Scannáin ón Áise agus ón Afraic luaite le hábhar nua Ardteiste ach trácht ar bith shaothair Ghaeilge

Cé go ndeirtear i gcáipéis eolais faoin ábhar nua - Drámaíocht, Scannánaíocht agus Amharclannaíocht - go mbeidh scannáin i dteangacha seachas an Béarla á staidéar ag daltaí, ní luaitear scannáin Gaeilge

Scannáin ón Áise agus ón Afraic luaite le hábhar nua Ardteiste ach trácht ar bith shaothair Ghaeilge

Níl an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta [NCCA] sásta a rá an mbeidh scannáin Ghaeilge mar chuid den churaclam drámaíochta nua atá le forbairt don Ardteist.

D’fhógair an Roinn Oideachais níos luaithe i mbliana go raibh dhá ábhar nua – Drámaíocht, Scannánaíocht agus Amharclannaíocht; agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe – le forbairt do shiollabas na Sraithe Sinsearaí. Beidh an dá ábhar ar fáil ar dtús i líon beag scoileanna in 2024.

Tá obair ar bun cheana féin chun na hábhair a fhorbairt agus comhairliúcháin phoiblí ar bun ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta i láthair na huaire.

Tá cáipéis eolais foilsithe ag an NCCA mar chuid den chomhairliúchán ar Léann na Drámaíochta, na hAmharclannaíochta agus na Scannán, cáipéis ina dtugtar treoir faoina bhféadfadh a bheith i gceist san ábhar nua.

Cé go ndeirtear sa cháipéis go mbeidh scannáin i dteangacha seachas an Béarla á staidéar ag daltaí, ní luaitear scannáin Ghaeilge a bheith mar chuid den churaclam nua.

“Ar na forbairtí scannán lasmuigh den chanóin iarthair/Bhéarla beidh iniúchadh ar shaothar na scannánóirí ón Áise, ón Afraic agus ón Eoraip,” a deirtear.

Nuair a chuir Tuairisc sraith ceisteanna chuig an NCCA faoin ábhar nua, ní raibh an NCCA sásta a rá an mbeadh nó nach mbeadh scannáin Ghaeilge san áireamh.

Dúradh go raibh grúpa forbartha le tionól an tseachtain seo chugainn agus cuirfidh an grúpa seo moltaí agus comhairle ar fáil faoin tsonraíocht nua.

Tá ráite ag TG4 go mbeadh siadsan sásta dá mbeadh cuid de na scannáin Ghaeilge atá déanta don stáisiún le blianta beaga anuas mar chuid de churaclam an ábhair nua sa drámaíocht.

Tá ardmholadh agus gradaim idirnáisiúnta bainte amach ag scannáin atá déanta faoin scéim Cine4, a fhaigheann maoiniú ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

An Cailín Ciúin, a bhuaigh ocht gcinn de ghradaim IFTA agus atá le dul san iomaíocht do ghradam Oscar, agus Róise & Frank, atá sna pictiúrlanna faoi láthair i measc na scannán Gaeilge de chuid Cine4 bhfuil gradaim mhóra agus léirmheasanna moltacha faighte i mbliana acu.

Fág freagra ar 'Scannáin ón Áise agus ón Afraic luaite le hábhar nua Ardteiste ach trácht ar bith shaothair Ghaeilge'

  • Eimear

    Bí cinnte nach mbeidh. Aineolas ar chultúr agus ar thraidisún shaibhir amharclannaíochta na tíre.

  • Pat Butler

    Molaim go hArda Neimhe an cinneadh go mbeidh scannáin ón Áis orthusan a chuirfear ar chlar an chúrsa nuabheartaithe.
    Is iomaí iontas atá le sonrú i ngarraí na gcomharsan.

    Ach, muna bhfuil leithéid ‘Doineann’, ‘Róise agus Frank’ nó ‘An Cailín Ciúin’ féin taobh le hobair Wong Kar Wei, beidh bharrthuisle do-mhaite bainte astu féin – ní don chéad uair – ag na húdaráis oideachais.

    Fanam le fonn ar an U-chasadh!