SCANNÁIN 2017: Trainspotting, Bladerunner agus Star Wars ag filleadh …

É sin ar fad agus Paul Thomas Anderson i mbun comhghuaillíochta arís leis an saoiste é féin, Daniel Day-Lewis

SCANNÁIN 2017: Trainspotting, Bladerunner agus Star Wars ag filleadh …

Suburbicon

Meitheal chuidsúlach sa cheann seo. Comhghuaillíocht idir na deartháireacha Coen agus Clooney a sholáthair an scríbhinn agus tá Clooney ar an stiúir chomh maith. Scannán a bheidh lonnaithe sna caogaidí agus a dhíríonn ar ghnáthdhuine – Matt Damon agus é ag tiargáil chun a bhean chéile a mharú le gur féidir leis luí lena deirfiúr (Julianne Moore). An fabht san éide ná go dtugann a mhac a chleasaíocht fé ndeara. Oscar Issac agus Josh Brolin sa chliar chomh maith.

The Secret Scripture

Táirge a bheidh bunaithe ar leabhar mór-ráchairte le Sebastian Barry, saothar a chroch leis duais an ‘Man Booker’ in 2008. Díreofar ar bhean atá céad bliain d’aois atá buailte fúithi in ospidéal meabhairghalair i Ros Comáin agus a thugann faoina cuimhní cinn a bhreacadh ar phár. An draoi Jim Sheridan ar an stiúir agus an t-aisteoir cumasach Rooney Mara a bheidh mar cheann feadhna. Vanessa Redgrave, Eric Bana, Jack Reynor agus Tom Vaughan-Lawlor mar leathbhádóirí aici.

Star Wars: Episode VIII

Tá athbheochan ar tháirge síoraí George Lucas faoi lán seoil leis an ngála is déanaí, Rogue One, chugainn an Nollaig seo. Is le gála na bliana seo chugainn atá muintir Iarthar Duibhneach ag súil, áfach, agus tine ar a gcraiceann cheana féin féachaint cé mhéad den scannán a bheith lonnaithe sa dúthaigh. Mar is dual d’aon táirge ón gcnuasach seo is ag Dia amháin atá a fhios cad a bheidh idir chamáin ann. Is é is dóichí ná a mhalairt go mbainfidh an chéad chuid, ach go háirithe, leis an traenáil a chuirfidh Luke Skywalker ar Rey. Níl ainm an scannáin ar eolas fiú ach tá Sceilg Mhichíl lárnach sa réamhbhlaiseadh.

T2: Trainspotting

Drugaí, gnéas, drochchaint, foréigean, slaiseanna diamhaire, tráchtaireacht dheisbhéalach, stiúradh samhlaíoch agus ceol suaithinseach. Ba chloch mhíle scannánaíochta é Trainspotting Danny Boyle, gan aon agó. Go deimhin bhí aisteoir Conamarach ar m’aithne a bhíodh in ann an scannán ar fad a aithris aon uair go mbíodh braon fén bhfiacail aige. Cé go bhfuil sé cruthaithe go paiteanta ag Danny Boyle ó shin go bhfuil sé ar dhuine de na stiúrthóirí is cumasaí agus is samhlaíche atá ann n’fheadar an mbuailfidh an splanc chéanna faoi dhó. Tá fiche bliain gafa tharainn ó eachtraí na chéad ghála agus ní thabharfaidh an dara gála neamhaird air sin. Tá Renton (Ewan McGregor) ar ais ar an bhfód dúchais ach tá an chloch sa mhuinchille ag a sheanchairde dó i ndiaidh dó feall a dhéanamh orthu na blianta roimhe sin. Tá sé bunaithe ar leabhar leantach Irivine Welsh, Porno.

Blade Runner 2049

Tá ceithre bliana déag ar fhichid gafa tharainn ó chuir Blade Runner le Ridley Scott an lucht féachana fé dhraíocht. É anois áirithe ar cheann de na sárshaothair in iomaire an fhicsin eolaíochta. Bhí caint is cadráil ar feadh na mblianta ar scannán leantach ach measadh go raibh sin imithe le cúr na habhann. Ní mar a shíltear a bhítear mar tá comhghuaillíocht shuntasach anseo le Harrison Ford é féin tagtha ar ais agus leithéidí Ryan Gosling, Robin Wright agus Jared Leto taobh leis. Denis Villeneuve, an té a bhí ar an stiúir do Sicario, taobh thiar den cheamara.

Dunkirk

Is beag stiúrthóir atá inchurtha le Christopher Nolan nuair atá sé os cionn a bhuille. Is liosta le háireamh é na scannáin mhachnamhacha, chigilteacha atá tagtha ón cheárta i gcaitheamh na mblianta. Gach rud ó Memento (2000), go triológ Batman agus castróvaics Inception (2010) agus Interstellar (2014). Anseo díríonn sé ar theitheadh na Sasanach ó ionradh na Naitsithe agus iad ag tabhairt na gcosa leo ar éigean ó Dunkirk. Ní bheifear in ann éalú ó chomparáidí le Saving Private Ryan (1998) ach níl sárú Nolan le tabhairt faoin ndúshlán sin.

Cillian Murphy, Tom Hardy agus Kenneth Branagh sa chliar.

Jackie

Táthar ag maíomh cheana féin gur i nglac Natalie Portman a bheith an deilbhín oíche na nOscar. Sa saothar seo atá fé stiúir Pablo Larraín déantar léiriú ar bhean JFK sna laethanta tar éis a fheallmharaithe i 1963. Peter Sarsgaard, John Hurt, Billy Crudup agus Richard E. Grant farae. Táirge aigneolaíoch a bheidh anseo agus bean chéile ag caoineadh bás a fhir céile go ciúin, maorga.

La La Land

Cad é bús faoin táirge seo cheana féin agus ’sí tuairim na coitiantachta go mbeidh sé ar thosach cadhnaíochta oíche na nOscar. Scannáin ceoil le Ryan Gosling agus Emma Stone sna príomhrólanna. Ceoltóir agus aisteoir ag titim i ngrá agus ag iarraidh a gcrústa a thuilleamh ag an am céanna. An brón agus an t-ardú croí fite fuaite ina chéile.

Loving

Tá Ruth Negga na hÉireann á lua le duais Oscar dá taispeántas sa táirge corraitheach seo. Beidh sé dírithe ar phósadh idirchiníoch mhuintir Loving in Virginia sna seascaidí. Sheas siad an fód agus chuaigh an cás a fhad le cúirt uachtarach Mheiriceá.

Táirge gan ainm le Paul Thomas Anderson

Chaithfí an ceann seo a lua. Anderson (an té a sholáthraigh dúinn There Will Be Blood agus go leor eile) ar ais i mbun comhghuaillíochta leis an saoiste é féin, Daniel Day-Lewis. De réir tuairiscí beidh an saothar bunaithe ar shaol an fhaisin i Londain sna caogaidí.

Manchester by the Sea

Táirge ón drámadóir agus scannánóir Kenneth Lonergan. Sa saothar seo filleann an cadhan aonair Casey Affleck ar a bhaile dúchais nuair a bhásaíonn a dheartháir. Ní hamháin go gcaithfidh sé déileáil lena chuid fadhbanna féin ach caithfidh sé aire a thabhairt dá nia chomh maith. Brónach agus greannmhar.

Fág freagra ar 'SCANNÁIN 2017: Trainspotting, Bladerunner agus Star Wars ag filleadh …'

  • Pól Réamonn

    @Blade Runner 2049 – Nó Fráma Siúlóide 2049