Scannán aicsin, ficsean eolaíochta leathmhaith, ar nós na coda eile

Ní bhuafaidh ‘The Tomorrow World’ aon duaiseanna ach is scannán aicsin cuibheasach go leor é a shásóidh iad siúd a thaithíonn an seánra sin

Scannán aicsin, ficsean eolaíochta leathmhaith, ar nós na coda eile

The Tomorrow War
Stiúrthóir: Chris McKay
Cliar: Chris Pratt, Betty Gilpin, Jasmine Matthews, J.K. Simmons, Yvonne Strahovski, Ryan Kieran Armstrong

De ghnáth sé an tráth seo bliana biaiste na scannán mór-eachtraíochta agus an lucht féachana ag baint lán a gcuid súl as eachtraíocht is áiféis ar an scáileán mór. Is mó rud atá athraithe ag paindéim an Chovid ach ó thaobh na scannánaíochta is cinnte go bhfuil stádas na n-ardán ar líne (Netflix, Amazon Prime Video, Disney+ srl) neartaithe go mór.

Bhí sé i gceist The Tomorrow War a thaispeáint ar an scáileán mór ach i ndeireadh na dála tá sé chugainn ar Amazon Prime Video. ’Séard atá againn ná scannán aicsin, ficsean eolaíochta ar nós na coda eile.

Le bheith níos cirte faoi tarraingíonn an scannán ciútaí is téamaí chuige féin ó scannáin éagsúla agus mheabhraigh snáithe áirithe den scéal saothair amhail Starship Troopers, Prometheus, Aliens agus Interstellar dom. Cuid acu sin níos fearr ná a chéile, cuid acu iontach amach is amach. An ceann seo cuibheasach gan a bheith maíteach.

I mí na Nollag 2022 seo Dan Forester (Pratt) ag faire ar chluiche sacair ar an teilifís lena iníon Muri (Armstrong) nuair a phléascann tintreach dhathannach de shaghas agus tagann saighdiúirí ar pháirc na himeartha. Fógraíonn siad go bhfuil siad tagtha ón mbliain 2051 le foláireamh a thabhairt agus lámh chúnta a lorg maidir le cogadh le harrachtaigh eachtráin atá ar tí an cine daonna a scrios. Tá cúlra míleata ag Dan agus is múinteoir bitheolaíochta é anois.

Tá’s againn go mbainfidh sé leas as scileanna agus saineolas na ngairmeacha seo sa chath atá le teacht.  Vae linn.  Amthaisteal, arrachtaigh ainrianta scanrúla, foréigean, carúil ghrinn, caidreamh idir athair is mac agus athair is iníon. Tá na ciútaí seanchaite ar fad á dtarraingt isteach sa chúram. Lena chois sin ar fad déantar ábhairín seanmóireachta faoi chúrsaí timpeallachta. Radharcanna aicsin spleodracha againn ach táid feicthe cheana againn.

Bhain Chris Pratt an-cháil amach dó féin sna cnuasaigh Jurassic Park, Guardians of the Galaxy agus na Avengers. Ní haon iontas gur thug sé fé scannán mór-eachtraíochta den saghas seo. Níl a shárú ann le tabhairt faoi ról an leábharaic gheanúil. Cé gur aisteoir caithiseach é, ní aisteoir cumasach é, go mórmhór i radharcanna drámatúla.

Níl sé in ann é a fhéachaint leis na haisteoirí iontacha Simmons agus Strahovski (Serena ó The Handmaids Tale). Tá sé deas ar na carúil agus na míreanna grinn, áfach agus bhí ábhairín acu seo ann. Is cinnte go gcabhródh a thuilleadh díobh leis an scannán a dhealú ón ngnáthscannán san iomaire seo.

Tá’s ag an saol Fódlach nach mbuafaidh an saothair seo aon duaiseanna ach is scannán aiscin leathmhaith go leor é a shásóidh iad siúd a thaithíonn an seánra seo.

Fág freagra ar 'Scannán aicsin, ficsean eolaíochta leathmhaith, ar nós na coda eile'