SBB ina Rí le caoga bliain anuas…

Cothrom an lae seo 50 bliain ó shin, ar an 1 Aibreán 1969, chuir Seán Bán Breathnach, DJ óg as Cois Fharraige, tús lena shaol craoltóireachta…

SBB ina Rí le caoga bliain anuas…

Nuair a chuirtear ceist ar Sheán Bán Breathnach, a thosaigh amach mar chraoltóir cothrom an lae seo 50 bliain, céard iad buaicphointí a shaoil oibre, ní haon údar iontais cuid acu.

Cluichí Oilimpeacha, Corn an Domhain, cluichí ceannais na hÉireann.

Ceann nach mbeadh tú ag súil leis áfach ná an lá go ndeachaigh gluaisrothar sa mhullach air agus é ina luí ar leaba thairní.

Is dá chlár teilifíse SBB ina Shuí a rinne sé é agus níl a fhios ag an gcraoltóir ildánach fós cén chaoi ar ligeadh leo.

Bhí mé i mo luí ar phlanc agus tairní ag gobadh as. Gan aon éadach orm! Chuaigh gluaisrothar os mo chionn ag 80mph agus choinnigh mé suas é! Craiceáilte! Ní raibh cead ar bith againn é a dhéanamh.”

Ní shin an t-aon éacht amháin a rinne sé ar an gclár ach an oiread. 

“Rinne mé ceann eile an lá sin ar ghluaisrothar. ‘Wall of Fire’ a thugann siad air agus bhí orm dul tríd ar an ngluaisrothar. Ní raibh mé ar ghluaisrothar riamh roimhe agus loic ar an inneall istigh i lár an ruda! Bhí sé ar an nuacht an oíche sin,” a deir sé agus é ag gáire.

SBB ina luí…

Cuireadh stop le gníomhartha gaisce dásachtacha Sheáin Bháin faoi dheireadh ach deir sé go raibh cion ar leith aige féin agus ag an bpobal ar an gclár sin.

“Go dtí an lá atá inniu ann, sin í an clár fós a luann daoine. Fiú an lá cheana i Cheltenham, tháinig daoine go dtí mé, ‘I remember you on SBB ina Shuí’. An rud iontach faoi, labhraíonn cúpla focal Gaeilge leat ar dtús.

“Tháinig Scaoil Amach an Bobailín agus go leor rudaí eile ina dhiaidh ach is é SBB ina Shuí an ceann. Déanadh athchraoladh air in áit an Late Late Show cúpla samhradh as a chéile. Cuimhnigh air sin!”

Is ag casadh ceirníní ar an gclár Popseó na Máirte ar Radio Éireann a thosaigh Seán Bán ar an 1 Aibreán 1969 agus faoi dheireadh na seachtóidí, ní stopfadh an diabhal é.

“Thart ar 1976, 1977, bhí mé ag déanamh SBB ina Shuí, bhí mé ag déanamh irischlár cúig lá sa tseachtain, ansin istigh ag a sé ar maidin ag déanamh clár deireadh seachtaine ar 2FM agus bhí mé ag déanamh dioscónna ar fud na tíre. Níl a fhios agam cén chaoi gur tháinig mé slán!”

Seán Bán ar chlár SBB ina Shuí in 1978

Deir Seán Bán go raibh sé i gceist aige i gcónaí tabhairt faoin gcraoltóireacht spóirt. Deir sé go ndearna sé a chéad phíosa spóirt do RnaG faoi chluiche peile idir Micheál Breathnach agus Carna-Caiseal ach mar is eol d’aon duine a chuaigh ar scoil in éineacht leis sa Spidéal thosaigh sé ag tráchtaireacht i bhfad roimhe sin.

“Bhíodh geamaireachtaí thoir sa gColáiste, dráma mór amháin agus sceitsí. Is cuimhin liom oíche amháin, rug Pádraic Ó Neachtain orm agus chroch sé suas ar an stáitse mé. Bhí mé naoi mbliana. ‘Tarraing an cuirtín agus ná cuir amach do chloigeann’ a deir sé liom. Thosaigh mé ag aithris ar Mhicheál Ó hEithir. Bhí chuile chluiche de ghlanmheabhair againn!”

Rinne sé tráchtaireacht ar chluiche ceannais na hÉireann den chéad uair in 1981 nuair a chas iománaithe na Gaillimhe agus Uíbh Fhailí ar a chéile.

Disaster ceart” an cur síos atá aige ar an lá agus a chontae dúchais cloíte. Ach bhí sé i bPáirc an Chrócaigh in 1987 agus in 1988 nuair a bhuaigh Gaillimh Corn Mhic Cárthaigh agus tá sé sáite i gcúrsaí spóirt ó shin.

“Chaith mé go leor de mo shaol ag déanamh Spóirt an tSathairn. Mé fhéin agus Mártan Ó Ciardha a thosaigh é sin, 25 bliain ó shin.”

Agus trí uair an chloig le líonadh acu gach Satharn bhíodh cuid mhaith aíonna ag teastáil uathu, ach deir Seán Bán nach mbíodh rogha rómhór, ag an tús go háirithe.

“Ní raibh againn ach na Connollys agus Páidí Ó Sé! Sin iad na Gaeilgeoirí uile a bhí againn!”

D’fheabhsaigh rudaí de réir a chéile áfach agus sula i bhfad, bhí cuid de na bainisteoirí agus de na himreoirí is mó le rá sa tír le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta gach Satharn.

“Fuair muid imreoirí, fuair muid lucht anailíse. Ní raibh a fhios ag aon duine an t-am sin go raibh Gaeilge ag Brian Cody, Ger Loughnane, daoine mar sin. Is ar RnaG a chuala RTÉ na daoine sin uile. Sin é an clár is mó a chuir an Raidió ar an mapa ó thaobh spóirt,” arsa Seán Bán.

Chomh maith le héachtaí an ghluaisrothair, tá neart buaicphointí eile ag Seán Bán, troid mhór Sheáin Uí Mhainnín i Nua-Eabhrac go háirithe.

“Is dóigh liom gurb é Mannion i Madison Square Garden an ceann. Nuair a bhí mise i mo ghasúr bhíodh muid ag dúiseacht ag a ceathair a chlog ar maidin chun éisteacht le troideanna ó Madison Square Garden agus, ansin, bhí mé féin ann, ag craoladh ó Madison Square Garden.

“Bhí mé féin agus Mattie Joe Shéamuis thall ann agus painéal mór thiar sa stiúideo ag a ceathair a chlog ar maidin. Seans go raibh níos mó ag éisteacht leis an troid ar Raidió na Gaeltachta an oíche sin ná mar a bhí ag breathnú air ar an teilifís. Ba iontach an breakthrough a bhí ann.”

Níos gaire don bhaile, ní dhéanfaidh sé dearmad ar chluiche ceannais peile na hÉireann nuair a bhuaigh Gaillimh ar Chill Dara ná ar an gcúilín a fuair Seán Óg de Paor as an gCeathrú Rua i dtreo dheireadh an chluiche.

Tá an píosa tráchtaireachta cáiliúil a rinne Seán Bán nuair a bhuaigh Katie Taylor bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha in 2012 le fáil go héasca ar Youtube ach tá sé beagáinín níos deacra teacht ar an gcur síos a rinne sé ar chúilín de Paor. Tá sé le fáil áfach, agus a chuid focal greanta ar an mballa i bPáirc an Chrócaigh.

‘Go hard agus go cruinn…cúilín ag Seán Óg de Paor, tá fear Chonamara tar éis Corn Mhic Uidhir a thabhairt siar thar Sionainn…’.

Buaicphointe amháin i measc na mbuaicphointí go léir ag SBB.

Seán Bán i bPáirc an Chrócaigh

Beidh clár speisialta á chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna inniu chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaothar SBB le 50 bliain anuas

Fág freagra ar 'SBB ina Rí le caoga bliain anuas…'

  • Póilín

    Fuaimrian ar linne. Comhghairdeas SBB, go maire tú an céad, Póilín Ní Chiaráin