Scéal an Athar Ó Gríofa á thabhairt chun cuimhne ar líne anocht

Beidh léacht á tabhairt ag an staraí Cormac Ó Comhraí ar líne anocht faoin sagart, poblachtánach agus gníomhaí Gaeilge aitheanta, an tAthair Ó Gríofa, a dúnmharaíodh cothrom an ama seo céad bliain ó shin

Scéal an Athar Ó Gríofa á thabhairt chun cuimhne ar líne anocht

Beidh léacht á tabhairt ag an staraí Cormac Ó Comhraí ar líne anocht faoin sagart, poblachtánach agus gníomhaí Gaeilge aitheanta, an tAthair Micheál Ó Gríofa, a dúnmharaíodh cothrom an ama seo céad bliain ó shin.

Beidh an léacht á shruthú ó Bhearna na Gaillimhe, ceantar a raibh an-cheangal ag an Athair Ó Gríofa leis, mar chuid d’imeachtaí comórtha céad bliain a bháis.

Ar an 14 Samhain, 1920, a dúnmharaíodh an tAthair Micheál Ó Gríofa agus cé go bhfuil ceisteanna fós ann faoin eachtra, meastar gurb iad na Dúchrónaigh ba chiontach lena bháis.

Bhí Micheál Ó Gríofa ina Shagart Paróiste i Rathún, paróiste Gaeltachta a shín amach trí Bhearna go dtí na Forbacha, tráth ar maraíodh é.

Bhí sé iontach gníomhach ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar agus é ina bhall de chraobh áitiúil Chonradh na Gaeilge.

D’fhoghlaim Ó Gríofa an Ghaeilge mar ábhar sagairt i Maigh Nuad agus bhí scoth na Gaeilge aige de réir cuntas a scríobhadh san iris Misneach, mí Nollaig 1920, agus atá luaite ar an suíomh beathaisnéise ainm.ie.

“Níor fhailligh sé ar an nGaeilge ansin mar chuartaigh sé amach seanfhear a raibh an Ghaeilge aige agus is iomaí comhrá a bhí aige leis. Tháinig sé go Gaillimh i 1918 agus is maith is cuimhin liom an t-áthas a bhí air nuair a fuair sé amach go mbeadh Gaeltacht dáiríre faoina stiúrú. Tháinig sé ar cuairt chugainn anseo anuraidh agus bhí feabhas chomh mór sin ar a chuid Gaeilge is nach gcreidfeadh seanfhear a raibh sé ag comhrá leis uaim nach raibh Gaeilge ón gcliabhán aige.”

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Cormac Ó Comhraí gur “onóir mhór” dó a bheith in ann scéal an Athar Ó Gríofa a thabhairt chun cuimhne.

“Is iontach an rud é an deis seo a bheith tugtha agus faighte agam cur leis an gcuimhne atá air sa bparóiste inar oibrigh sé.

“Fear suimiúil, lách a raibh an-mheas air go háitiúil air ach ba phoblachtánach aitheanta a bhí ann freisin,” a dúirt an staraí.

Tabharfar léargas sa léacht ar a raibh ag titim amach i nGaillimh tráth ar dúnmharaíodh an sagart agus ar eachtraí an IRA i nGaillimh ag an am. Déanfar cur síos ar mharú an tsagairt agus ar an tsochraid a bhí air.

Dúirt Ó Comhraí gur “ceann d’eachtraí móra Chogadh na Saoirse” ab ea dúnmharú Uí Gríofa.

“Bhí tábhacht lena bhás mar gheall ar an droch-cháil a tharraing sé ar Fhórsaí na Corónach agus ar Rialtas na Breataine.”

“Cuireadh ceisteanna faoina bhás i bparlaimint na Breataine. Bhí scéal a bháis ar an gcéad leathanach den New York Times chomh maith le bheith ina scéal mór nuachta sa tír seo. Bhí sé ar dhuine de thriúr sagart a maraíodh i rith Chogadh na Saoirse agus ba eisean an chéad duine den triúr a maraíodh.”

Dúirt Ó Comhraí go raibh “cuimhní beo” agus “scéalta i mbéal an phobail” faoin Athair Ó Gríofa agus é ag fás aníos sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara.

“D’fhás mé aníos sna Forbacha i gclann a bhí Gaelach agus polaitiúil. Tógadh mo mháthair i gcathair na Gaillimhe agus chuala mé béaloideas an Athar Ó Gríofa. Ní cuimhin liom aon am nach raibh tuiscint eicínt agam ar an scéal,” a dúirt an staraí Cormac Ó Comhraí le Tuairisc.ie.

Cuirfear tús leis an léacht ag a 7.30pm anocht Déardaoin agus is féidir breathnú air ar an nasc seo.

Fág freagra ar 'Scéal an Athar Ó Gríofa á thabhairt chun cuimhne ar líne anocht'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam dílis.