Scaoilfear na bearta dianghlasála i dtrí chéim an chéad mhí eile – tuairiscí

Tuairiscítear go ndúirt an Taoiseach Micheál Martin ag cruinniú Rialtais inniu go bhfuil sé i gceist aige tús a chur an tseachtain seo chugainn le srianta leibhéal a 5 a scaoileadh

Scaoilfear na bearta dianghlasála i dtrí chéim an chéad mhí eile – tuairiscí

Tá sé i gceist na bearta dianghlasála a scaoileadh i dtrí chéim mí na Nollag, de réir na tuairiscí is déanaí.

De réir na dtuairiscí, beidh cead ag daoine cuairt a thabhairt ar líon tí eile agus sa tríú céim níos gaire don Nollaig beidh cead ag daoine taisteal taobh amuigh dá gcontae féin.

Tuairiscítear áfach nach ndéanfar cinneadh deiridh faoi scaoileadh na srianta go dtí Dé hAoine.

Meastar gurb amhlaidh a chuirfear comhairle ar fáil don phobal conas sásamh a bhaint as an Nollaig leis an teaghlach seachas rialacha diana a chur i bhfeidhm.

Meastar go dtabharfar rabhadh do dhaoine níos deireanaí sa tseachtain faoina thábhachtaí atá sé teagmháil fhisiciúil a sheachaint, fanacht amach ó dhaoine agus aeráil mhaith a dhéanamh ar sheomraí ina mbíonn daoine ag teacht le chéile. 

Tá tuairiscí ann go ndúirt an Taoiseach leis an Rialtas inniu go mbeadh sé ag moladh srianta leibhéal a 3 a thabhairt isteach an tseachtain seo chugainn.

Meastar go bhféadfadh go mbeadh cead athoscailte ag siopaí, ionaid aclaíochta agus gruaigeadóirí sa gcéad chéim de na srianta nua an tseachtain seo chugainn.

D’fhéadfadh gur sa dara céim an tseachtain dár gcionn a thabharfaí cead oscailte do bhialanna agus tithe tábhairne a chuireann bia ar fáil.

Bhí cruinniú ag triúr ceannairí pháirtithe an chomhrialtais aréir agus bhíodar ar aon intinn go bhféadfaí srianta leibhéal a 5 a scaoileadh ag tús na míosa.

Pléadh an maolú sin ag cruinniú Rialtais inniu agus nuair a bheidh an chomhairle ó NPHET faighte ag an Rialtas, déanfar cinneadh faoin gcur chuige is fearr leis an maolú a bhainistiú.

Thug NPHET’ an cruinniú a bhí le bheith acusan Déardaoin chun cinn agus is amárach a bheidh sé ar siúl.

Fág freagra ar 'Scaoilfear na bearta dianghlasála i dtrí chéim an chéad mhí eile – tuairiscí'