‘Scannalach’ go gcuirfeadh colúnaí nuachtáin ‘brainwashing’ i leith scoileanna lán-Ghaeilge

Dúirt an t-údar agus tráchtaire Ruth Dudley Edwards gur dheas léi deimhniú a fháil go ndéantar cigireacht ar scoileanna lán-Ghaeilge ‘to ensure they’re not political recruiting grounds’

‘Scannalach’ go gcuirfeadh colúnaí nuachtáin ‘brainwashing’ i leith scoileanna lán-Ghaeilge

Ruth Dudley Edwards

Tá freagra tugtha ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta ó thuaidh ar cholúnaí nuachtáin a mhaígh go bhféadfadh go bhfuil “brainwashing” ar bun ag Gaelscoileanna ó thuaidh.

I gcolún dar teideal ‘Brainwashing seems to be an issue with young Irish speakers judging by TV’s The Top Table’ ar The Belfast Telegraph, dúirt an t-údar agus tráchtaire Ruth Dudley Edwards gur dheas léi deimhniú a fháil go ndéantar cigireacht ar scoileanna lán-Ghaeilge “to ensure they’re not political recruiting grounds”.

Bhain colún Dudley Edwards le clár teilifíse de chuid an BBC ina dtugtar deis do dhaoine óga a dtuairimí faoin saol agus faoi chúrsaí reatha a chur in iúl.

Mar chuid den chlár The Top Table chuir an láithreoir Stephen Nolan daoine óga i scoil lán-Ghaeilge in iarthar Bhéal Feirste faoi agallamh maidir lena dtuairimí faoi cheisteanna polaitíochta agus eile, ag áireamh ceist an Achta Teanga do Thuaisceart Éireann.

“…Stephen Nolan’s visit to a Gaelscoil gave me the creeps,” a scríobh Dudley Edwards agus í den tuairim go raibh na daltaí ar fad a cuireadh faoi agallamh “on message” fad is a bhain sé le cúrsaí polaitíochta agus leis an éileamh ar Acht Gaeilge.

“A 12-year-old ticked off Stephen when he mentioned Northern Ireland by saying “it’s the North of Ireland”. “You’re angry, aren’t you?” he asked one of them gently. “Who isn’t?” replied the kid. Is this education or brainwashing?

“The State pays for Gaelscoileanna.

As a taxpayer, I’d like reassurance they’re being properly inspected to ensure they’re not political recruiting grounds,’ a scríobh an colúnaí de chuid The Belfast Telegraph. 

Mhaígh Dudley Edwards gur chuir cailín eile, 17 bliain d’aois, a ghlac páirt sa chlár céanna, lagmhisneach uirthi toisc í a bheith ag tarraingt ar an “Sinn Fein playbook” agus toisc gur luaigh sí ina cuid cainte ‘na Sé Chontae’, ‘an Tuaisceart’, ‘stádas speisialta do Thuaisceart Éireann’, ‘cearta teanga mar chearta daonna’ agus ‘leatrom’ a bheith á dhéanamh ar phobal na Gaeilge.

Ag labhairt dó faoin gcolún, dúirt Pilib Ó Rúnaí ó Iontaobhas na Gaelscolaíochta nár chúis iontais dó gur scríobh Ruth Dudley Edwards “píosa diúltach ar an Belfast Telegraph faoi dhaoine óga as iarthar Bhéal Feirste a léiríonn tuairimí poblachtacha agus a cheistíonn an easpa tacaíochta atá ar fáil don Ghaeilge ag an stát i dtuaisceart na hÉireann”.

Dúirt sé, áfach, gur bhain “donas” leis an gcolún sa mhéid is nach mbeadh cur amach ag cuid mhór de lucht léitheoireachta The Belfast Telegraph ar an nGaeilge nó ar an nGaelscolaíocht.

“In áit a bheith ag fáil amach fá na buntáistí agus an luach breise atá sa tumoideachas, faigheann muid fíricí malartacha ó scríbhneoir atá ag iarraidh bheith conspóideach in áit daoine a chur ar an eolas,” a dúirt Pilib Ó Rúnaí.

Dúirt sé go raibh sé “scannalach” gur dhírigh Dudley Edwards go sonrach agus “go pearsanta” ar bhean óg amháin ina colún agus gur chuir colúnaí “brainwashing” i leith scoil lán-Ghaeilge.

Dúirt Ó Rúnaí go raibh “an-éagsúlacht” ann i measc daltaí scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh agus go mbeadh “tuairimí difriúla acu ar go leor ceisteanna” dá bharr. Ní haon iontas é, áfach, a dúirt sé, go bhfuil na daltaí sin “paiseanta fán Ghaeilge”.

“Dála gach scoil eile sa chóras oideachais, caithfidh gach Gaelscoil an curaclam a sholáthar ina iomláine agus déantar cigireacht orthu agus monatóireacht leanúnach orthu le bheith cinnte go bhfuil sin amhlaidh.

“Le deich mbliana anuas nuair a bhí titim ar líon na ndaltaí sa chóras oideachais tháinig méadú leanúnach ar an líon daltaí in earnáil na Gaelscolaíochta. Vóta muiníne atá ansin sna scoileanna agus sna múinteoirí atá ag soláthar oideachas den scoth agus atá i bhfad ón brainwashing, mar atá á mhaíomh ag Ms Dudley Edwards,” a dúirt Ó Rúnaí.

Fág freagra ar '‘Scannalach’ go gcuirfeadh colúnaí nuachtáin ‘brainwashing’ i leith scoileanna lán-Ghaeilge'