Scannal na mbanc bia – gá ag 26,000 teaghlach le soláthar bia ar bhonn éigeandála

Faraor, ní ocras a bheith ar pháistí an t-ábhar atá ag dó na geirbe ag formhór na n-iarrthóirí i dtoghchán Stormont

foodbanks-1038x576

Bhí na páirtithe i mbun feachtais ag iarraidh a dhul ar ais i gcumhacht nuair a foilsíodh tuarascáil go raibh méadú ollmhór ar an éileamh ar bhainc bhia.

Má scanraigh sé an t-anam as na polaiteoirí a bhí ag stocaireacht, ag iarraidh vótaí is maith mar a d’éirigh leo é a cheilt. Ní ocras a bheith ar pháistí an t-ábhar a bhí ag dó na geirbe ag formhór na n-iarrthóirí.

San tuairisc bhliantúil a d’fhoilsigh an Trussell Trust le déanaí nochtadh go raibh gá ag beagnach 26,000 teaghlach le soláthar éigeandála bia le haghaidh trí lá.

B’in méadú 50% nach mór ar an mbliain roimhe. Tá gar do dhá scór banc bia ag an iontaobhas i dTuaisceart Éireann anois, an chuid is mó acu i mBéal Feirste.

Údar alltachta ab ea é gur ‘cháiligh’ an oiread sin daoine do chabhair éigeandála ó bhainc bhia. Ní daoine a shiúlann isteach ón tsráid ag iarraidh béile atá i gceist anseo ach daoine nach mbeidh in ann a dteaghlach a bheathú go ceann roinnt laethanta. Is iad na húdaráis leasa shóisialaigh a thugann an páipéarachas do dhuine le dhul i muinín na carthanachta.

Tharraing an tuairisc aird an athuair ar an bhfaillí atá déanta ag Stormont sa straitéis fhrith-bhochtanais. Cuireadh buiséad i leataobh don chúram ach níor caitheadh é. Anuraidh rialaigh an Ard-Chúirt gur theip ar an bhFeidhmeannas ina dhualgas. Ghlac siad le prionsabail agus ailtireacht straitéise, dar leis an mbreitheamh, ach ní dhearna siad an obair phraiticiúil chun iad a chur i bhfeidhm le dhul i ngleic le bochtanas, eisiamh sóisialta agus díothacht. Ba í an eagraíocht chearta daonna, an CAJ a thug an Feidhmeannas chun cúirte. Ba bheag toradh a bhí ar a mbua go fóill.

Daoine ar leith ab ea an 25,755 a fuair an chabhair éigeandála (méadaithe ó 17,425 an bhliain roimhe). Daoine iad a bhí i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh nó a bhí ar phá íseal agus i dteideal airgid sa bhreis. Daoine ar phá ró-íseal ab ea aon trian díobh agus dúirt an ceardchumann Unite gur mhór an náire é nach raibh dada déanta ag polaiteoirí faoin mbunráta pá a ardú. Tá forógraí toghcháin na bpáirtithe an-tógtha le fostaíocht agus infheistíocht ach ní mór dóibh díriú feasta ar phostanna a mbeidh pá réasúnta le fáil orthu; caithfear eacnamaíocht an ísealphá a sheachaint.

Sa mhullach ar an líon mór daoine a chuaigh ag bainc bhia tá líon na ndaoine gan dídean ag fás. Tá méadú mór ar an éileamh ar sheirbhísí chumann Uinseann de Pól agus a leithéidí freisin. Ní chluintear oiread cainte faoi bhochtanas agus easpa dídine anseo is a chluintear ó dheas cé gur tarraingíodh aird le tamall anuas ar na fadhbanna nuair a fuair daoine bás ar na sráideanna, scannal ar dhírigh Tuairisc.ie air cúpla babhta cheana.

Cé is moite de na briathra uaillmhianacha i bhforógraí an toghcháin is beag fianaise atá againn gur cás leis an bhFeidhmeannas i Stormont an bochtanas. Ó nochtadh an nuacht faoin na bainc bhia tá níos mó vótóirí ag caint ar an scannal seo, cuid acu ag rá gur cheistigh siad polaiteoirí faoi. An leor sin mar bhrú? N’fheadar, ach i bhfianaise a bhfuil le feiceáil ar an sráideanna – daoine ag iarraidh déirce, daoine gan dídean agus fógra i ndiaidh fógra ó charthanachtaí ag iarraidh tacaíochta – b’fhéidir go mbeidh dóthain brú ar na hionadaithe sa chéad Tionól eile chun tabhairt faoin obair.

Fág freagra ar 'Scannal na mbanc bia – gá ag 26,000 teaghlach le soláthar bia ar bhonn éigeandála'