Scannán eachtraíochta maith, gan a bheith iontach é Star Wars – The Last Jedi

Tá an scannán Star Wars is déanaí breis agus dhá uair an chloig go leith ar fhad agus d’imigh rudaí chun leadráin agus ar bóiléagar ina lár istigh

Scannán eachtraíochta maith, gan a bheith iontach é Star Wars – The Last Jedi

Star Wars – The Last Jedi
Stiúrthóir: Rian Johnson
Cliar: Daisy Ridley, Mark Hamill, Adam Driver, Oscar Issac, Domhnall Gleeson, Benicio Del Toro, Andy Serkis, John Boyega.

‘You are no Vader,’ a deir Lord Snoke go tarcaisniúil le Ben Solo/Kylo Ren (Driver). B’fhíor dó, ar mhórán slite. ’Sé Ben Solo garmhac Darth Vader (an bithiúnach scannánaíochta is fearr riamh, b’fhéidir) ach mac le Han Solo (an gaiscíoch scannánaíochta is fearr riamh, b’fhéidir) é. Faraor, ní hé Ben oidhre éinne den bheirt acu, agus dá bharr is é an t-ábhar díomá is mó sa táirge seo, dar liom. Tá bithiúnach téagartha riachtanach d’aon táirge eachtraíochta agus ní dóigh liom go bhfuil Ben tagtha in inmhe agus is cosúla le déagóir ciotrúnta ná Darth Vader ar uairibh é. 

Chun a cheart a thabhairt dó, agus don scannán trí chéile, tá sé an-deacair lorg an fheiniméin a leanúint. Tá Han, Vader, Skywalker, Leia, Yoda srl. neadaithe go daingean sa chultúr coiteann. ’Sé an cúram a leag an chéad ghála den chnuasach nua – The Force Awakens – air féin ná an aisling a fhágaint le huacht ag an gcéad ghlúin eile de charachtair, aisteoirí agus lucht féachana. D’éirigh leis sin a dhéanamh ach caithfear tógaint air sin go cáiréiseach, cumasach agus níl cuid de na carachtair tar éis forbairt chun mo shástachta. 

Tá Solo róphatuar, cuireann Dameron (Issac) pip orm agus n’fheadar cén ról atá ag Finn (Boyega). Lena chois sin ba chuma ann nó as do R2-D2 agus Chewbacca bocht. Ar an taobh eile den scéal is carachtar iontach í Rey (Ridley), í cróga, caithiseach agus casta. Anuas air sin, tugann Hamill an taispeántas is fearr riamh uaidh, b’fhéidir, tugann Gleeson faoina chúram le flosc agus tá a scannán féin dlite do BB8.

Cuirtear radharc aicsin den chéad scoth os ár gcomhair ag an tús le spásárthaigh na gceannairceach agus an ‘First Order’ ag comhrac lena chéile. Bhí mír ghrinn an-mhaith anseo agus Dameron ag ligint air go bhfuil droch-chomhartha ar a ghléas cumarsáide fad is atá Hux (Gleeson) ag cur de go sollúnta, bagarthach.

Is ansin a dhéantar Ahch-To (Sceilg Mhichíl) a chur os ár gcomhair agus tugtar siar sinn chuig deireadh an chéad ghála mar ar thug Rey an claíomh solais do Luke. I bhfaiteadh na súl tá an claíomh caite thar a ghualainn aige; mír ghrinn eile; ach an babhta seo cuireann sé an radharc dá bhuille ábhairín, agus is rud é sin a tharlaíonn cúpla babhta. Ós ag caint ar ghreann mé déanann na porganna (atá bunaithe ar phuifíní na Sceilge ) iad féin a radadh i lár an aonaigh lena straoiseanna seoigh, gleoite agus brónacha. Murach iad agus gníomhartha gaisce agus aite BB8 is beag cúis gháire le dealramh a bheadh againn.

Fad is atáimid i gCiarraí déantar tuilleadh tochailte ar cad a tharla idir Skywalker agus Solo. I rith an ama cítear Rey ag teacht chun coinlíochta mar Jedi agus í gcoimhlint chomh maith leis an taobh dorcha den fhórsa. Ag an am céanna tá Finn, Dameron agus a gcomhghuaillithe ag iarraidh na cosa a thabhairt leo ó ionsaithe fíochmhara de chuid a naimhde. Tá an saothar breis agus dhá uair an chloig go leith ar fhad agus d’imigh rudaí chun leadráin agus ar bóiléagar ina lár istigh, go mór mór nuair a tugadh turas ar chathair chearrbhachais.

Tá comhrac beirte sásúil go maith againn ag ceann scríbe agus fágtar rudaí débhríoch a ndóthain ag an deireadh maidir le cinniúint duine de na carachtair agus an fhéidearthacht go bhfillfí ar Chiarraí.

Scannán eachtraíochta maith atá anseo, gan a bheith iontach; táirge nach bhfuil inchurtha ó thaobh na gcarachtar leis an gcnuasach bunaidh as ar eascair sé.

Fág freagra ar 'Scannán eachtraíochta maith, gan a bheith iontach é Star Wars – The Last Jedi'