Scannal scéim an RHI – an chonspóid inathnuaite

Go praiticiúil, is é an pobal a dhéanfaidh breithiúnas ar chonspóid an RHI. Ba cheart go mbeadh imní ar a lán san aicme pholaitiúil

Scannal scéim an RHI – an chonspóid inathnuaite

Ba í an chnámh spairne ba chionsiocair le titim Stormont ag tús na bliana seo – an scéim fuinnimh inathnuaite, an RHI. Ba é an t-údar conspóide a bhuail an buille marfach ar an gcomhoibriú idir an DUP agus Sinn Féin. Cé go rabhthas á áireamh go mbeadh róchaiteachas chomh hard le leathbhilliún punt ar an scéim i gcaitheamh 20 bliain, chomh maith le líomhaintí faoi mhí-iompar agus faoi chaimiléireacht, is beag aird a bhí ar an scannal le tamall.

Tá an dá mhórpháirtí ag coraíocht lena chéile le leathbhliain faoi Ghaeilge, Ultais, cultúir, pósadh comhghnéis, oidhreacht na dtrioblóidí agus meascán mearaí de cheisteanna eile, ach fágadh scannal an RHI faoi fhiosrúchán poiblí.

An mhí seo chugainn cuirfidh an Breitheamh Sir Patrick Coghlin, cathaoirleach an fhiosrúcháin, tús le héisteachtaí poiblí faoi conas a bunaíodh an scéim gan aon srianta ar chaiteachas, conas a riaradh í agus cé mar a ligeadh do roinnt úsáideoirí coirí a rith de lá agus d’oíche chun fóirdheontais ollmhóra a shaothrú. Bhí an scannal faoi chaibidil ag athbhreithniú breithiúnach san Ardchúirt i mBéal Feirste le seachtain anuas, áfach. Dé Luain, d’admhaigh dlíodóir thar ceann na roinne a bhí freagrach as an RHI go ndearnadh botún bunúsach tubaisteach “fundamental catastrophic error” nuair a bunaíodh an scéim.

An Roinn Fiontair, Trádála agus Tionscail, DETI ab ainm don roinn faoi cheannas Arlene Foster nuair a bunaíodh an RHI; an Roinn Eacnamaíochta a thugtar uirthi anois. Thug Tony McGleenan abhcóide sinsir cuntas na Roinne

ar an scéal. Bhí an scéim in ainm is a bheith neamhdhíobhálach don timpeallacht, a dúirt sé, ach ba é a mhalairt a tharla. Saobhdhreasacht chun teas a úsáid ab ea é, ar sé agus é ag cosaint an bheartais a rinneadh chun costas a smachtú. Bhí an botún chomh mór sin a dúirt an t-abhcóide go raibh an ceart ag an Roinn céimeanna dlíthiúla neamhghnácha a ghlacadh chun téarmaí na gconarthaí leis na húsáideoirí a athrú, go cúlghabhálach.

Cumann de chuid úsáideoirí an RHI a d’éiligh an t-athbhreithniú breithiúnach ar an gcinneadh an fóirdheontas a laghdú. Gealladh d’úsáideoirí go bhfanfadh an ráta íocaíochta mar a bhí go ceann scór blianta agus maíonn na héilitheoirí gur sháraigh cinneadh éigeandála na Roinne an gheallúint sin. Dúirt abhcóide an chumainn Gerry Simpson go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha aige dá lán eile, seachas a chliaint féin, dá gceadófaí an t-athrú cúlghabhálach sin ar an taraif.

Nuair a bhí an scéim á bunú aici scríobh an tAire Arlene Foster ag na bainc ag dearbhú go mbeadh clásal ag dul léi go mairfeadh na taraif go ceann fiche bliain. B’ionann sin agus barántas nach n-athrófaí an ráta, ugach do bhainc chun iasachtaí a thabhairt do dhaoine le coirí a cheannach.

Dúirt an t-abhcóide Simpson nach mbeadh muinín ag aon infheisteoir feasta i scéim rialtais dá gcuirfí an barántas sin ar ceal sa chás seo. Má cheadaítear na cosa a bhaint d’úsáideoirí an RHI, ar sé, conas a bheadh muinín ag an bpobal as aon scéim phoiblí go deo arís. Má ligtear don Roinn droim láimhe a thabhairt lena ghealltanas an uair seo, ar sé, cé a chuirfidh muinín i gcoimitmint rialtais go deo arís.

Díol suntais ab ea é go raibh daoine a bheidh páirteach sa bhfiosrúchán poiblí faoin RHI i láthair san Ardchúirt ag faire ar na himeachtaí. Ina measc bhí an dlíodóir a bheidh ina ionadaí ag Arlene Foster agus daoine eile ón DUP. D’fhógair an Breitheamh Coghlin le déanaí go mbeadh stádas rannpháirtíochta speisialta ag an iarChéad-Aire, ceannaire an DUP sa bhfiosrúchán. Fágann sé sin go mbeidh rochtain aici ar ráitis na bhfinnéithe uilig. I measc scór duine eile tá an stádas speisialta tugtha do Jonathan Bell chomh maith, cor suimiúil i bhfianaise an easaontais atá idir Bell agus Foster, an bheirt a bhí freagrach as an RHI agus iad ina n-airí.

Cibé cinneadh a dhéanfaidh an Breitheamh Colton san Ardchúirt tá tréimhse fhada i ndán dúinn nuair a bheidh aird an phobail ar éisteachtaí poiblí an fhiosrúcháin. Táthar ag déanamh talamh slán de go mbeidh taifead na bpolaiteoirí logánta faoi scrúdú ar bhealach nach bhfacthas go dtí seo. Beidh a gcumas á iniúchadh chomh maith, bíodh siad ar ais i Stormont nó fós ‘ag caint’. Cé mar a chruthóidh siad? Ní féidir leis an bhfiosrúchán éinne a chiontú, tig leis daoine a cháineadh agus má bhíonn amhras faoi iompar aon duine is féidir an scéal a chur faoi bhráid an PSNI. Go praiticiúil, is é an pobal a dhéanfaidh breithiúnas. Ba cheart go mbeadh imní ar a lán san aicme pholaitiúil.

Fág freagra ar 'Scannal scéim an RHI – an chonspóid inathnuaite'