Sárchomhairlí ar an bhfód, ach céard atá i ndán dóibh?

Tá dílárú cumhachta ó Stormont chuig na comhairlí nua sa tsiúil le haghaidh an ‘chlaochlaithe’ ar rialtas áitiúil ach is iomaí ceist atá le freagairt

tom
An tOmbudsman Tom Frawley

Deirtí faoi chomhairlí áitiula Thuaisceart Éireann nach raibh de fhreagracht orthu ach bruscar a bhailiú agus na mairbh a chur. Bhí cúpla rud seachas reiligí agus truflais faoina gcúram ach is fíor go raibh a ngnothaí teoranta. Sé chomhairle is fiche a bhí ann le dhá scór bliain ach tháinig na comhairlí nua i réim ar an gcéad lá dAibreán, aon cheann déag acu, na “sárchomhairlí” mar a thugtar orthu.

Socraíodh go gairid tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta nach raibh gá ag milliún go leith duine le 26 comhairle chomh maith leis an Tionól i Stormont.  Thóg sé dhá bhliain déag ar na páirtithe polaitíochta a theacht ar réiteach faoi líon agus limistéir na gcomhairlí úra. Bhí cúig cinn déag á  n-éileamh ag roinnt, seacht gcinn a mhol Peter Hain nuair a bhí sé ina Státrúnaí – ceann do gach contae agus ceann sa bhreis do Bhéal Feirste. Sa deireadh, d’aontaigh an DUP agus Sinn Féin ar 11, cuid acu le teorainneacha nach dtuigfeadh éinne ach an té a d’aithneodh dath na vótaí.

Toghadh na comhairleoirí sa Bhealtaine anuraidh – 462 ar fad, laghdú 120 ar líon na n-ionadaithe sna seanchomhairlí. Bhí na daoine a toghadh anuraidh ag feidhmiú mar scáthchomhairlí in éindí leis na seanchinn go dtí an Chéadaoin seo caite. Tá móramh aontachtach i sé chomhairle, móramh naisiúnach i gceithre cinn agus cóimheá na cumhachta ag Alliance i mBéal Feirste.

Rinneamar tagairt cheana ar Tuairisc.ie don achrann i gcuid de na comhairlí faoin nGaeilge, faoi bhratacha agus faoi shuaitheantais. Níor dhea-thuar é don chóras nua. Maítear go dtabharfaidh na comhairlí nua droim láimhe leis an réabadh agus an raic a bhí mar chomhartha soirt ar chuid de na seanchomhairlí  tráth – leithéidí Bhéal Feirste agus Machaire Fíolta. Níl móran ag cur geall air.

Chomh maith le gnóthaí na seanchomhairlí – bainistiú dramhaíola, reiligí agus páirceanna fóillíochta,  beidh na sárchomhairlí freagrach as pleanáil, athnuachan na mbailte agus forbairt eacnamaíoch. Céim mhór is ea é cead pleanála a chur  faoina smacht agus ní gach éinne atá sásta.

Dúirt an tOmbudsman Tom Frawley go raibh imní air faoi lúb ar lár sna rialacha. B’údar buartha é, dar leis, comhairleoirí a bheith ag deileáil le hiarratais phleanála cé nach raibh orthu a neosadh go hoifigiúil cé a thug síntiúis pholaitíochta dóibh féin ná dá bpáirtí. Dúirt an tOmbudsman go bhfaigheann páirtithe maoiniú ó fhorbróirí ach nach gá do pháirtithe i dTuaisceart Éireann deontais a chlarú. Níor mhór an bhearna sin a dhruidim a dúirt sé chun muinín an phobail sna comhairlí nua a chothú.

Tháinig billí na rátaí amach an lá tar éis oscailt na gcomhairlí nua. Bhí méadú ar an méid a chaithfidh ár bhformhór a íoc. Cúis ghearáin ag go leor é go raibh an t-atheagar ar an rialtas áitiúil in ainm airgead a shábháil ach gur cosúil go mbeidh sé níos costasaí, sa ngearrthéarma ar aon nós. Idir íocaíochtaí  iomarcaíochta do dhaoine a chaill a bpostanna, costais athlonnaithe oibrithe  agus méadú ar liúntais na gcomhairleoirí, maítear gur fada an lá go bhfeicfear laghdú ar chaiteachas. Deir Stormont go sábhálfar timpeall £500 milliún thar threimhse 25 blianta ach is beag an sásamh é sin inniu nuair atá liosta nua in aghaidh an lae de phostanna atá caillte de bharr ciorruithe ar chaiteachas poiblí.

Ní ribín réidh é obair na sárchomhairlí. Tá cumann ionadaithe na gcomhairleoirí míshásta mar nach bhfuil Stormont faoi réir chun dílarú na cumhachta i dtaca le athnuachan uirbeach agus forbairt pobail a dhéanamh. Níl an reachtaíocht rite agus ní aistreofar na gnothaí sin go ceann bliana – nuair a bheidh ciorrú ar an mbuiséad a gealladh. Ta feachtas in aghaidh an laghdaithe sin á bhagairt ag an gcumann agus ba dheacair é a thógáil orthu. Céard a chuir moill ar an Roinn? Ní hé gur tháinig an t-athrú aniar aduaidh orthu.

Tá sé de mhí-ádh ar na comhairlí a bheith ag dul i mbun oibre nuair atá toradh na déine á bhraistint níos mó ná ariamh. Ní chothaíonn sé sin fáilte ná dóchas i measc an phobail. Is mór an dúshlán é do na comhairlí a chruthú gur fiú an tairbhe an t-athrú.

 

Fág freagra ar 'Sárchomhairlí ar an bhfód, ach céard atá i ndán dóibh?'