Scannán faisnéise Gaeilge atá ábalta é a fhéachaint le plúr na saothar sa seánra sin in aon teanga

Buaileann an tintreach faoi dhó – tá scannán den scoth eile bronnta orainn ag an gcomhghuaillíocht a thug ‘Murdair Mhám Trasna’ dúinn

Scannán faisnéise Gaeilge atá ábalta é a fhéachaint le plúr na saothar sa seánra sin in aon teanga

Ba chloch mhíle i gcraoltóireacht na Gaeilge é Murdair Mhám Trasna nuair a tháinig sé os ár gcomhair in 2017. Dráma faisnéise tomhaiste, snasta, cumasach a bhí breá in ann é a fhéachaint le plúr na saothar sa seánra sin in aon teanga. Is amhlaidh an scéal i gcás The Queen v Patrick O’Donnell.

Bhí Murdair Mhám Trasna bunaithe ar leabhar le Seán Ó Cuirreáin agus sé an comhlacht léirithe ROSG a thug an scéal chuig an scáileán mór. Sí an mheitheal chéanna a thugann faoi The Queen v Patrick O’Donnell agus tá éirithe leo saothar dátheangach den scoth a chur os ár gcomhair arís. Insítear scéal fear Gaeltachta a ghlac páirt i gceann de na comhchealga dúnmharaithe is mó trácht i stair na hÉireann.

Ba scoiltghrúpa de chuid na bhFíníní iad The Invincibles a raibh sé d’aidhm acu oifigigh de chuid na Breataine in Éirinn a chur de dhroim seoil i ndeireadh an 19ú haois. I mí Bealtaine 1882 d’fheallmharaigh siad Príomh-Rúnaí na hÉireann Fredrick Cavendish agus an státseirbhíseach ba shinsearaí ar an oileán, Henry Burke, i bPáirc an Fhionnuisce. Chuir ‘Dúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce’, faoi mar a baisteadh orthu, an lasair sa bharrach agus chuir na póilíní fiosrúchán ollmhór sa tsiúl. I ndeireadh na dála thug ball den ghrúpa James Carey fianaise i gcoinne a iar-chomghleacaithe agus crochadh cúigear acu.

Ní nach ionadh, bhí an ghráin shaolta ag muintir na hÉireann ar Carey agus b’éigean dó tabhairt faoi chlár tearmann finné na linne in 1883. Agus é ar a shlí chuig an Afraic Theas lena theaghlach faoi ainm bréige bhuaileadar le Patrick O’Donnell ó Thír Chonaill agus bean a bhí ag taisteal in éineacht leis, Susan Gallagher. D’éirigh an bheirt fhear cairdiúil ach tar éis scaithimh a chaitheamh in Cape Town cuireadh ar a shúile do Patrick cérbh é a chara i ndáiríre. Agus iad ar bhád eile a bhí ag taisteal fan an chósta d’éirigh eatarthu agus chaith Patrick trí urchar le James. Dhein seo laoch de Patrick ag baile agus chuir sin tuilleadh fonn ar an mBreatain an tsúil ribe a chur air. Is mó cor agus casadh a chur an scéal de agus tarraingíodh aird Bhanríon Victoria Shasana, Victor Hugo agus Stát-Rúnaí Mheiriceá ar an gcás.

Tá an saothar tathagach suimiúil slachtmhar lán teannais seo bunaithe ar leabhar den teideal céanna le Seán Ó Cuirreáin agus labhraíonn an fear céanna go deisbhéalach, eolgaiseach i gcaitheamh an chláir. Is léir gur taighdeoir den scoth é agus go bhfuil bua faoi leith aige tuiscint dhomhain a fháil ar mhionsonraí scéil is iad a leabú sa chomhthéacs mór. Tá a rian sin le sonrú sa saothar scáileáin.

D’fhéadfaí an fadscannán seo, atá tuairim is uair an chloig go leith ar fhad, a roinnt i dtrí chuid éagsúil dar liom; an léargas ar The Invicibles, comhthéacs polaitiúil na linne, an feallmharú agus an fiosrúchán a bhí againn ar dtús, ansin bhí na heachtraí ar bháid na hAfraice Theas, agus ar deireadh bhí an cás cúirte.

Is dóigh go n-oireann an dráma faisnéise don scéal casta, ilghnéitheach seo.

Dar liom go bhfuil sé deacair go maith an dráma faisnéise a thabhairt ar an bport agus an chothromaíocht chuí a fháil idir an drámaíocht agus an fhaisnéis. Caithfear a chinntiú go bhfuil na míreanna drámaíochta slachtmhar go maith ach nach slogann siad an toise faisnéise.

Oireann an cur chuige don ábhar seo mar tá an-tábhacht ag baint leis na cloigne cainte leis an gcomhthéacs agus cúlra fairsing, casta a thabhairt ach oireann na míreanna drámaíochta dos na heachtraí ar an mbád agus i gcúirt an Old Bailey.

Deineann an stiúrthóir Tomás Seoighe a chúram go paiteanta agus tá aisteoireacht bhreá ó Eoghan Mac Giolla Bhríde, Stephen Jones, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh, Sophie Campbell, Peadar Cox agus Eoin Mac Diarmada. Cuireann an t-ionchur ó leithéidí Sheáin Uí Chuirreáin agus Áine Ní Bhreisleáin, Antoin Delap, Dónal Ó Baoill, Bríona Nic Dhiarmada, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill is Póilín Ní Chiaráin go mór leis an saothar.

Tá drámatúlacht ar leith ag baint leis na radharcanna cúirte agus arís eile éiríonn leis an meitheal na mionsonraí ar fad a chur os ár gcomhair go pointeáilte ach gan ligean do chúrsaí imeacht chun leadráin.

An mámh mór anseo ná go léiríonn cáipéisí atá aimsithe ag Ó Cuirreáin i gcomhaid de chuid na Breataine gur deineadh iomrall ceartais ar fhear Ghaoth Dobhair.

Buaileann an tintreach faoi dhó. Saothar fíorchumasach eile ó mheitheal ROSG.

Taispeánadh The Queen v Patrick O’Donnell mar chuid de Fhleadh Scannán na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Scannán faisnéise Gaeilge atá ábalta é a fhéachaint le plúr na saothar sa seánra sin in aon teanga'

  • Galt

    Tá mé ag tnúth go mór lena fheiceáil.