Scannán taitneamhach a thugann léargas ar ré na spiaireachta

Taispeántas cumasach ó Benedict Cumberbatch mar an sibhialtach Sasanach a thug lámh chúnta don ghníomhaire Rúiseach ba mhó rath riamh

Scannán taitneamhach a thugann léargas ar ré na spiaireachta

The Courier
Stiúrthóir: Dominic Cooke
Cliar: Benedict Cumberbatch, Merab Ninidze, Rachel Brosnahan, Jessie Buckley, Angus Wright

“Tánn tú meánaosta, ólann tú an iomarca agus níleann tú pioc aclaí. Dá mbeadh an misean seo dainséarach is tusa an duine deireanach a chuirfimis ina bhun.” Sin a deir piarda de chuid MI6 le Greville Wynne (Cumberbatch) agus é ag tathant ar an díoltóir jab a dhéanamh dóibh sa Rúis i 1960. Tá a shúile agus a bhéal ar leathadh ag Wynne bocht ach toilíonn sé lámh chúnta a thabhairt.

Déanann an saothar seo, atá bunaithe ar fhíorscéal, iarracht cuntas a thabhairt ar ghaiscí spiaireachta Wynne sna seascaidí agus a chaidreamh leis an ngníomhaire Rúiseach Oleg Penkovsky (Ninidze). Bhí an Cogadh Fuar faoi bharr lasrach ag an am, Khrushchev agus an Cinnéideach ag caitheamh achasán le chéile agus sáinn Chúba i 1962 ag tabhairt an chogaidh núicléach ar leac an dorais.

Fear é Penkovsky atá sa Táin, iarcheannaire míleata atá ard go maith sa GRU anois. I dtosach an scannáin címid é ag cur teachtaireacht rúnda chuig an CIA á rá leo go bhfuil sé ag iarraidh dul i mbun comhghuaillíochta leo ar mhaithe leis an tsíocháin. Tagann an gníomhaire Emily Donovan (Brosnahan) a fhad lena comhghuaillithe Sasanacha le lámh chúnta a lorg. Ar deireadh thiar cinneann siad gur fearr sibhialtach a earcú le dul i dteagmháil le Oleg. Roghnaítear Wynne mar go mbíonn sé i mbun gnó in oirthear na hEorpa.

Tá cúrsaí greannmhar go maith ina thosach agus Wynne bocht ag iarraidh dul i dtaithí ar an nganfhiosaíocht agus an chleasaíocht ar fad. Is é Cumberbatch atá deas ar an saontacht seo a léiriú. Diaidh ar ndiaidh fásann cairdeas idir an Sasanach agus an Rúiseach. Oleg cliste, cróga agus prionsabálta. Brionglóid aige a bheith ina bhuachaill bó in Montana. Tugann Ninidze taispeántas inchreidte, ábalta uaidh.

Déanann siad gaisce ó thaobh na spiaireachta agus tuairim is 5,000 cáipéis rúnda á smugláil amach as an tír acu. Diaidh ar ndiaidh tosnaíonn ag KGB ag bolathaíl timpeall agus tosaíonn an strus ag luí go trom ar an mbeirt acu. Buaileann taom éigin Oleg agus tá bean Wynne, Sheila (Buckley), ar tí é a fhágaint mar go measann sí gur caidreamh seachphósta is cúis lena iompar ait.

Tagann cúrsaí go cnámh na huillinne agus géarchéim Chúba faoi lán seoil. Beidh tú ar tinneall sna radharcanna ina ndéantar iarracht cabhrú leis an mbeirt teitheadh as an tír. Ar an drochuair ní éiríonn leo agus níl an chríoch shona againn. Is geall le scannán eile ar fad an leathuair an chloig dheireanach nó mar sin, agus léiriú á thabhairt ar chéasadh agus ar chruatan phríosúnacht Wynne. Éiríonn le Cumberbatch léiriú iontach a thabhairt ar uafás a bhraighdeanais agus gan ann sa deireadh ach craiceann agus cnámha.

Saothar taitneamhach suaite a thugann léargas ar ré na spiaireachta.

Fág freagra ar 'Scannán taitneamhach a thugann léargas ar ré na spiaireachta'