Sárú déanta arís ag Comhairle Contae Chorcaí ar a ndualgais maidir leis an nGaeilge

Bhí ar an gCoimisinéir Teanga tabhairt faoi imscrúdú maidir le húsáid an Bhéarla i gcáipéisí tábhachtacha agus ar chomharthaí bóthair sa Ghaeltacht

Sárú déanta arís ag Comhairle Contae Chorcaí ar a ndualgais maidir leis an nGaeilge

Tá a ndualgais maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla sáraithe arís ag Comhairle Contae Chorcaí agus críoch curtha ag an gCoimisinéir Teanga le fiosrúchán maidir le gearán a fuair sé ón bpobal. 

Chuir oifig an Choimisinéara in iúl do Chomhairle Contae Chorcaí le déanaí go raibh dualgas reachtúil uirthi leaganacha Gaeilge agus Béarla de Dhréachtphlean Forbartha na Comhairle, atá á ullmhú faoi láthair, a chur ar fáil go comhuaineach, rud nach raibh á dhéanamh.

Rinne an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill imscrúdú foirmeálta faoin scéal. De ghnáth, cuireann an Coimisinéir Teanga tús le himscrúdú nuair nach n-éiríonn le lucht a oifige teacht ar chomhréiteach leis an ndream a bhfuil gearán déanta fúthu, nó sa chás go ndiúltaíonn siad rudaí a chur ina gceart.

De réir tuairisc sa Corkman, fuair an Coimisinéir Ó Domhnaill gearán freisin maidir le húsáid leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta ar chomharthaí bóthair. Dhearbhaigh Ó Domhnaill go raibh dualgas ar an gComhairle logainmneacha i nGaeilge amháin a úsáid ar chomharthaí bóthair sa Ghaeltacht.

Tar éis don Choimisinéir Teanga a imscrúdú a chur i gcrích, bhí dualgas ar Chomhairle Contae Chorcaí foireann na Comhairle a chur ar an eolas maidir leis na sáruithe reachtaíochta.

Dúradh go raibh sé i gceist ag an gComhairle cloí leis na moltaí a rinne an Coimisinéir Teanga agus meabhraíodh don fhoireann na dualgais teanga a bhí ar an gcomhairle faoin reachtaíocht.

Rinne an Coimisinéir Teanga cáineadh láidir ar Chomhairle Contae Chorcaí in 2018 as neamhaird a thabhairt ar dhualgais reachtúla teanga. Dúirt Ó Domhnaill ag an am go raibh cinneadh déanta ag Comhairle Contae Chorcaí “go lánfheasach” gan cloí lena ndualgas faoin reachtaíocht.

Bhain an scéal sin le dréachtphleananna ceantair áitiúil a fhoilsiú i mBéarla amháin agus úsáid a bhaint as leaganacha neamhoifigiúla Béarla de logainmneacha Gaeltachta. Bhí oifig an Choimisinéara tar éis aird na Comhairle a tharraingt ar an dualgas reachtúil roimh fhoilsiú na ndréachtphleananna ach cinneadh neamhaird a dhéanamh orthu ar aon nós agus iad a fhoilsiú i mBéarla amháin.

Bhí ar an gCoimisinéir a dualgais maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a mheabhrú do Chomhairle Contae Chorcaí arís anuraidh nuair a chinn an Chomhairle gan an Ghaeilge a úsáid ar chomharthaíocht nua a bhí le tabhairt isteach ar fud an chontae mar go mbeadh sé ‘cumbersome’ comharthaíocht dhátheangach a úsáid.

Agus é ag labhairt leis an Corkman, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur chóir pionós a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí nach gcloíonn lena ndualgais teanga. Faoi láthair, níl ar chumas an Choimisinéara Teanga ach tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais maidir le haon sárú ar an reachtaíocht.

Mheas de Spáinn go raibh iompar Chomhairle Contae Chorcaí maidir leis an nGaeilge maslach agus nach bhféadfadh sí cloí le dlíthe áirithe agus cinneadh a dhéanamh gan cloí le cinn eile.

Fág freagra ar 'Sárú déanta arís ag Comhairle Contae Chorcaí ar a ndualgais maidir leis an nGaeilge'