Scéal an Chiarraígh a rug ar an dúnmharfóir srathach ‘Son of Sam’ le hinsint ar TG4 anocht

Labhair Tuairisc.ie leis an iriseoir Duibhneach Séan Mac an tSíthigh faoina chlár nua mar gheall ar bhleachtaire as Ciarraí a rug ar dhuine de na dúnmharfóirí srathacha is aitheanta i stair Mheiriceá

Scéal an Chiarraígh a rug ar an dúnmharfóir srathach ‘Son of Sam’ le hinsint ar TG4 anocht

An t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh

Craolfar anocht ar TG4 clár faisnéise faoi Tim Dowd, bleachtaire as Ciarraí a bhí lárnach i gceann de na fiosrúcháin dúnmharaithe ba cháiliúla riamh i stair Mheiriceá.

In Son of Kerry, Son of Sam insítear scéal Tim Dowd, as Ciarraí, an príomhbhleachtaire i bhfiosrúchán David Berkowitz, dúnmharfóir srathach a chuir alltacht agus scéin ar phobal Nua-Eabhrac 40 bliain ó shin.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie inniu, dúirt an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh, atá ina láithreoir ar an chlár, gur tháinig sé ar Tim Dowd den chéad uair in 2014 agus scéal a bháis á léamh aige in alt a foilsíodh sa New York Times.

“Luadh san alt gur Ciarraíoch ab ea é ach ní chualas aon trácht air roimis sin. Dé ghnáth, bíonn go leor cainte faoi mhuintir Chiarraí a chuaigh ar imirce agus ar éirigh go maith leo ach thuigeas nach raibh puinn cur amach ag daoine mar gheall ar ghaiscí Tim Dowd,” a dúirt sé.

Sa chlár, téann Mac an tSíthigh go Nua-Eabhrac le labhairt le comhghleacaithe Dowd a raibh baint acu leis an fhiosrúchán, le duine a d’ionsaigh Berkowitz agus le hiriseoirí a bhfuil saineolas acu ar an scéal.

Rugadh Tim Dowd gar do Chaisleán na Mainge i gCiarraí sa bhliain 1915. Ba é an páiste ab óige as cúigear. Bhí sé ocht mbliana d’aois nuair a chuaigh a mhuintir ar imirce. Go Bostún a chuaigh siad ar dtús agus as sin go Nua-Eabhrac.

Agus oideachas maith faighte aige, chuaigh Dowd isteach sna póilíní, rinne sé dul chun cinn maith agus rinneadh bleachtaire de.

Ba i 1976 a thosaigh sé ag obair ar chás David Berkowitz, tráth a mharaigh an dúnmharfóir, i gceantar an Bronx, an chéad duine den seisear.

Deir Mac an tSíthigh gur “ag díriú ar lánúin óga” agus “ar mhná le gruaig dhonn” a bhí Berkowitz agus gur minic a ionsaíodh na lánúineacha agus iad “ag cúirtéireacht i ngluaisteán a bheadh páirceáilte taobh na sráide istoíche”.

“Bhí an scéal chomh mór san i mbéal an phobail ag an am go raibh an chathair ar fad imithe le gealaí agus an tír ar fad ag caint mar gheall air,” a dúirt láithreoir an chláir.

Sa chlár, a léirigh agus a stiúir Neal Boyle, léirítear gur éirigh Berkowitz níos ceanndána de réir a chéile nó gur thosaigh sé ag scríobh litreacha chuig an bhleachtaire Tim Dowd agus chuig iriseoirí a bhí ag plé leis an chás.

Mharaigh Berkowitz seisear agus ghortaigh sé seachtar eile go dona in achar 13 mhí sular rug Tim Dowd agus a fhoireann air.

Dúirt Mac an tSíthigh gur “fear an-chríochnúil agus an-dílis dá chuid oibre” ab ea Dowd, ar nós leis “gach rud a chinntiú agus a sheiceáil arís agus arís”.

“Fear umhal agus íseal uasal ab ea é chomh maith nár thaitin leis go mbeadh na meáin ag díriú air.

“Ní raibh spéis aige sa stádas nua a bhí á bhronnadh air. B’iomaí tairiscint a tháinig chuige chun leabhar a scríobh agus dhiúltaigh sé ar fad iad.”

Dúirt Mac an tSíthigh gurb iontach an rud é go bhfuil deis anois “aitheantas a thabhairt don ngaisce a dhein Tim Dowd i gceann des na cásanna is cáiliúla riamh i stair Mheiriceá.”

Craolfar Son of Kerry, Son of Sam anocht ag 9.30p.m. ar TG4.

Fág freagra ar 'Scéal an Chiarraígh a rug ar an dúnmharfóir srathach ‘Son of Sam’ le hinsint ar TG4 anocht'

  • tommy

    Ach an mbéarfaidh na Ciarraígh ar na dúnmharfóirí srathacha eile sin …na Dubs?