Scagadh tomhaiste ar an ngéarchéim tithíochta, agus conas í a leigheas…

Tá ceist a bhaineann go dlúth le leas na tíre cíortha go cúramach agus go tomhaiste ag an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Eoin Ó Broin ina leabhar nua

Scagadh tomhaiste ar an ngéarchéim tithíochta, agus conas í a leigheas…

Tá a fhios ag gach duine ciallmhar go bhfuil ganntanas mór tithe agus árasán sa tír agus nach leigheasfar an fhadhb go luath. Níl ionadaí tofa i dTeach Laighean a shéanfadh gurb amhlaidh atá.

Tá baol ann áfach, toisc go bhfuil áit chónaithe ag ár bhformhór, nach bpléifimid dáiríre an leigheas a theastaíonn go géar ó mhionlach mór abhus, agus ó eisimircigh ar mhaith leo filleadh ar Éirinn dá mbeadh áitreabh ar fáil ar chostas réasúnta. 

Ní féidir le leabhar dá fheabhas é cur síos lánchinnte a dhéanamh ar an mbealach chun réitigh. Sin ráite, tá cur síos tomhaiste ar fáil i leabhar nua urlabhraí tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin, Home: Why Public Housing is the Answer, ar na polasaithe a chuir an tír ar chonair an ghanntanais agus ar na hathruithe a theastaíonn lena leigheas.

Is é bun agus barr na faidhbe, dar leis, róbhéim an rialtais ar thithíocht phríobháideach ó na 1980idí ar aghaidh, agus an laghdú leanúnach atá tagtha dá réir ar thithíocht phoiblí. Shroich an tógáil phoiblí a buaicphointe i 1975, a deir Ó Broin, nuair a tógadh 8,800 teach nó árasán. 

Anuraidh, cuireadh 4,251 teach nó árasán sóisialta ar fáil –  2,022 a thóg na húdaráis áitiúla, 1,388 a thóg cumainn tithíochta agus 841 a thóg forbróirí faoin gcoinníoll reachtúil ar a dtugtar ‘Part Five’. Ní foláir cuimhneamh, áfach, agus na figiúirí sin á mbreithniú gur tháinig méadú mór a ar an daonra idir 1975, nuair nach raibh ach thart ar 3.2 milliún duine sa stát, agus an daonra sa lá atá inniu ann, os cionn 4.7 milliún agus an líon sin ag méadú i gcónaí.

Is dlúthchuid d’anailís Uí Bhroin ar na hathruithe a chuir rialtais éagsúla i bhfeidhm gur dhaingnigh siad an meon a fhágann go mbreathnaítear ar thithíocht phoiblí mar rud le freastal ar dhaoine atá ag brath ar shochair leasa shóisialta ón stát seachas mar áiteanna cónaithe d’oibrithe ar ioncam íseal. 

Ní féidir achoimriú a dhéanamh anseo ar an mórathrú polasaí a spreag an t-athrú meoin seo, ach is léir cuid dá dhrochthionchar do dhuine ar bith atá ag iarraidh teacht ar theach nó ar árasán ar chíos réasúnta i mBaile Átha Cliath agus i mórán bailte móra eile. Tá an cíos a iarrann tiarnaí talún ag méadú i gcónaí mar gheall ar an ardéileamh, a deir Eoin Ó Broin, agus tá ardú breise ar an éileamh sin mar gheall ar ghanntanas an tsoláthair phoiblí. A thoradh, dar leis: ‘stoirm fhoirfe’ tithíochta.

Cé nach bhfuil tréimhse caite fós i mbun rialtais ag an údar ná ag a pháirtí, agus cé go bhfuil cáineadh láidir ina leabhar ar pholasaithe gach páirtí a bhí i gceannas le leathchéad bliain, tá macalla amháin ann de ráiteas a chloistear go minic ó bhéal an aire tithíochta Eoghan Murphy – ‘there is no quick fix’. Admhaíonn Eoin Ó Broin nach bhfuil réiteach iomlán ná sciobtha á mholadh aige. Go deimhin, ba mhaith leis go n-iarrfaí ar an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Shóisialta (a d’fhoilsigh tuairisc fhiúntach roimhe seo ar chúrsaí tithíochta) mionstaidéar a dhéanamh ar pholasaí nua tithíochta ina dtabharfaí tús áite don earnáil phoiblí.

Ní hé sin le rá nach bhfuil polasaithe nua molta ina leabhar. Seo cuid acu…

  1. Go dtógfaí 230,000 teach sóisialta nó inacmhainne (‘affordable’) as seo go ceann deich mbliana.
  2. Go méadófaí faoi dhó, ar an toirt, caiteachas an stáit ar thithíocht phoiblí, ó 1.1 billiún go dtí 2.3 billiún.
  3. Méadú ar an gcáin ar thithe folmha ó 3% faoi láthair go dtí 20-25%.
  4. Cosc iomlán ar arduithe ar chíos ar feadh trí bliana.
  5. Faoiseamh cánach a chuirfeadh €1,500 ar an meán ar fáil d’íocóirí cíosa.
  6. ‘Cosc dleathach éigin’ ar an bpraghas a íocann údaráis áitiúla agus talamh á cheannach go héigeantach.

Tá tagairt sa phointe deireanach do thuairisc cháiliúil an bhreithimh John Kenny ar phraghsanna talún, tuairisc a mhol cúiteamh 25% sa bhreis ar an luach reatha. Cuireadh tuairisc Kenny faoi bhráid an rialtais i i 1972, ach níor cuireadh i bhfeidhm fós í.

Níl freagra a shásódh mórán sa leabhar ar na ceisteanna airgeadais a spreagann moltaí mar atá thuas. Deir Eoin Ó Broin go bhféadfaí an t-airgead a theastaíonn a fháil ar iasacht, cé go gcuireann fiacha as cuimse an stáit agus rialacha an AE srian ar chumas an rialtais iasachtaí a fháil. 

Dúisíonn a leabhar ceisteanna móra polaitiúla freisin. An mbeadh móramh vótóirí toilteanach tacú le cur chuige chomh radacach leis an gceann a mholann sé, agus an mbeadh comhrialtas ina mbeadh Sinn Féin páirteach ábalta é a chur i bhfeidhm in imeacht deich mbliana, agus dhá olltoghchán?

Ba chóir ar ndóigh go spreagfadh dianmhachnamh polaitiúil ceisteanna dá leithéid. Tá ceist a bhaineann go dlúth le leas na tíre cíortha go cúramach agus go tomhaiste ag Eoin Ó Broin.

Má shíleann tú nach mbeidh rath ar an tír mura n-athraítear ár gcur chuige lochtach maidir le cúrsaí tithíochta, b’fhiú duit a leabhar a léamh.

Fág freagra ar 'Scagadh tomhaiste ar an ngéarchéim tithíochta, agus conas í a leigheas…'