Scéal ‘Alice in Wonderland’ é an cur chuige i leith múinteoirí do scoileanna lán-Ghaeilge

Phléigh Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tráthnóna inniu an caighdeán Gaeilge a bhíonn ag múinteoirí Gaeilge

Scéal ‘Alice in Wonderland’ é an cur chuige i leith múinteoirí do scoileanna lán-Ghaeilge

Tomás Ó Ruairc

Dúradh i dTithe an Oireachtais tráthnóna gur ‘scéal Alice in Wonderland’ é a rá nach bhfuil gá le cáilíocht riachtanach bhreise a thabhairt isteach do dhaoine a bheadh ag dul ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge nó Gaeltachta.

An Teachta Dála Éamon Ó Cuív a dúirt an méid sin sa Dáil agus dúshlán na Comhairle Múinteoireachta á thabhairt aige maidir le caighdeán Gaeilge múinteoirí nua-cháilithe.

Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta Tomás Ó Ruairc ag an gcruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge go mbeadh tairbhe ag baint le cáilíocht bhreise do scoileanna lán-Ghaeilge agus go raibh a leithéid ar fáil cheana. 

Ach léirigh sé amhras faoi cháilíocht riachtanach a thabhairt isteach agus thug sé le fios gurbh éifeachtaí agus gur phraiticiúla an beart a bheadh ann dá n-iarrfaí ar mhúinteoirí an cháilíocht a bhaint amach i ndiaidh dóibh post a fháil.

Mhaígh ceannasaí na Comhairle Múinteoireachta chomh maith go raibh an baol ann go mbeadh faitíos ar dhaoine roimh cháilíocht ar leith do scoileanna lán-Ghaeilge sa chás go gceapfaidís nach mbeidís cáilithe ina diaidh chun múineadh in aon scoil eile.

“Bheadh an baol ann dá ndéarfadh an córas go gcaithfeadh cáilíocht ar leith a bheith agat le múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge – go háirithe ag an leibhéal fochéime nuair atá siad ag tosú amach – go mbeadh faitíos [ann]… go mbeadh daoine ag rá ‘má dhéanaim an cúrsa sin, ní bheidh mé cáilithe ach le haghaidh na hearnála sin,” a dúirt Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go gcaithfeadh cáilíocht bhreise ó thaobh na Gaeilge a bheith ag múinteoir a bheadh ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge mar gurb í “an fhírinne nach bhfuil ar chumas go leor leor múinteoirí múineadh trí Ghaeilge”.

“Níor chas mise riamh le múinteoir a bhí cáilithe go hiomlán mar mhúinteoir nach raibh dóthain Béarla acu le múineadh trí Bhéarla. Is áiféiseach an rud le rá dá mbainfeadh duine éigin an cháilíocht seo amach nach mbeidís in ann múineadh sna scoileanna trí Bhéarla agus sin an bhrí a bhain mise as do chuid cainte.

“Nuair a dúirt tú é sin, caithfidh mé a rá má thuig mé ceart thú go raibh mé ag smaoineamh ar Alice in Wonderland mar is í fírinne an tsaoil nach bhfuil a leithéid ann is múinteoir de bhunadh na hÉireann atá in ann teagasc trí Ghaeilge nach mbeadh in ann teagasc trí Bhéarla. Ach tá go leor leor múinteoirí sa tír seo atá in ann teagasc trí Bhéarla ach nach bhfuil in ann teagasc trí Ghaeilge.”

Dúirt Ó Cuív go raibh go leor múinteoirí oilte ann nach bhféadfadh “comhrá simplí i nGaeilge a choinneáil leat”.

Dúirt Tomás Ó Ruairc, ceannasaí na comhairle múinteoireachta, gur aontaigh sé i bprionsabal leis an iar-aire Gaeltachta faoin ngá le cáilíocht bhreise chun dul ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge agus go raibh cáilíochtaí breise ar fáil cheana in institiúidí tríú leibhéal áirithe.

Phléigh Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta an caighdeán Gaeilge a bhíonn ag múinteoirí Gaeilge agus ceist an deontais Ghaeltachta d’ábhar oidí tráthnóna inné i seomra na Dála.

Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta Tomás Ó Ruairc go raibh gá le tacaíocht leanúnach agus níos mó acmhainní do mhúinteoirí Gaeilge má táthar ag iarraidh go n-éireodh níos fearr le teagasc na teanga sna scoileanna.

 “Más feabhas ar labhairt, ar shealbhú is ar mhúineadh na Gaeilge atá uainn, is gá breathnú ar chomhthéacs an phobail ina bhfuil múinteoirí ag obair agus ar cheist na n-acmhainní is na dtacaíochtaí leanúnacha atá ar fáil dóibh,” arsa Tomás Ó Ruairc.

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta a leagann síos an caighdeán gairmiúil do mhúinteoirí.

Dúirt Tomás Ó Ruairc gur léirigh Tuarascáil Phríomhchigire na Roinne Oideachais in 2016 gurb í an cheist ba thábhachtaí ná cad iad na háiseanna agus na hacmhainní breise atá ag teastáil ó mhúinteoirí agus scoileanna “le tacú le sealbhú is le labhairt na Gaeilge ina measc”. 

Léiríodh sa tuarascáil sin go raibh caighdeán theagasc na Gaeilge ag dul in olcas i mbunscoileanna na tíre.

Léirigh an tuarascáil go raibh caighdeán an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge i bhfad níos ísle ná an caighdeán sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna na tíre.

Dúradh sa tuarascáil gur “údar imní” é caighdeán theagasc na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal.

Dúirt ceannasaí na Comhairle Múinteoireachta nach fadhb infheistíochta a bhí i gceist den chuid is mó leis na fadhbanna a bhí le teagasc na Gaeilge.

“Má tá bearnaí sa chur chuige straitéiseach, tugann an fhianaise uile le fios nach laigí sa soláthar oideachais an fhadhb is mó. An dá dhúshlán is mó atá againn? Meon a chothú a thuigeann gur próiseas saoil is ea foghlaim de chineál ar bith, sealbhú teanga san áireamh; agus tacaíochtaí pobalbhunaithe dár múinteoirí a neartú go mór.” 

Fág freagra ar 'Scéal ‘Alice in Wonderland’ é an cur chuige i leith múinteoirí do scoileanna lán-Ghaeilge'

  • Peadar

    Ionadaíocht aige ar Choiste Comhairleach don Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus gan faic á dhéanamh ag An Teaching Council do na scoileanna Gaeltachta. Cé a ghlac an cinneadh seo?
    Cá bhfuil sìntiùis mhùinteoirì na tíre á chaitheamh ag An Teaching Council? Teastaìonn sin a fhiosrù. Maith sibh Tuairisc. Munach sibh, bheadh muid sa bhearna bhaol ó thaobh céard atá ar siùl ag na dreamanna seo leis an nGaeilge.

  • Dónall

    Maith thù Eamoinn…ag taispeáint suas an Teaching Council. Cad ì a bhfeidhm? Cad a dhéanann siad don Oideachas Gaeltachta? Cad a dhéanann siad don Ghaeilge?

    Rachadh an Teaching Council ar ais chuig an gCoiste Dála le freagraì ar cad a dhéanann siad leis na milliúin Euro a chruinnìonn siad ó mhúinteoirí na tìre gach bliain! Nìl a fhianaise le feiscint sna scoileanna.

  • Daithi Mac Carthaigh

    Nár chuala sé faoin mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) in Institiúid Oideachais Marino?

    https://www.mie.ie/ga/ag_staidear_linn/clair_focheime/baitsileir_san_oideachas_tri_mhean_na_gaeilge_bunmhuinteoireacht_/

  • Máire Ní Chróinín

    Níl caighdeán Gaeilge ard a dhóthain ag roinnt mhaith mhúinteoirí le bheith ag múineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla, gan trácht ar scoileanna Gaeilge. Laghdaíodh an líon ama a chaitheann na coláistí ar Gaeilge agus an cúrsa ceithre bliana á thabhairt isteach. Tá gá le níos mó am caite ar staidéar ar an nGaeilge sna cóláistí; íocaíocht breise (súntasach) do mhúinteoirí go bhfuil caighdeán áirithe Gaeilge sroiste acu, *cuma cá bhfuil siad ag múineadh* (nó beidh scoileanna Béarla bánaithe, gan focail Gaeilge le cloisteáil ann); measúnú caighdeánaithe ceart ar an Gaeilge mar atá ar an mBéarla & Mata (níl meas gan measúnú).