Scéal aisteach Poots agus Béal Feirste Theas 

Tá duine de na polaiteoirí is coimeádaí san DUP aistrithe chuig an toghcheantar is ilchineálaí i dTuaisceart Éireann ach ní hé sin an ghné is aistí den scéal…

Scéal aisteach Poots agus Béal Feirste Theas 

Ní hé Edwin Poots an cineál polaiteora a shamhlaítear le toghcheantar Bhéal Feirste Theas ach is ann a bheidh sé ina iarrthóir don DUP i dtoghchán an Tionóil sa Bhealtaine. Ina theannta sin tá sé cláraithe mar theachta reatha an DUP sa cheantar agus é ag teacht i gcomharbacht ar Christopher Stalford a fuair bás le déanaí.

Fuascailt faidhbe don DUP sa ngearrthéarma é, sos comhraic idir an dá eite sa chogadh cathartha a bhí á fhearadh os comhair an tsaoil le breis is bliain. Más fada gearr a bheidh an sos cogaidh is beart soiniciúil é an margadh nach féidir a bheith cinnte gurb é leas an DUP é. 

D’fhógair ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson ar an Luan go mbeadh an tAire Talmhaíochta ag aistriú ó Ghleann an Lagáin go Béal Feirste Theas láithreach. Fágfaidh sé sin folúntas i nGleann an Lagáin áit a gcaithfear duine eile a chomhthoghadh in ionad Poots don tréimhse ghearr atá fágtha i saolré an Tionóil seo. 

Sceith bhéil is ea Stormont as an líon mór de na Teachtaí Tionóil nár toghadh, breis is an ceathrú cuid den 90 teachta faoi láthair, ach is cor eisceachtúil ar fad é aistriú Poots. Tá comhthoghadh in ionad fothoghcháin dlisteanach ach beart as an gcoitiantacht é ball tofa reatha a aistriú chuig áit nár toghadh é agus bearna a fhágáil san áit inar roghnaigh na vótóirí é.

Feirmeoir ó cheantar Ghleann an Lagáin é Poots, soiscéalach dúthrachtach atá fíorchoimeádach ar cheisteanna sóisialta. Tá sé dubh dóite in aghaidh an ghinmhillte, i gcoinne pósadh comhghnéis agus mar aire sláinte dhiúltaigh sé cead don tseirbhís fuilaistriúcháin fuil a ghlacadh ó fhir homaighnéasacha. Tharraing sé aird go forleathan nuair a dúirt sé le Arlene Foster, a réamhtheachta mar cheannaire an DUP, gurb é a ról mar bhean chéile agus mar mháthair a príomhchúram. Ní tuairimí iad sin atá coitianta san toghcheantar a bhfuil sé ina theachta Tionóil aige anois.

Toghcheantar liobrálach é Béal Feirste Theas, ceantar na hollscoile, meascán de lucht an rachmais agus den mheánaicme ghairmiúil ann chomh maith le sciar den cheantar dílseach thart ar Rae an Ghainimh (Sandy Row) agus Annadale, mar ar tógadh Christopher Stalford. Dlúthchara le Poots agus ball den eite thraidisiúnta san DUP ab ea Stalford agus d’fháiltigh muintir an fhir mhairbh roimh Poots mar chomharba air. 

Chaill an DUP a suíochán Parlaiminte sa cheantar in 2019 ach bhí dóthain vótaí le haghaidh cuóta i dtoghchán Tionóil acu. Má thagann an lucht tacaíochta sin amach beidh Poots slán. Ní féidir a bheith cinnte, áfach, nach mbreathnóiidh vótóirí air mar fhear faille a d’aistrigh go Béal Feirste Theas mar go raibh a phort seinnte i nGleann an Lagáin agus toisc gur theip air ainmniúchán a fháil le seasamh sa Dún Theas. B’údar fonóide é ag iarrthóir i mBéal Feirste Theas a chuir fáilte roimh an gcuairteoir isteach, agus “ag cuardach thart” a bhíothas leis an gcleas, a dúirt iarrthóir i nGleann an Lagáin. 

Cuirfear suim thar na bearta san gcinneadh faoi cé a chomhthoghfar ina ionad i nGleann an Lagáin. Deis a bheadh ann don cheannaire Jeffrey Donaldson chun muinín a léiriú ina gcinniúint sa Bhealtaine. Dá n-ainmneofaí é féin i gcomharbacht ar Poots bheadh sé ag rá gur chreid sé sa bhfiontar in Stormont agus gurbh fhiú dó eirí as a shuíochán Parlaiminte roimh thoghchán an Tionóil.

Ba chosúil nuair a bhí an t-alt seo á scríobh nárbh é sin an plean; dúirt Donaldson le hiriseoirí gur theastaigh uaidh an suíochán a bhaint san toghchán. Bhí sé ar intinn aige go mbeadh triúr san iomaíocht sa toghcheantar – é féin, Paul Givan an t-iarChéad-Aire a d’éirigh as oifig mar agóid in aghaidh an phrótacail iarBhreatimeachta agus an duine a thiocfaidh i gcomharbacht ar Edwin Poots. 

Ó tá glactha ag Poots le Béal Feirste Theas beidh an DUP in ann a gcruinniú den Ard-Chomhairle a reáchtáil chun iarrthóirí a dhearbhú. Cuireadh moill ar an bpróiseas sin chun dreas catha eile idir eití Donaldson agus Poots a sheachaint. Ba iad oifigigh an pháirtí a roghnaigh Diane Forsythe, bean óg ábalta mar iarrthóir don Dún Theas agus a thug an t-eiteachas don Aire Talmhaíochta Poots.

Bhí seisean ag iarraidh aistriú as Gleann an Lagáin mar go mbeadh a shuíochán i mbaol ansin nuair a bheadh an tríú hiarrthóir, ceannaire an pháirtí agus feisire Parlaiminte an cheantair, Jeffrey Donaldson, sa rás. D’fhógair Poots go dtabharfadh sé dúshlán chinneadh na n-oifigeach ag an gcruinniú den Ard-Chomhairle. Ní tharlóidh sé sin anois.

Drochsheans go leigheasfaidh an comhghéilleadh na créachtaí sa pháirtí. Tá an t-easaontas préamhaithe go daingean ann, ach beidh tionchar nach raibh aon choinne acu leis ag vótóirí Bhéal Feirste Theas ar chinniúint an DUP.

Fág freagra ar 'Scéal aisteach Poots agus Béal Feirste Theas '