Sárchoimhlint romhainn idir na Conallaigh agus fir na Ríochta

Bhí cuma na maitheasa ar Dhún na nGall agus ar Chiarraí an tseachtain seo caite agus tabharfaidh siad aghaidh ar a chéile tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh i ndiaidh an chluiche idir Maigh Eo agus an Mhí

Sárchoimhlint romhainn idir na Conallaigh agus fir na Ríochta

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Ciarraí v Dún na nGall – Páirc an Chrócaigh, 4.00pm (Beo ar RTÉ)

Tabharfaidh an dá fhoireann is mó a mheastar seans a bheith acu Áth Cliath a cheansú aghaidh ar a chéile tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí cuma na maitheasa ar Chiarraí agus ar Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhuaigh siad a gcluichí sa chéad bhabhta de chomórtas an tSár-Ochtair go héasca.

Baineadh cuid den loinnir de bhua na gConallach ar chontae na Mí i rith na seachtaine nuair a fógraíodh gur bhain drochghortú d’Eoghan Bán Gallagher. Gortaíodh fear na gCealla Beaga agus é ag traenáil oíche Dé Céadaoin agus ní fheicfear arís i ngeansaí Dhún na nGall é i mbliana.

Drochbhuille ceart é sin d’fhoireann Declan Bonner. Tá Gallagher ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ar fhoireann Dhún na nGall agus thug sé an-spreagadh dóibh ón líne leathchúil. Seans gurb é fear Ghaoth Dobhair, Dáire Ó Baoill, a thiocfaidh isteach in áit Gallagher agus cé go bhfuil go leor de na buanna céanna aige, níl an taithí ag Ó Baoill agus atá ag an bhfear eile.

Tá amhras faoi chosantóir eile, Paddy McGrath, chomh maith agus is míthráthúil mar a tharla na gortuithe seo agus Dún na nGall ag tabhairt aghaidh ar shárthosaithe Chiarraí.

Bhí David Clifford ar fheabhas ar fad i gcoinne Mhaigh Eo ach tá sé chomh tábhachtach céanna do Dhún na nGall coinneáil le Stephen O’Brien, Seán O’Shea agus a leithéidí. Bhíothas ag súil le an-choimhlint idir Gallagher agus O’Brien ach níl de rogha ag Declan Bonner anois ach teacht ar phlean eile chun an ceann is fearr a fháil ar fhir na Ríochta.

Beidh cath suimiúil idir beirt fhathach lár páirce chomh maith. Bhí David Moran agus Michael Murphy thar cionn do Chiarraí agus do Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite agus beidh lucht leanúna na bhfoirne ag súil le tuilleadh dá gcuid éachtaí tráthnóna.

D’éirigh go han-mhaith le Ciarraí nuair a bhrúigh siad suas ar chiceanna amach Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite ach ní bheidh sé chomh héasca acu inniu. Tá cic chomh fada sin ag cúl báire Dhún na nGall, Shaun Patton, go bhféadfadh sé an liathróid a chiceáil os a gcionn uile má théann Ciarraí rófhada suas an pháirc agus, mar bharr air sin, tá an cruinneas aige aon bhearna a fhágfar a aimsiú.

Má bhíonn cluiche an lae inniu chomh hoscailte agus a bhí cinn an deireadh seachtaine seo caite, ba cheart go n-éireodh le Ciarraí. Seans go mbeidh Dún na nGall beagán níos cosantaí ná mar a bhí siad go dtí seo i mbliana ach mar sin féin bá chóir go mbeadh cluiche den scoth ann.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Aidan O’Shea. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Maigh Eo v An Mhí – Páirc an Chrócaigh, 2.00pm (Beo ar RTÉ)

Is fánach an sos a bhí ag imreoirí Mhaigh Eo le teacht chucu féin ón ngreadadh a tugadh dóibh i gCill Airne agus cluiche tábhachtach rompu tráthnóna i gcoinne na Mí. Cliseadh ceart a bhí i gcluiche an deireadh seachtaine seo caite agus is maith is eol do James Horan gur anois nó riamh é.

Lá mór é seo don dá chúl báire. Bhrúigh Ciarraí suas ar chiceanna amach David Clarke i Staid an Ghearaltaigh agus chruthaigh siad an-chuid deacrachtaí d’fhear Mhaigh Eo. Bhí Ciarraí in ann seilbh a fháil ar an liathróid arís agus arís eile, rud a d’fhág nach raibh Maigh Eo in ann mórán deiseanna dá gcuid féin a chruthú.

B’amhlaidh a bhí an scéal i mBealach Féich. Chlis ar chiceanna amach Andrew Colgan agus an cluiche idir an Mhí agus Dún na nGall fós idir dhá cheann na meá agus thapaigh na Conallaigh an deis.

Ba cheart go bhfeicfimis an dá fhoireann ag brú suas ar chiceanna amach an fhreasúra tráthnóna, rud a fhágann go mbeidh an iomaíocht lár páirce cinniúnach. Níor éirigh rómhaith le Aidan O’Shea, Donal Vaughan ná le Séamus O’Shea nuair a tháinig seisean chun páirce ag leath ama agus cé nach bhfuil imreoirí chomh maith David Moran ag foireann na Mí, fir mhóra láidre iad Bryan Menton agus Shane McEntee.

Aireoidh Maigh Eo uathu Diarmuid O’Connor agus Paddy Durcan tráthnóna mar tá an-choisíocht ag contae na Mí sa líne leatosaithe agus sa líne leathchúil. Bhí Cillian O’Sullivan agus Bryan McMahon ar fheabhas ar na cliatháin i gcoinne Dhún na nGall agus tá Donal Keogan ar dhuine de na himreoirí leathchúil is fearr sa tír i mbliana.

Beidh Maigh Eo ag súil le tuilleadh saothair ó na himreoirí atá ar fáil acu, go háirithe i measc na dtosaithe. Baineadh cúigear den seisear a thosaigh i gcoinne Chiarraí den pháirc roimh dheireadh na himeartha an tseachtain seo caite.

Drochsheans go mbeidh siad chomh dona sin arís agus cé gur thiar i 1951 an uair dheireanach ar éirigh le Maigh Eo an ceann is fearr a fháil ar chontae na Mí sa chraobh, ba cheart go ndéanfadh siad an beart tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Fág freagra ar 'Sárchoimhlint romhainn idir na Conallaigh agus fir na Ríochta'