Scata in éide an Ku Klux Klan i gcontae an Dúin – masla do-mhaite

Cibé ciníochas nó seicteachas nóx amaidí ba chúis le ‘taispeántas’ KKK taobh amuigh de theach urnaí Ioslamach ó thuaidh, ní féidir glacadh lena leithéid

Scata in éide an Ku Klux Klan i gcontae an Dúin – masla do-mhaite

Chuir sé alltacht ar dhaoine sa bhaile agus i gcéin. Pictiúir ar mheáin shóisialta de bhuíon in éide an ghrúpa chiníoch an KKK taobh amuigh de theach urnaí Ioslamach i mBaile Nua na hArda. Chuir deichniúr i gcultacha an Ku Klux Klan, agus crosa bána ar iompar acu taispeántas ar siúl ag an ionad i lár an bhaile i gContae an Dúin.

I réigiún a bhí ina sceith bhéil as coireanna seicteacha le fada is údar mór imní é iompar conspóideach den chineál seo. Bhí sé seicteach agus ciníoch, mar a bhí an t-ionsaí a rinneadh ar an ionad sin anuraidh nuair a fágadh cloigeann muice ag an doras. Is minic seicteachas agus ciníochas fite fuaite lena chéile agus ba chosúil gur amhlaidh an scéal san imeacht oíche Dé Sathairn seo caite.

Tá an eachtra á fiosrú ag an PSNI mar choir fuatha. Rinneadh gearán leis na póilíní ar an Domhnach faoin ‘taispeántas’ a tharla an oíche roimh ré. Dúirt an Cigire Richard Murray go raibh coireanna fuatha de gach cineál doghlactha agus go raibh sé de dhualgas ar gach duine a chinntiú go léireofaí meas ar an iolrachas sa tsochaí.

Ba bheag gean ar an ilchineálacht a léirigh na fir in éide an KKK. Maíodh go ndearna an grúpa cúirtéisí faisisteacha ag an ionad Ioslamach agus go bhfacthas iad i gcomhluadar daoine ón National Front. Dhearbhaigh teach tábhairne ar an mbaile gur bhrúigh siad thar an doirseoir isteach nuair a ceileadh cead isteach orthu ach gur imigh siad tar éis tamaill mar gur diúltaíodh freastal orthu.

Cháin na páirtithe polaitiúla ar fad sa cheantar, an DUP, UUP, Sinn Féin, SDLP agus Alliance an taispeántas. Bhí sé oilbhéasach, mailíseach, bagrach agus doghlactha, a dúradar, agus d’iarr siad ar éinne a raibh faisnéis aige an t-eolas a thabhairt don PSNI.

Ní nach ionadh, dúirt ionadaithe thar ceann an phobail ón Bhanglaidéis ar leo an t-ionad go raibh faitíos orthu. Dúirt urlabhraí ón Ionad Ioslamach i mBéal Feirste go raibh eagla ar a chomh-reiligiúnaithe i mBaile Nua na hArda a theacht amach nó a dhul i ngaobhar a dteach pobail. D’admhaigh sé go mb’fhéidir gur chleasaíocht (roimh) oíche Shamhna ab ea an taispeántas. Mar sin féin, ar sé, d’fhéadfaidís bailiú in áit ar bith ar an mbaile ach is ag Ionad na Moslamach a chuir siad a seó nirt ar siúl.

Dá dtiocfaidís amach taobh istigh de cheithre huaire fichead chun a admháil cérbh iad féin agus a mhíniú gur spraoi nó amaidí a bhí i gceist, mhaolódh sé ar an masla agus an t-imeaglú, dar leis an urlabhraí, an Dochtúir Raied Al-Wazzan.

Níor tháinig. Chuirfí fáilte roimh leithscéal uathu dá ndéarfaidís gur amaidí seachas fuath ba chionsiocair lena n-oilbhéas. N’fheadar ar leor sin chun iad a shábháil ó chúiseamh. Ar a laghad, ba cheart rabhadh oifigiúil a thabhairt dóibh ach mura ndéanann siad aithreachas ba cheart an dlí a chur orthu.

Léirigh an staidreamh is deireanaí faoi choireanna fuatha a d’fhoilsigh an PSNI ag deireadh Lúnasa gur tharla 1,045 eachtra ciníochais le bliain san tuaisceart ar fad. Astu sin cinneadh gur choireanna iad 647 acu, méadú de bheagán ar an mbliain roimhe. Is i mBéal Feirste a bhí an ráta ab airde. Tháinig laghdú sa tréimhse chéanna ar líon na gcoireanna seicteacha ach bhí an ráta ard mar sin féin, 669 eachtra agus astu sin 522 coir.

I bhfad an iomarca, is léir; os cionn míle coir chiníoch agus sheicteach i ndaonra 1.7 milliún. Tá gá le hathrú ar mheon an phobail. Ní mór a chinntiú go léireofar i ngach aicme agus gach comharsanacht go bhfuil coireanna fuatha do-ghlactha go huile is go hiomlán. Níor cheart glacadh leis an gcur i gcéill nach raibh ann ach ‘píosa spraoi’ nó nach raibh sé mailíseach. D’éirigh linn meon a athrú maidir le tiomáint faoi thionchar an óil- déanaimis an rud céanna faoi chiníochas agus seicteachas. Ní bheidh sé éasca ach tá sé indéanta.

Fág freagra ar 'Scata in éide an Ku Klux Klan i gcontae an Dúin – masla do-mhaite'

  • wtf

    ‘Tá sé indéanta’. Tógfaidh sé cúpla glúin eile is eagal liom.