain na Dubliners uimhir a seacht amach i gcairteacha Shasana, agus Jimi Hendrix ag sodar ina ndiaidh. Tugadh cuireadh dóibh casadh ar an gclár mór-ráchairte Top of the Pops agus seinneadh físeán an amhráin trí sheachtain as a chéile. N’fhéadfaí a leithéid a chumadh.

Go deimhin tá ábhar scannáin i ndéanamh an fhíseáin chéanna. Earcaíodh an stiúrthóir ceannródaíoch Sasanach le tabhairt faoi. Tháinig sé go Baile Átha Cliath agus cé gur bheag a dhúil sa deoch b’éigean dó fanacht gob ar ghob leis na Bleá Cliathaigh. Dhúisigh sé an lá dár gcionn agus bean rua stróinséartha sa leaba leis, gan aon chuimhneamh aige ar imeachtaí na hoíche agus gan tásc ná tuairisc ar an gceamara. Bhí an ceamara tagtha slán ach n’fhéadfaí ach cúpla nóimint fánach den 40 nóimint a úsáid. D’éirigh leis na nóimint sin meon an amhráin agus an ghrúpa a thabhairt leo go seoigh.

Tá cuid mhaith de chomhghleacaithe ceoil John Sheahan imithe ar shlí na fírinne anois agus thug sé turas maoithneach, greannmhar, bródúil siar bóithrín na smaointe. Bhí ionchur ábalta as Gaeilge ó Áine Hensey, Pat Butler, Orla Ní Fhinneadha agus Seán Ó hÉanaigh. Meabhraíodh dúinn gur ó uncail Sheáin, an t-amhránaí clúiteach Seosamh Ó hÉanaí, a fuair na Dubliners an t-amhrán an chéad lá agus nár cheil siad an t-aitheantas sin riamh air.

Seosamh Ó hÉanaí i 1963

Tá an t-amhrán breis agus trí chéad bliain d’aois agus é le fáil in go leor tíortha.
Níor chuir siad aon stop le cosc na gobshites, faoi mar a thug Ronnie Drew orthu. Meabhraíodh dó go seinntí leaganacha Gaeilge den amhrán ar RTÉ sula raibh fothragadh faoin leagan Béarla. Ní raibh aon tuiscint ag mórán den phobal ar na lirící Gaeilge is dócha, nó b’fhéidir gurb amhlaidh go bhfuil an Ghaeilge níos tíriúla mar theanga.

Pé scéal é, is deas í a chloisteáil ar RTÉ.

Scéal ar leith faoi amhrán ar leith a chas banna ceoil ar leith.

 

Fág freagra ar 'Scéal faoi amhrán ar leith agus ‘cosc na gobshites’'