SCANNÁN: Scéal gránna Fox News inste go slachtmhar arís

Cé nach bhfuil ‘Bombshell’ chomh maith leis an mionsraith faoin ábhar a tháinig roimhe is fiú féachaint air mar gheall ar thaispeántais chumasacha na cléire

SCANNÁN: Scéal gránna Fox News inste go slachtmhar arís

Bombshell
Stiúrthóir: Jay Roach
Cliar: Charlize Theron, Nicole Kidman, Margot Robbie, John Lithgow, Allison Janney, Kate McKinnon

I mbéarlagair na scannánaíochta is ‘twin films’ atá baiste ar scannáin a bhfuil an t-ábhar céanna idir chamáin iontu agus a thagann os comhair an lucht féachana timpeall an ama chéanna. Cuimhnigh ar Antz agus A Bug’s Life a tháinig os ár gcomhair i 1998 mar aon le Anthropoid agus The Man With the Iron Hart a seoladh in 2017; cúplaí atá an-chosúil ar fad le chéile.

Ba anuraidh a seoladh an mhionsraith theilifíse The Loudest Voice agus Russell Crowe ina cheann feadhna uirthi, saothar a thugann éachtaint ar shaol, ar shaothar agus ar dhrochghníomhartha Rorger Ailes. Sé an t-ábhar céanna atá idir lámha sa scannán seo agus tá sé deacair, dá réir, an saothar a mheas go neamhspleách ar a réamhtheachtaí. Mar go raibh i bhfad Éireann níos mó ama ag The Loudest Voice lena scéal a insint taibhsíodh dom go raibh an saothar seo ábhairín róghiorraisc. Ní hin le rá nach bhfuil a mhaitheasaí féin ag baint leis.

Ba é Ailes príomhfheidhmeannach agus cathaoirleach Fox News ar feadh na mblianta agus é ar dhuine de na daoine ba chumhachtaí sna meáin dá réir. Lena chois sin, áfach, ba mhaistín é a dhein bulaíocht agus ciapadh gnéis ar mhná.

Sa saothar áirithe seo is iad na mná iad féin atá i lár an aonaigh: Megyn Kelly (Theron), Gretchen Carlson (Kidman) agus Kayla Pospisil (Robbie). Tugann an triúr ban taispeántais bhreátha uathu, rud a mbeifeá ag súil leis ó aisteoirí ábalta a bhfuil naoi n-ainmniúchán Oscar gnóthaithe acu eatarthu.

Carachtar ficseanúil atá bunaithe ar mhná éagsúla ar dhein Ailes ciapadh orthu atá in Kayla. Léiríonn Robbie í mar bhean shaonta, chliste, ‘influencer in the Jesus space’, a thugann sí uirthi féin. Tagann ciapadh Ailes go hiomlán aniar aduaidh uirthi agus fágann sé lorg trom uirthi. An duine gan chumhacht faoi ionsaí ag a laoch cumhachtach agus an té a d’fhéadfadh tionchar thar na bearta a imirt ar a saol oibre.

Sé an cás cúirte a thóg Carlson i gcoinne Ailes a dhein a chreach sa deireadh. Déanann Kidman léiriú ar bhean chróga a dhein an fód a sheasamh go diongbháilte. Sí Kelly (Theron) an ceann feadhna ar shlí. I dtosach an scannáin címid a comhrac le Trump, fear eile a bhfuil dearcadh frithbhanda aige. Ina dhiaidh sin címid an leisce atá uirthi a scéal féin faoi Ailes a insint.

Eagla uirthi go mbainfeadh Ailes is a lucht leanta cumhachtach díoltas amach. Sin ceann de na téamaí a ndéantar cíoradh caolchúiseach air: an chumhacht, an bhagairt agus an bhulaíocht ag ceilt na na ndrochghníomhartha in eagraíocht fhrithbhanda, fhiáin.

Fear é Ailes a raibh tuiscint faoi leith aige ar chúrsaí teilifíse agus ar ghoile lucht féachana na heite deise. Ag tús an scannáin meabhraíonn Kelly dúinn gur imir sé tionchar nach beag ar fheachtais toghchánaíochta Nixon, Reagan agus an chéad Bush. Déanann John Lithgow, le cabhair an smididh agus na próistéitice, carachtar paranóideach, sleamhain, frithbhanda, glic agus gránna a chur os ár gcomhair.

Déantar léiriú atá greannmhar ar uairibh ar mheon aduain lucht Fox. Is mar seo a leanas a chuireann comhghleacaí le Kayla síos ar shlat tomhais nuachta Fox.

“You have to adopt the mentality of an Irish street cop: the world is a bad place, people are lazy morons, minorities are criminals, sex is sick but interesting. Ask yourself, what would scare my grandmother or piss off my grandfather? And that’s a Fox story.”

Bogann na heachtraí ar aghaidh go mear agus le spleodar. Tá an script lán le leibhéal is gearradh; tréithe a mbeifeá ag súil leo ón scríbhneoir a thug The Big Short dúinn agus ón té a stiúir Game Change (2012) agus Recount (2008). Ar uairibh mheasas go raibh an cur chuige leathdháiríre agus ró-éadromchroíoch.

Cé nach bhfuil an saothar seo chomh maith leis an mionsraith a tháinig roimhe is fiú féachaint air mar gheall ar thaispeántais chumasacha na cléire.

Fág freagra ar 'SCANNÁN: Scéal gránna Fox News inste go slachtmhar arís'