Sárchluichí romhainn i bPáirc na nGael agus i gCluain Eois agus na boic mhóra i mbaol

Imreofar trí cinn de na cluichí cáilithe i mBabhta 4 anocht agus coimhlintí crua romhainn idir Maigh Eo agus Gaillimh, idir Tír Eoghain agus an Cabhán agus idir Laois agus Corcaigh

Sárchluichí romhainn i bPáirc na nGael agus i gCluain Eois agus na boic mhóra i mbaol

Gaillimh v Maigh Eo
Páirc na nGael, 7.00pm (Beo ar Sky Sports)

Tá díomá fós ar imreoirí na Gaillimhe mar gheall ar a gcliseadh i gcoinne Ros Comáin i gcluiche ceannais na míosa seo caite ach má tá aon chluiche ina ann iad a bhíogadh, is é an ceann seo é.

Ba mhór an buille a bheadh ann do Kevin Walsh agus dá chriú dá dtiocfadh deireadh lena séasúr anocht, go háirithe i gcoinne Mhaigh Eo. Is maith a thuigeann siad féin nach mór dóibh an-fheabhas a chur orthu féin.

Bhí imirt na Gaillimhe rómhall agus ró-leamh i gcoinne Ros Comáin. Is ar éigean a chruthaigh siad deis ar bith sa dara leath i mBóthar na Trá agus is cúis imní dóibh cé chomh héasca agus a lig siad do Ros Comáin cuid dá scóranna a fháil. Is cinnte go bhfuil mianach níos fearr i bpeileadóirí na Gaillimhe ná mar a léirigh siad an lá sin ach caithfidh siad cur orthu féin i bhfad níos fearr anocht.

Tá buille eile buailte ar fhoireann Mhaigh Eo an tseachtain seo agus é fógartha nach mbeidh fáil acu ar Lee Keegan. Gortaíodh Peileadóir na Bliana 2016 i gcoinne Ard Mhacha Dé Sathairn seo caite agus fágann sé sin nach mbeidh teacht ag Maigh Eo ar Keegan, Diarmuid O’Connor, Matthew Ruane, Séamus O’Shea agus a thuilleadh nach iad.

Gortaíodh Aidan O’Shea, Jason Doherty agus Brendan Harrison sa chluiche i gcoinne Ard Mhacha chomh maith ach ceaptar go mbeidh siad in ann dul chun páirce i Luimneach anocht.

Bhí dea-scéala amháin ag Maigh Eo nuair a bhí Cillian O’Connor in ann teacht chun páirce Dé Sathairn seo caite den chéad uair i mbliana ach is fíorbheagán peile atá imeartha ag an tosach ó cuireadh obráid air roimh an Nollaig agus ní fios go díreach cé chomh fada a bheidh sé in ann imirt.

Ní féidir léamh a dhéanamh ar fhoireann seo Mhaigh Eo. Gach uair a mheastar iad a bheith cloíte, tagann siad ar ais. Bhíothas ag tuar go mbeadh cluiche crua i ndán dóibh i gcoinne an Dúin, ach tháinig siad slán. Dúradh go mbeadh an iomarca scile ag Ard Mhacha dóibh. Tháinig Maigh Eo slán arís.

Meastar go bhfuil cluiche crua eile rompu anocht ach, nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne, bheadh níos mó muiníne agat in imreoirí Mhaigh Eo an beart a dhéanamh.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

 

John O’Rourke. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Corcaigh v Laois
Staid Semple, 5.00pm

Tabharfar leid dúinn tráthnóna an bhfuil peileadóirí Chorcaí ag dul sa treo ceart nó an rith searraigh a bhí sa chluiche i gcoinne Chiarraí.

Dá mbeadh Corcaigh in ann dea-chaighdeán peile a imirt go rialta, déarfá go mbeidís rómhaith do Laois inniu. Ach tá an tóin tite as na Muimhnigh an oiread sin babhtaí le cúpla bliain anuas nach féidir leo talamh slán a dhéanamh d’aon chluiche.

Cinnte beidh siad ag iarraidh an stíl a bhí acu i gcoinne Chiarraí a úsáid arís. Bhris siad tríd lár na gcosantóirí arís agus arís eile i bPáirc Uí Chaoimh agus rinne Ruairí Deane go háirithe scrios. Fiú mura mbeidh an chosaint ag Laois chomh scaoilte agus a bhí ag Ciarraí, ba cheart go n-éireodh le Corcaigh bearnaí a aimsiú.

Go dtí seo sna cluichí cáilithe, bhí dea-thréithe á léiriú ag Laois i gcoinne Dhoire agus i gcoinne Uíbh Fhailí agus dá n-éireodh leo bua eile a fháil tráthnóna, bheadh áit acu sna babhtaí ceathrú ceannais den chéad uair ó 2012.

Tá sé beagnach chomh fada céanna ó d’éirigh le Corcaigh an sprioc sin sa chraobh a bhaint amach. Tá sé cúig bliana ó d’imir siad i gcluiche ceathrú ceannais, ach tá an-seans acu é sin a chur ina cheart inniu.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

 

Matthew Donnelly le Padraig Faulkner. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

An Cabhán v Tír Eoghain
Cluain Eois, 5.00pm (Beo ar Sky Sports)

Foirne iad seo a bhfuil an-aithne acu ar a chéile agus trí chluiche craoibhe agus trí chluiche sraithe imeartha acu in aghaidh a chéile le ceithre bliana anuas. Ar an drochuair dóibh féin, níl oiread agus ceann acu sin buaite ag an gCabhán.

Ní bhfuair fir Bhréifne an ceann is fearr ar Thír Eoghain sa chraobh ó 1983 agus beidh sé chomh deacair céanna arís inniu agus rith an rása le Tír Eoghain sna babhtaí cáilithe go dtí seo. Bhí siad róláidir don Longfort coicís ó shin agus thug siad taispeántas maith eile uathu i gcoinne Chill Dara an deireadh seachtaine seo caite.

Taispeánadh arís dúinn cé chomh tábhachtach agus atá Peter Harte don fhoireann seo agus bhí sárchluiche eile ag Cathal McShane mar lántosach.

Ní raibh an chuma riamh ar an gCabhán go raibh siad chun Dún na nGall a bhualadh i gcluiche ceannais Uladh ach beidh Mickey Graham sásta go maith leis an taispeántas a thug siad sa dara leath nuair a d’éirigh leo 2-11 a scóráil.

Beidh sé suimiúil cén cur chuige a bheidh ag Graham sa chluiche seo. Chuir sé córas cosantach go maith i bhfeidhm sa chéad leath i gcoinne na gConallach ach theip go hiomlán ar an bplean sin. Bhí an Cabhán beagáinín níos oscailte i gcoinne Mhuineacháin agus i gcoinne Ard Mhacha agus b’fhéidir go mbainfidh sé úsáid as an stíl sin arís anocht.

Tá dúshlán mór rompu, áfach. Cluiche thar a bheith crua atá i ndán dóibh féin agus do Thír Eoghain i gCluain Eois ach d’fhéadfadhTír Eoghain teacht slán arís mar atá déanta go minic cheana acu.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

Fág freagra ar 'Sárchluichí romhainn i bPáirc na nGael agus i gCluain Eois agus na boic mhóra i mbaol'