Scéal ‘an uaireadóra Gaeilge’ a raibh sciob sceab air sna 1980idí

Tháinig cartlannaí Chonradh na Gaeilge, Niamh Ní Charra, ar uaireadóir ‘Gaeilge’ i mbosca cartlainne

Scéal ‘an uaireadóra Gaeilge’ a raibh sciob sceab air sna 1980idí

Tá scéal ‘an uaireadóra Gaeilge’ a dtángthas air i gcartlann Chonradh na Gaeilge inste ag iar-uachtarán de chuid na heagraíochta.

Dhíol Conradh na Gaeilge “na mílte” uaireadóirí Gaeilge sna 1980idí mar chuid d’fheachtas bailithe airgid do Ghaelscoil Inse Chór, dar le hÍte Ní Chionnaith.

Tháinig cartlannaí Chonradh na Gaeilge, Niamh Ní Charra, ar cheann de na huaireadóirí i mbosca cartlainne a bhain le Craobh Mhaighneann in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, díreach sular dúnadh an ollscoil an mhí seo caite.

Roinn sí pictiúr den seanuaireadóir, agus na treoracha Gaeilge a ghabh leis, ar na meáin shóisialta le deireanas.

Íte Ní Chionnaith

In agallamh a rinne sí leis an iris NÓS, dúirt Íte Ní Chionnaith, iaruachtarán de chuid an Chonartha, a bhí ina ball gníomhach de Chraobh Mhaighneann de Chonradh na Gaeilge an t-am sin, go raibh an oiread sin éilimh ar na huaireadóirí digiteacha nárbh fhéidir le lucht a ndéanta “coinneáil suas leis na horduithe”. 

Bhí na huaireadóirí, a díoladh faoin ainm ‘Am Gaelach’, bunaithe ar uaireadóirí den chineál céanna a rinne gníomhaithe teanga Breatnaise sa Bhreatain Bheag agus chuaigh formhór an bhrabúis i dtreo na Gaelscoile ar an taobh ó dheas den chathair.

Bunaíodh an scoil i 1977 agus bhí baint ag Craobh Mhaighneann leis an scoil ón uair a bunaíodh í.

Bhíothas ag lorg bealaí nua-aimseartha le hairgead a bhailiú don scoil agus socraíodh na huaireadóirí nua-aoiseacha, nach raibh i bhfad ar mhargadh an Bhéarla, a dhíol. 

Uaireadóir grianchloiche a bhí in ‘Am Gaelach’, ar a raibh na focail ‘An Ghaeilge’ chomh maith le ‘am’, ‘dáta’, ‘lá’, ‘mí’, ‘uair’, agus ‘nóiméad’ scríofa. Bhí na treoracha agus an ‘ráthaíocht’ a chuaigh leis na huaireadóirí uilig i nGaeilge chomh maith. 

Agus í ag obair ón mbaile, tá Niamh Ní Charra ag roinnt grianghraf de mhíreanna éagsúla ó Chartlann an Chonartha mar chuid de threocht ar líne i measc cartlannaithe darb ainm #Archive30. Roinnfidh sí 30 mír ón gcartlann thar 30 lá. 

Fág freagra ar 'Scéal ‘an uaireadóra Gaeilge’ a raibh sciob sceab air sna 1980idí'

  • Gabriel Rosenstock

    Bhí an Conradh riamh roimh a am.

  • Antain Mac Lochlainn

    Is cuimhin liom ceann a ordú, ach bhí siad uilig díolta, faraor.