An Eaglais Phreispitéireach uile-Éireann ina cíor thuathail. Fiosrú coiriúil ar siúl ag an PSNI. An Modhnóir a bhí ina chléireach/príomhfheidhmeannach ar feadh blianta éirithe as oifig de bharr teip ar chosaint leanaí. Tionól ginearálta speisialta le reáchtáil i gceanncheathrú na hEaglaise Preispitéirí. Mórán ball den Eaglais thar a bheith míshásta agus iad ag éileamh fiosrú poiblí neamhspleách.
Baineadh siar as a lán Preispitéireach agus an pobal fré chéile an mhí seo caite nuair a d’fhógair an Dr Trevor Gribben go raibh sé ag éirí as mar Mhodhnóir, mar Chléireach agus mar Rúnaí. Bhí sé ina Chléireach ó 2014, post an-chumhachtach san Eaglais. Dúirt sé nach raibh sé freagrach as an bpróiseas cosanta ach go raibh sé ag éirí as oifig mar gur faoina cheannas a tharla na heasnaimh. Ní raibh sé toilteanach ceisteanna a fhreagairt.
Léirigh fiosrú inmheánach go raibh easnaimh agus laigí suntasacha ar fheidhmiú agus ar chóras cosanta na hEaglaise idir 2009 agus 2022. Bunaíodh an fiosrú nuair a ciontaíodh fear a raibh ról aige san eaglais as mí-úsáid ar pháistí. Dúirt an Eaglais ó bhris an scannal gurb eol dóibh gur deineadh dochar do líon áirithe daoine ach gur dhócha go raibh níos mó íobartach i gceist.
Dúirt an Cléireach eatramhach go raibh na heasnaimh ar chosaint leanaí do-mhaite, d’impigh sé ar íobartaigh agus marthanóirí teagmháil a dhéanamh leo nó a dhul ag na póilíní murar mian leo a bheith ag plé leis an Eaglais.
Nuair a ghlac Modhnóir nua ceannas Dé Luain seo caite d’fhógair sé Tionól ginearálta speisialta roimh Nollaig -ar an 18 Nollaig chun an scannal a phlé. Díol suntais ag go leor conas a reáchtálfar an díospóireacht. An mbeidh cead ceiste ag daoine, cead milleáin? Bhí sé de nós le roinnt blianta cosc a chur ar cheisteanna achrannacha, go leor de na baill ag maíomh go ndeirtí leo go mbeidís ciontach as easumhlaíocht (‘contumacy’ – téarma seanfhaiseanta) dá mbeidís ceisteach.
Tá an-chuid ceisteanna gan freagairt, an Eaglais ag rá nach féidir aon rud a nochtadh toisc go bhfuil fiosrú ar bun ag an PSNI. Tá na póilíní ó thuaidh i dteagmháil leis na Gardaí mar gur Eaglais uile-Éireann í seo, le cuallachtaí ar dhá thaobh na teorann. Thairis sin tá a fhios anois gur cuireadh ceannaireacht na hEaglaise ar an eolas in 2015 faoi chás mí-úsáide i gcontae Dhún na nGall ach nár cuireadh na húdaráis chuí ar an eolas.
Saineolaí idirnáisiúnta ar shábháilteacht is ea Ian Elliott. Chuir sé comhairle ar an Eaglais Chaitliceach faoi conas déileáil le mí-úsáid ghnéis. Blianta ó shin d’iarr an Eaglais Phreispitéireach a chomhairle faoi chás i nDún na nGall ina dtáinig sé chun solais go ndearna ball den eaglais mí-úsáid ar bhuachaillí; bhí an ciontóir marbh. Rinne Elliott moltaí faoin iompar ceart, eolas do na Gardaí agus cabhair do na híobartaigh.
Ní raibh baint aige leis an Eaglais Phreispitéireach arís go dtí 2023 nuair a iarradh air a bheith ar phainéal. Fuair sé amach nach raibh taifead ar bith coinnithe faoi chás Dhún na nGall agus nár léir gur cuireadh comhairle nó tacaíocht ar fáil do na híobartaigh. Thairis sin b’fhacthas dó go raibh cur chuige na hEaglaise chomh lochtach, easnamhach sin gur éirigh sé as an bpainéal.
Deir daoine eile a raibh ról sábháilteachta acu ó am go chéile gur dúnadh doirse ina n-aghaidh nuair a d’fhéach siad leis an gcóras a neartú. Tá a fhios gur éiligh an Eaglais comhaontuithe um neamhnochtadh mar a thugtar orthu –rúndacht éigeantach – faoi shocruithe a rinneadar le roinnt íobartach. Nochtadh míshuaimhneas faoi bhealaí iompair san eaglais cúpla babhta le roinnt blianta anuas. Sa chás is iomráití chuir iarcheannaire Alliance, an Tiarna John Alderdice, Preispitéireach aitheanta, comhad le chéile faoi ghearáin maidir le bulaíocht agus ciapadh. Chuir sé an comhad faoi bhráid Choimisiún na gCarthanas ach níl tada déanta. Tá súil aige go mbeidh a chuid ábhair ina chuid d’fhiosrú cuimsitheach.
Teastaíonn fiosrú cuimsitheach ó thuismitheoirí freisin, go leor an-bhuartha nár cuireadh ar an eolas iad faoi chiontóir go dtí an dara huair ar ciontaíodh é. Tá ionaid chúraim do sheandaoine ag an Eaglais Phreispitéireach freisin. I bhfianaise a bhfuil tagtha chun solais le mí cén t-iontas é teaghlaigh a bheith imníoch faoi chaighdeáin sábháilteachta dá muintir.
Nuair a chuirtear san áireamh gach a bhfuil foghlamtha le scór go leith bliain faoin dochar a rinne institiúidí d’íobartaigh is dá muintir ar láimh amháin, agus dá gcáil agus dá seasamh morálta féin ar an láimh eile, tá iompar na gceannairí Preispitéireacha ionann’s dothuigthe. An féidir ag an tráth seo nár thuig siad a ndualgaisí dlíthiúla? Nár thuig siad go raibh a bhfaillí do-chosanta agus míréadúil? Ar shíl siad nach bhfaigheadh éinne amach? Go raibh siadsan chomh heisceachtúil go gcoinneodh siad scannal faoi rún?
Tá damáiste as cuimse déanta. Ní bheidh sé furast a leigheas.
Fág freagra ar 'Scannal na hEaglaise Preispitéirí – neamhaird ar íobartaigh na mí-úsáide'