Scannán tráthúil Éireannach chugainn faoin mbraighdeanas i mbruachbhaile

Saothar suaiteach, áiféiseach agus cliste in áiteanna atá sa scannán Éireannach ‘Vivarium’

Scannán tráthúil Éireannach chugainn faoin mbraighdeanas i mbruachbhaile

Vivarium
Stiúrthóir: Lorcan Finnegan
Cliar: Imogen Poots, Jesse Eisenberg, Senan Jennings, Éanna Hardwicke

Is trí sheans a thagann scannán faoin scoitheadh agus an braighdeanas os ár gcomhair ag tráth a bhfuil muid faoi ‘dhianghlasáil’ agus an ‘scoitheadh sóisialta’ á chleachtadh againn ar fad. Saothar suaiteach, áiféiseach agus cliste in áiteanna atá sa scannán Éireannach seo ón stiúrthóir Lorcan Finnegan.

D’aon ghnó ní deirtear linn ag aon phointe cá bhfuil an scannán lonnaithe mar táthar ag iarraidh domhan aduain a d’fhéadfadh a bheith áit ar bith a chur os ár gcomhair. Is léir ó rudaí cosúil leis na plátaí cláraithe, an tírdhreach agus tuineacha cainte cuid de na carachtair, áfach, go bhfuilimid buailte fúinn in Éirinn.

Ag tús an scannáin címid an lánúin óg Gemma (Poots) agus Tom (Eisenberg) ag siúl isteach chuig gníomhaire eastáit agus iad, ach oiread le tromlach lucht a gcomhaoise in Éirinn an lae inniu, ag luí amach orthu féin ag iarraidh teacht ar thigh.

Tá an gníomhaire chomh hait de dhuine is a sheas riamh i mbróg ach toilíonn siad dul ina fhochair chuig eastát tithíochta, Yonder. Cé gur comhtharlúint é go mbaineann an saothar macallaí as iarmhairtí na paindéime is d’aon ghnó a dhéantar tráchtaireacht ar an ngéarchéim tithíochta.

Scamhadh chun tí ar an lánúin óg agus gan rompu in Yonder ach eastát folamh gan chroí ná anam agus tithe aonchineálacha fad a radhairc uathu. Léiriú ar shaol an lae inniu go bhfuilid buíoch go bhféadfadh deis a bheith acu ceann de na boscaí uaine seo a cheannach.

I bhfaiteadh na súl tá an gníomhaire imithe gan tásc ná tuairisc. Croitheann siad a nguaillí agus bailíonn siad leo. An fhadhb, agus bunchloch an scannáin, ná nach bhfuil siad in ann a slí a dhéanamh amach as an eastát.

Sáinnítear iad inti ar feadh blianta. Níl duine ná deoraí le feiscint ná le clos, níl trácht ná eitleán os a gcionn.  ‘Tromluí bruachbhailteach’ má bhí a leithéid riamh ann.

Anbhá ar dtús  ach ansin an leadrán is an bhailitheacht. Gach aon lá cosúil leis an gceann a chuaigh roimhe agus an ceann atá ag teacht amárach.

An fear ag tochailt poill sa ghairdín go fonnmhar lá i ndiaidh lae agus é ag iarraidh teacht ar bhealach éalaithe. Cur amú ama agus neamh-mheabhair. An amhlaidh atá againn féin lenár ngriothal laethúil?

Lá de na laethanta fágtar leanbh óg os comhair an tí. I gcaitheamh na mblianta léirítear dúinn nach bhfuil aon

oidhre air ar uairibh ach Damien ó The Omen (1976).

Taibhsíodh dom gur scannán aorúil a bhí sa saothar seo ag an tús ach de réir chéile sleamhnaíonn sé i dtreo an uafáis agus na háiféise. Is faoi Poots agus Eisenberg atá sé an scannán a iompar, rud a dhéanann siad go hábalta.

Dóibh siúd a ghránn saothair ó The Twilight Zone nó Black Mirror bainfidh said sásamh as seo. An fhadhb ná go bhfuil sé i bhfad níos faide ná tromlach na saothar úd agus imíonn an ghaoth as na seolta i bhfad roimh cheann scríbe. 

Fág freagra ar 'Scannán tráthúil Éireannach chugainn faoin mbraighdeanas i mbruachbhaile'