Sárchluiche romhainn idir Gaillimh agus Luimneach i Durlas Eile

Drochsheans nach dtabharfaidh na Loch Garman an lá leo i gcoinne Aontrama agus tharlódh go dtabharfadh Luimneach na cosa leo ar éigean i gcoinne na Gaillimhe

Cian Lynch ag ceiliúradh tar éis dó pointe a aimsiú sa chluiche in aghaidh an Chláir. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Iománaí Faoi-21 Luimnigh, Cian Lynch. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cluichí leathcheannais iománaiochta na hÉireann Faoi-21

I ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann 2014, bhí mórán daoine ag ceapadh go mbeadh na foirne céanna ar ais i gceanncheathrú CLG i 2015, ach má bhí ní raibh Anthony Cunningham agus ag imreoiri na Gaillimhe i measc na ndaoine sin.

Bhí bua an Domhnaigh seo caite tuillte go hiomlán acu, ach fágaimis an cluiche leathcheannais ar leataobh go ceann coicíse.

Um thráthnóna, beidh cuid de lucht leanta na hiomána i bPáirc Tom Semple i nDurlas Éile do chluichí leathcheannais na hÉireann faoi 21 agus is féidir leis an gcuid eile acu fanacht ar an tolg ag féachaint ar na cluichí ar TG4 .

Tá éacht déanta ag Loch Garman sa chomórtas seo le trí bliana anuas agus trí cinn de chraobhacha Laighean i ndiaidh a chéile buaite acu. Ach níor thugadar leo abhaile an duais mhór fós. Bhí díomá ar chuid mhaith dá lucht leanta i mbliana mar nár bhláthaigh cuid acu i ndiadh an dul chun cinn a rinneadar anuraidh. Ach tá dream nua cumasach ag teacht chun cinn agus, dar ndóigh, is cúis dóchais é sin.

Casann siad ar bhuachaillí Aontroma sa chéad cluiche inniu agus iad mar rogha na coitiantachta. B’amhlaidh an scéal dhá bhliain ó shin agus is cosúil nár bhac leaideanna Aontroma lena raibh ‘sa script’ mar chuireadar stop tobann, gan choinne, le feachtas na nGarmanach.

Ní dóigh liom go dtarlóidh an rud céanna inniu. Tá an-taithí ag an mbainisteoir JJ Doyle agus ní dóigh liom go bhfuil aon seans ann nach mbeidh a fhoireann i mbarr a maitheasa agus dírithe go hiomlán ar Aontroim. Is tosaí den chéad scoth é Ciarán McDonald agus ba dhóigh le duine go mbeidh siad níos fearr ná Aontroim tar éis dóibh feachtas dian Chúige Laighean a chur díobh.

Tá éacht déanta freisin ag bainisteoir Luimní, John Kiely agus a chomhghleacaithe mar, sarar buaileadh aon sliotar i gcomórtas na Mumhan, bhí na saineolaithe ag ceapadh gur as Port Láirge, Tiobraid Árann nó contae an Chláir a thiocfadh buaiteoir an chúige.

Dar ndóigh, tá craobh mionúr na Mumhan buaite faoi dhó le cuid mhaith des na himreoirí seo as an gcontae cois Sionainn. Tá sprid láidir na foirne le feiceáil go soiléir sa dá chluiche a bhuaigh siad. Mar aon leis sin, tá an t-imreoir óg sinsear Cian Lynch acu chomh maith leis an Loingseach eile, Rónán, a bhí go hiontach i gcoinne an Chláir i gcluiche na Mumhan.

Ach tá sliabh ard le dreapadh acu agus iad i gcoinne na Gaillimhe sa dara cluiche inniu. Gan aon chluiche imeartha ag an nGaillimh sa chomórtas i mbliana, tá se deacair aon léamh a dhéanamh orthu. Ach tá triúr de na tosaithe óga is fearr sa tír acu; is iadsan Jason Flynn, Cathal Mannion agus Conor Whelan. Tá an triúr acu, ar ndóigh, ina mbaill thábhachtacha leis an bhfoireann sinsear.

Anuas ar sin, d’imríodar i gcluiche ceannais mionúir  na hÉireann dhá bhliain ó shin agus cabhróidh an taithí sin leo.

Tá an ghaoth sna seolta ag iománaithe na Gaillimhe i láthair na huaire agus beidh sé thar a bheith deacair ar chúlaithe Luimní smacht a choimeád ar thosaithe na Gaillimhe.

Ó thaobh feabhas na himeartha go dtí seo, is dócha go bhfuil buntáiste ag Luimneach ag dul isteach sa chluiche seo mar go raibh dhá cluiche dian acu agus go raibh orthu luí amach orthu féin chun an dá chluiche san a bhuachaint.

Ach cad é mar dhúshlán eile atá rompu anois.


Loch Garman v Aontroim, Staid Semple, 4pm (beo ar TG4)

Luimneach v Gaillimh, Staid Semple, 6pm (beo ar TG4)

Fág freagra ar 'Sárchluiche romhainn idir Gaillimh agus Luimneach i Durlas Eile'