Scannánóir a d’inis scéalta Joe Éinniú, Nuala Ní Dhomhnaill agus Oileán Thoraí ceaptha ina bhall d’Aosdána

Tá Pat Collins, arb as iarthar Chorcaí dó, ar dhuine den dáréag ealaíontóirí, ceoltóirí, scannánóirí agus scríbhneoirí a ceapadh ina mball d’Aosdána an mhí seo

Scannánóir a d’inis scéalta Joe Éinniú, Nuala Ní Dhomhnaill agus Oileán Thoraí ceaptha ina bhall d’Aosdána

Tá an scannánóir aitheanta Pat Collins ceaptha ina bhall d’Aosdána.

Tá Pat Collins, arb as iarthar Chorcaí dó, ar dhuine den dáréag ealaíontóirí, ceoltóirí, scannánóirí agus scríbhneoirí a ceapadh ina mbaill nua d’Aosdána an mhí seo.

Is iomaí clár faisnéise Gaeilge a stiúir Pat Collins agus is mó duais a bhuaigh sé as a shaothar.

Is é Pat Collins a stiúir Song of Granite, fadscannán faisnéise faoi shaol agus saothar an amhránaí Joe Éinniú a thuill go leor gradam. Ba é chomh maith a bhí ina stiúrthóir ar an scannán Tim Robinson: Connemara, faoi shaol agus shaothar an chartagrafaí cháiliúil arbh údar, ealaíontóir agus cartúnaí é chomh maith.

I measc na scannán Gaeilge eile a rinneadh faoi stiúir Collins, tá Taibhsí i mBéal na Gaoithe, scannán faoin mhórfhile Gaeilge Nuala Ní Dhomhnaill a rinneadh in 2007 agus an scannán Oileán Thoraí, faoi shaol na n-oileánach, a craoladh den chéad uair in 2002.  Rinne sé scannán chomh maith faoin bhfile dátheangacha Michael Hartnett, A Necklace of Wrens.Ag labhairt di faoi cheapachán Pat Collins ina bhall d’Aosdána, dúirt Ard-Mhéara Chorcaí, Mary Linehan Foley, gur “fathach i saol na scannánaíochta” é Collins a chuir go mór le saol na bhfísealaíon in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

“Tá scannáin á ndéanamh ag Pat Collins le blianta fada agus is aitheantas atá ina thoghadh ar Aosdána don tionchar a bhí aige ar na físealaíona anseo i gCorcaigh, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Agus Pat anois tofa i measc lucht físe is uaisle Aosdána, léiriú atá ann ar a thábhachtaí atá sé i saol na scannánaíochta. Tá an onóir seo saothraithe go maith aige agus is dual dó a bheith ina bhall d’Aosdána.” a dúirt Ard-Mhéara Chorcaí, Mary Linehan Foley.

Is iad na baill nua eile d’Aosdána Kevin Barry (Litríocht); Gina Moxley (Litríocht); Martin Lynch (Litríocht); Arthur Riordan (Litríocht); Gerard Byrne (Físealaín); Margo Harkin (Físealaín); Mairéad Ó hEocha (Físealaín); Valerie Mulvin (Ailtireacht); Liz Roche (Córagrafaíocht); Jennifer Walshe (Ceol) agus Jim Doherty (Ceol). 

Fág freagra ar 'Scannánóir a d’inis scéalta Joe Éinniú, Nuala Ní Dhomhnaill agus Oileán Thoraí ceaptha ina bhall d’Aosdána'