Scamall os cionn Washington ach léas dóchais do na Daonlathaigh in Georgia

Mairfidh an ruathar a rinneadh ar an gCaipeatól i gcuimhne na ndaoine mar lá dorcha i stair Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach beidh tionchar mór ag toradh thoghcháin na seachtaine seo in Georgia ar an saol sa ghearrthéarma

Scamall os cionn Washington ach léas dóchais do na Daonlathaigh in Georgia

Ardú croí do lucht leanúna na nDaonlathach an tseachtain seo ab ea toradh an dá thoghchán Seanaid i Stát Georgia. Agus is géar a theastaigh údar misnigh tar éis a bhfaca muid ar shráideanna Washington Dé Céadaoin?

Mairfidh an ruathar a rinne lucht tacaíochta Donald Trump ar an gCaipeatól i gcuimhne na ndaoine mar lá dorcha i stair Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach beidh tionchar mór ag toradh thoghcháin na seachtaine seo ar an saol sa ghearrthéarma.

Fágann na torthaí sin in Georgia go bhfuil na Daonlathaigh i gceannas ar chuile chuid den struchtúr rialtais sna Stáit Aontaithe – an Teach Bán, Teach na nIonadaithe agus an Seanad. Seo an chéad uair ó na 1990idí go raibh Teach na nIonadaithe agus an Seanad i seilbh an pháirtí chéanna rud a chuireann ar a gcumas a gclár oibre a chur i gcrích.

Beidh an chumhacht sin ag na Daonlathaigh ar a laghad go dtí an chéad toghchán lár téarma eile faoi cheann dhá bhliain. Ciallaíonn sé sin freisin go mbeidh Uachtarán Daonlathach sa Teach Bán agus deis aige a chuid polasaithe a chur chun cinn go héasca agus gan an iomarca freasúra. Ar ndóigh, i gcás Joe Biden beidh roinnt deacrachtaí aige taobh istigh dá pháirtí féin agus brú air polasaithe níos radacaí (de réir shainmhíniú na Stát Aontaithe ar an bhfocal sin, pé scéal é) a chur i gcrích.

Ní hin le rá nach mbeidh tionchar ag Trump agus a chuid polasaithe go ceann i bhfad ar an bpolaitíocht sna Stáit Aontaithe. Mar thoradh ar an vóta mór a fuair sé sa toghchán i mí na Samhna caithfidh Poblachtánaigh agus Daonlathaigh araon súil a choinneáil ar a lucht leanúna agus iarracht a dhéanamh iad a shuaimhniú. Níor lig an faitíos do chuid de na poblachtánaigh sa Chomhdháil agus sa Seanad droim láimhe an tseachtain seo a thabhairt d’éileamh Trump go gcuirfidís in aghaidh thoradh an toghcháin agus dúshlán Biden a thabhairt. Go deimhin, is ag éileamh go gcuirfí toradh thoghchán na huachtaránachta ar ceal a bhí roinnt Poblachtánach nuair a tharla an chíréib. D’athraigh cuid mhaith acu a n-intinn ina dhiaidh sin.

Ba ghearr le radharcanna as tíortha nach bhfuil an daonlathas ach ina thús iontu an méid a chonaic muid ar Capitol Hill inné.

Ach seachtain stairiúil a bhí inti i bpolaitíocht na Stát Aontaithe ar bhealaí eile freisin. Beirt dhaonlathach tofa i stát Georgia, ceann de na stáit is dúnárasaí de chuid na bPoblachtánach san am a caitheadh. An chéad duine dubh riamh tofa sa Stát. Tugann an toradh léargas ar athruithe i gcomhdhéanamh an phobail ansin ach thar aon ní eile, b’fhéidir, thug imeachtaí na seachtaine in Georgia léargas dúinn ar an dochar atá déanta ag Donald Trump le dhá mhí anuas lena chuid bundúnachta. Ba é an glaoch teileafóin a chuir sé ar Státrúnaí Georgia ar thóir 11,780 vóta an iarraidh a mharaigh an mhuc.

Scrios círéib lucht leanúna Trump an aisling faoi dhaonlathas na Stát Aontaithe. Le linn na círéibe féin thug Trump tírghráthóirí ar a lucht tacaíochta. Thug go leor eile sceimhlitheoirí orthu.

Ná bíodh dul amú orainn – tá an Seanad deighilte 50/50 sna Stáit Aontaithe. Níl aon mhóramh ag ceachtar páirtí. Níl ann ach go bhfuil deis anois ag na Daonlathaigh le cabhair ó roinnt Seanadóirí, cosúil le Mitt Romney agus Joe Manchin leasuithe a chur i gcrích. Sampla amháin de sin an pacáiste fóirithinte dóibh siúd atá ag streachailt leis an mbochtanas mar thoradh ar thubaiste an Covid-19. Ní bheidh an oiread brú anois ón dream sin atá ag iarraidh Obamacare a chur ar ceal.

Tiocfaidh a chuid blianta fada sa Seanad chun tairbhe do Joe Biden anois. Tá cáil air a bheith cumasach i mbun eadrána agus comhghéillte agus ba chóir go bhfeicfí dá réir roinnt mhaith dul chun cinn seachas an tsáinn shíoraí sheasta.

An cheist mhór a bheidh le freagairt i gcónaí – an bhfanfaidh Trump gníomhach sa bpolaitíocht ag gríosú na milliún duine a thacaíonn leis? Agus cén chaoi an mbeidh an páirtí Poblachtach in ann tacaíocht na sluaite sin a choinneáil gan fanacht ródhílis d’fhealsúnacht Trump?

Fág freagra ar 'Scamall os cionn Washington ach léas dóchais do na Daonlathaigh in Georgia'

  • Poraic o'hEipicín

    An bhfuil Tuairisc ar son an Ghin-Mhilleadh.