Scannán nua Liam Neeson á dhéanamh i nGaeltacht Dhún na nGall

Scannán eachtraíochta atá i gceist le In The Land of Saints and Sinners a insíonn scéal feallmharfóra atá tar éis éirí as

Scannán nua Liam Neeson á dhéanamh i nGaeltacht Dhún na nGall

Tá scannán nua Liam Neeson á scannánú faoi láthair i nGaeltacht Dhún na nGall.

I nGleann Cholm Cille agus i dTeileann atá In The Land of Saints and Sinners á dhéanamh agus tá muintir na gceantar sin thar a bheith tógtha leis an méid atá ag dul ar aghaidh ann.

Tá cuid den scannán á léiriú i dTeileann i nGaeltacht Thír Chonaill. Deir bainisteoir an tí tábhairne The Rusty Mackerel i dTeileann, Dympna Kennedy, go bhfuil “buzz” iontach thart faoin áit anois agus go leor daoine ag teacht chun na háite mar gheall ar an scannánú.

Deir bainisteoir an tí tábhairne go bhfuil gach duine i dTeileann ar an eolas faoin scannán.

“Ó tá cloiste ag achan duine faoi,“ ar sí. “Tá sé ag tabhairt daoine chun na háite. Tá achan duine ag iarraidh fios a bheith acu cá bhfuil Liam Neeson! Tá siad ag dul anseo is ansiúd dá leanacht!”

“Bíonn go leor den chliar isteach agus amach ón teach tábhairne,” ar sí. “Is dócha nár cheart dom é sin a rá leat!”

Scannán eachtraíochta atá i gceist le In The Land of Saints and Sinners a insíonn scéal feallmharfóra atá tar éis éirí as. Is é Robert Lorenz stiúrthóir an scannáin.

Síltear go rachaidh an scannánú ar aghaidh go dtí tús mhí an Mheithimh agus tá thart ar 300 duine páirteach ann. Beidh Ciarán Hinds, cara mór le Liam Neeson, ag aisteoireacht sa scannán chomh maith. Bhí an bheirt ag aisteoireacht lena chéile cheana i scannán Martin Scorsese Silence (2016) agus i scannán John Boorman Excalibur (1981).

Tugadh ainmniúchán Oscar do Chiarán Hinds le deireanaí dá ról sa scannán Belfast.

Beidh an t-aisteoir Kerry Condon ag aisteoireacht sa scannán nua freisin. Is as Contae Thiobraid Árann í Condon agus tá aithne uirthi mar gheall ar a róil I saothair amhail Three Billboards Outside Ebbing, Missouri, Better Call Saul, Rome, agus Angela’s Ashes. 

Fág freagra ar 'Scannán nua Liam Neeson á dhéanamh i nGaeltacht Dhún na nGall'