‘Scanrúil’ nach í an Ghaeilge a bheidh mar ‘theanga oibre’ ag coiste a ullmhóidh plean nua an Stáit do sheirbhísí Gaeilge

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go n-aontaíonn sé leis an sprioc go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre ag an gcoiste nua a ullmhóidh plean nua earcaíochta an Stáit don Ghaeilge, ach go gcothódh a leithéid deacrachtaí maidir leis na ‘daoine cuí’ a fháil

‘Scanrúil’ nach í an Ghaeilge a bheidh mar ‘theanga oibre’ ag coiste a ullmhóidh plean nua an Stáit do sheirbhísí Gaeilge

Tá diúltaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta do mholadh gur i nGaeilge a dhéanfaí obair an choiste chomhairligh atá le bunú chun Plean Náisiúnta Earcaíochta an Rialtais i dtaobh seirbhísí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Faoin mbille teanga nua atá á phlé i dTithe an Oireachtais faoi láthair, bhunófaí Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge chun tacú leis an obair seo agus réiteodh an coiste sin Plean Náisiúnta. 

Faoin bplean bheadh sé i gceist níos mó Gaeilgeoirí a fhostú trí chomórtais ar leith a earcú, trí mhodhanna nua earcaíochta agus trí dheiseanna cianoibre a thairiscint dóibh.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers inné nach raibh sé sásta glacadh le leasú ar an mBille Teanga a d’fhágfadh gurb í an Ghaeilge a bheadh mar “teanga oibre” ag an gcoiste nua.

Dúirt an tAire Stáit go n-aontaíonn sé leis an sprioc go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre ag an gcoiste nua, ach nach bhféadfaí glacadh leis an leasú mar go gcothódh sé deacrachtaí maidir leis na “daoine cuí” a fháil don chúram. 

“Beidh muid ag lorg daoine sinsearacha i gcomhlachtaí poiblí cuí le bheith ar an gcoiste amanna le go mbeimid in ann tionchar a imirt ar an gcóras earcaíochta. Tá an fhéidearthacht ann go mbeidh baill ar an gcoiste nach mbeidh Gaeilge acu,” a mhínigh an tAire Stáit Chambers.

Léirigh Teachtaí Dála an fhreasúra míshásacht le cinneadh an Aire Stáit agus dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur “bocht an scéal” é.

Mar fhreagra uirthi, dúirt an tAire Stáit Chambers go raibh fadhb ann ó thaobh líon na státseirbhíseach sinsearach le Gaeilge agus go gcaithfí glacadh leis go mbeadh daoine gan Ghaeilge ar an gcoiste ar dtús ar mhaithe le feabhas a chur ar chúrsaí.

“Tuigeann tú an fhadhb, a Theachta Uí Chonghaile, le daoine sinsearacha [gan Gaeilge] tríd an státchóras agus táimid ag iarraidh an fhadhb seo a fheabhsú,” arsa Chambers. 

“Sin í an fhadhb anois, tá súil agam amach anseo go mbeidh Gaeilge ag gach duine ar an gcoiste comhairleach agus go mbeidh siad in ann Gaeilge a labhairt, ach anois, tá mé ag iarraidh daoine sinsearacha agus níl an Ghaeilge ag gach duine sinsearach tríd an státchóras.”

Dúirt Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil gur aontaigh sé leis an Aire Stáit go mbeadh gá le daoine sinsearacha “taobh istigh den chóras” a bheith ar an gcoiste comhairleach.

“Caithfimid a dhéanamh cinnte go bhfuil na daoine atá i lár in aonaigh, a dhéanann na cinntí istigh sna ranna, páirteach sa phróiseas seo,” arsa Ó Cuív.

Dúirt Catherine Connolly agus Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, go bhféadfaí córas ateangaireachta a chur ar fáil dóibh siúd ar an gcoiste nach raibh an teanga ar a dtoil acu.

Luaigh Catherine Connolly an tréimhse a chaith sí ina Cathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Oireachtais agus na deacrachtaí a bhí le státseirbhísigh a tháinig os a comhair agus gan aon Ghaeilge acu.

“Níor ghéill mé riamh don Bhéarla agus cheap mé gur drochshampla amach is amach a bheadh ann géilleadh ar an leibhéal sin, in ainneoin go raibh sé thar a bheith deacair,” arsa an Teachta Dála neamhspleách.

Dúirt sí go raibh sé “go hiomlán míshásúil” nach raibh an tAire Stáit sásta glacadh le moladh “chomh bunúsach sin”.

Mheas urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh, a mhol an leasú, go raibh sé “ait agus scanrúil” go rabhthas “ag rá cheana féin” gur i mBéarla a bheadh obair an choiste.

Tá ocht seisiún dhá uair an chloig ar an mBille Teanga anois curtha díobh ag Roghchoiste Gaeilge an Oireachtais.

Nuair a chuirtear san áireamh leasuithe a bhí dícheadaithe agus leasuithe eile a bhí grúpáilte le chéile, tá plé déanta go dtí seo ar 181 den 308 leasú ar fad atá molta. Tá an plé críochnaithe ar 125 acusan.

Níor ghlac an tAire Stáit Chambers ach le leasú amháin go dtí seo ach tá tugtha le fios aige go bhfuil sé chun teacht ar ais le moltaí ar suas le 32 leasú eile ag an gcéad chéim eile den phróiseas, Céim na Tuarascála.

Gheall sé inné go dtiocfadh sé ar ais lena mholadh féin faoi leasú a d’fhágfadh go mbeadh na dualgais chéanna ar chomhlachtaí seachtracha a dhéanann obair do chomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth an achta teanga is a bheadh ar na comhlachtaí poiblí féin.

I measc na moltaí eile a pléadh sa Dáil inné, bhí ceann ar líon na ndaoine le Gaeilge a cheaptar ar bhoird stáit.

Fág freagra ar '‘Scanrúil’ nach í an Ghaeilge a bheidh mar ‘theanga oibre’ ag coiste a ullmhóidh plean nua an Stáit do sheirbhísí Gaeilge'

  • Eoghan Ó Néill

    Córas ateangaireachta a réiteodh a fhaidhb SEO murach sin beidh an ghaelig AG géilleadh don Übersprache. Mar adeir Marshall McLuhan tráth ” The medium is the message”!

  • S. Mac Muirí

    Ach an oiread le trumpa, ní fiú comhairle gan teanga.
    Sin a dheireadh anois.

  • Seán Mag Leannáin

    Mar iar-státseirbhíseach a raibh taithí na mblianta aige ag plé leis na cúrsaí seo, bhí mé sna trithí gáire nuair a léigh mé an píosa seo ó JeaicAire na Gaeltachta (is fearr an gáire ná an gol!):

    ‘Mar fhreagra [ar Catherine Connolly, TD], dúirt an tAire Stáit Chambers go raibh fadhb ann ó thaobh líon na státseirbhíseach sinsearach le Gaeilge agus go gcaithfí glacadh leis go mbeadh daoine gan Ghaeilge ar an gcoiste ar dtús ar mhaithe le feabhas a chur ar chúrsaí.

    “Sin í an fhadhb anois, tá súil agam amach anseo go mbeidh Gaeilge ag gach duine ar an gcoiste comhairleach agus go mbeidh siad in ann Gaeilge a labhairt, ach anois, tá mé ag iarraidh daoine sinsearacha agus níl an Ghaeilge ag gach duine sinsearach tríd an státchóras.”

    Dúirt Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil gur aontaigh sé leis an Aire Stáit go mbeadh gá le daoine sinsearacha “taobh istigh den chóras” a bheith ar an gcoiste comhairleach.
    “Caithfimid a dhéanamh cinnte go bhfuil na daoine atá i lár in aonaigh, a dhéanann na cinntí istigh sna ranna, páirteach sa phróiseas seo,” arsa Ó Cuív.’

    I gcead dhaoibh, a Jeaic agus a Éamon a chairde, sin iad go díreach bunúdar na faidhbe – déanfaidh na daoine sinsearacha céanna sin deimhin de nach n-athróidh an scéal seo go Lá Philip an Chleite. Leanfaidh siad ar aghaidh leis an gcur i gcéill agus ag ciceáil an cana síos an bóthar go deo na ndeor.