Scannán sárlaochra atá ar nós na coda eile ar fad

Déanfaidh na míreanna aicsin agus na carúil ghrinn dhá uair an chloig a mheilt go neafaiseach duit

Scannán sárlaochra atá ar nós na coda eile ar fad
Project Power
Stiúrthóir: Henry Joost agus Ariel Schulman
Cliar: Jamie Foxx, Joseph Gordon-Levitt, Dominique Fishback, Rodrigo Santoro, Amy Landecker

Scannán sárlaochra ar nós na coda eile ar fad atá againn anseo; laochra ag comhrac i gcoinne na mbithiúnach, míreanna aicsin, carúil agus an chríoch shona. An rud is suaithinsí faoi scannán seo ná na taispeántais bhreátha ó Jamie Foxx agus Dominique Fishback.

I dtosach an scannáin címid druga nua á dháileadh saor in aisce ar mhangairí drugaí New Orleans. An bua atá ag an bpiolla seo ná go mbronnann sé sárchumhachtaí ar an duine ar feadh cúig nóiméad. Gach rud ón tine ar do chraiceann go láidreacht agus duaithníocht. Lena chois sin, áfach, tá sciar áirithe daoine a chailltear ar an bpointe boise. Coincheap suimiúil nach mbaintear dóthain adhmaid as, dar liom. Bíodh sin mar atá, ní fada nó go bhfuil an chathair rite leis an druga seo agus na húdaráis ag séanadh agus ag ceilt na fírinne.

Buailimid le Art (Foxx) fear atá ciaptha ag eachtraí a tharla san am a caitheadh agus a bhfuil cur amach faoi leith aige ar an druga nua seo. Fear atá oilte ar an gcomhrac agus atá sa tóir ar an bpríomh-mhangaire. Tá teacht i láthair fisiciúil ag Foxx agus éiríonn leis carachtar atá bagrach agus caithiseach a chur os ár gcomhair. Ansan tá an póilín againn, Frank (Gordon-Levitt), fear atá bailithe den chúram ar fad agus atá ag tógaint an druga i ngan fhios le gur féidir leis dul i ngleic leis na coirpigh. Tá sé cróga, uasal agus éiríonn le Gordon-Levitt é sin a léiriú mar aon le cúpla carúl a chaitheamh anseo agus ansiúd.

Ar shlí is í Robin (Fishback) an ceann feadhna; déagóir mná atá bréan den scoil. Ceoltóir rap atá ag tabhairt aire dá máthair a bhfuil an tsláinte ag teip uirthi. Tuilleann sí a gcrústa ag díol an druga nua seo. Tugann sí taispeántas ábalta nádúrtha uaithi agus is cinnte gur aisteoir í seo a bhfuil gealladh fúithi.

Ar feadh tamaill tá a scéal is a chonair féin ag an triúr agus iad ag bualadh le chéile anois is arís go dtí go ndéanann siad cinneadh dul i mbun comhghuaillíochta leis an bithiúnaigh a chloí. Níl aon chasadh nó críoch gan choinne; míreanna aicsin snasta, carúil anseo agus ansiúd agus dríodar cainte eolaíochta.

Déantar cúpla iarracht fhánach cíoradh a dhéanamh ar théamaí níos téagartha. Cúpla babhta tagraítear do spéirling Katrina agus an éagóir a deineadh ar New Orleans. Ní leasc leis an scannán ceantair bhochta scriosta na cathrach a thaispeáint.

Tagraítear do chúrsaí inscne is cine chomh maith agus Art á rá le Robin go bhfuil an bhreis ina haghaidh mar bhean ghorm. Níl iontu seo ach geábhanna beaga gan dealramh sula bhfilltear ar an aicsean.

Meilfidh an saothar seo dhá uair an chloig go neafaiseach ach níl ann ach san.

Fág freagra ar 'Scannán sárlaochra atá ar nós na coda eile ar fad'