Scannán lán machnaimh a théann ag tochailt go domhain i scéal suimiúil

Scéal taitneamhach atá le hinsint ag ‘The Dig’ ar Netflix, ach scéal taitneamhach é a bhfuil an brón ina orlaí tríd

Scannán lán machnaimh a théann ag tochailt go domhain i scéal suimiúil

The Dig
Stiúrthóir: Simon Stone
Cliar: Carey Mulligan, Ralph Fiennes, Johnny Flynn, Lily James, Ken Stott, Ben Chaplin

Baintreach shaibhir in easláinte í Edith Pretty (Mulligan). Í buailte fúithi, sáinnithe b’fhéidir, ar a heastát maorga in Suffolk sa bhliain 1939.  Mac óg faoina cúram ach an saol ag imeacht chun leadráin uirthi. Suim aici óna hóige sa tseandálaíocht agus  í fiosrach dá réir faoi na cnocáin ársa ar a cuid tailte. Fostaíonn sí Basil Brown (Fiennes) le dul i mbun tochailte. 

Sna míonna a lean thángthas ar iarsmaí de long sheanda agus ina dhiaidh sin fuarthas an iliomad déantán a raibh bail mhaith orthu i mbolg na loinge. 

Bhíothas in amhras ar dtús gur bhain siad le ré na Lochlannach ach níorbh fhada gur tuigeadh gur bhain siad le ré na nAngla-Shacsanach sa séú nó sa seachtú

haois. Áirítear taisce Sutton Hoo ar an gcnuasach is luachmhaire agus is tábhachtaí a fuarthas riamh sa Bhreatain.

Déanann an saothar malltriallach, staidéartha, lán machnaimh seo atá bunaithe ar an leabhar den teideal céanna ó pheann John Preston, cuntas a thabhairt ar thréimhse na tochailte agus an bheirt phearsan a bhí ina lár; Pretty agus Brown. 

Fear ciúin, stuama, meabhrach, léannta é Brown. Seandálaí féinoilte den lucht oibre, fear a rugadh agus a tógadh ar fheirm sa chontae céanna. Le teann umhlaíochta, agus de bharr éirí in airde na tréimhse, ní thugann sé teideal an tseandálaí air féin. Tochaltóir atá baiste aige air féin. 

Tá Pretty ciúin inti féin ach an saol ag luí go trom uirthi. Ghnóthaigh sí áit ollscoile ina hóige ach níor cheadaigh a hathair di tabhairt faoi. B’éigean di aire a thabhairt don athair céanna ar feadh na mblianta. Ní raibh sí i bhfad pósta agus mac saolaithe di nuair a cailleadh a fear. 

Comhthuiscint idir an bheirt seo gur ó aicmí agus saol difriúil iad. An lucht féachana in amhras go gcuirfear caidreamh rómánsúil sa tsiúl ach tagann bean Brown ar an láthair. Ábhar frustrachais agus díomá eile do Pretty. Taispeántais chaolchúiseacha, chumasacha ón mbeirt acu. 

Tuigeann Brown ón tús cé chomh seanda is chomh luachmhar atá an taisce seo. Spior spear á dhéanamh ag na seandálaithe ardnósacha de thuairimí na cábóige. Nuair a thuigeann siad tábhacht na tochailte déanann siad iarracht Brown a bhrú go leataobh go tarcaisniúil. Seasann Pretty an fód dó, áfach. 

Ar eagla go rachadh cúrsaí liáin is sluaiste chun leadráin déantar iarracht scéal rómánsúil a bhrú isteach go liobarnach. Na seandálaithe Peggy Piggott (James)

agus Charles Phillips (Stott), ar lánúin nuaphósta iad, tagtha ’on dúthaigh le dul i mbun oibre. Níos mó suime aige féin sna fearaibh agus í féin ag spallaíocht le Rory Lomax (Flynn), ar duine gaoil le Pretty é.

Tá an Dara Cogadh Domhanda ag teannadh leo agus cuireann sin le díocas na tochailte. Léann agus obair chiúin cháiréiseach na seandálaíochta á cur i gcomparáid againn le héigiall gan chiall na cogaíochta a bhí le teacht. 

Tírdhreach méith oirdheisceart Shasana á shú isteach againn agus na seandálaithe ag obair leo sa bháisteach, sa phluda agus faoi sholas na gréine. 

Bogann an scannán ar aghaidh ar a bhogstróc agus éirímid gafa leis an tochailt sa chré. Eagla ar Brown go ndéanfaí é a ghlanadh ó stair na tochailte. Tuar ag teacht faoin drochthairngreacht mar cuirtear in iúl ag deireadh an scannáin nach bhfuair Brown aon aitheantas nuair a cuireadh na seoda ar taispeáint tar éis an chogaidh. Bhí Pretty básaithe faoin tráth seo. Bhí blianta fada ann sular cuireadh an éagóir sin ina ceart. Anois tá ainm Pretty is Brown luaite sa taispeántas i Músaem na Breataine. 

Scannán taitneamhach a thugann faoi scéal suimiúil a bhfuil an brón ina orlaí tríd.

Fág freagra ar 'Scannán lán machnaimh a théann ag tochailt go domhain i scéal suimiúil'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Bhuíochas faoin léirmheas sin, a Bhreandáin. Bíonn sé deacair rud ar bith fiúntach a aimsiú i measc an truflais ar Netflix. Meas tú an ndéanfá liosta de na scannáin nó sraitheanna fiúntacha atá le fáil agus d’fhéadfadh daoine a gcuid moltaí féin a chur leis?