Sárchluiche go deo romhainn i mBéal Feirste idir foirne a bhfuil neart spreagadh acu

D’fhéadfadh go mbeidh páirt lárnach ag pé cicealaí is fearr a bheas ag aimsiú a sprioc i gcluiche ceannais an Pro 12. Sa gcás sin, beidh na Muimhnigh faoi bhrú

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Cé nach ionann é agus an buntáiste a bhaineann le himirt sa mbaile, is léir gur buntáiste mar sin féin do na Muimhnigh a bheith ag imirt i mBéal Feirste i gcraobhchluiche an Pro 12 an Satharn seo. Ar a laghad ar bith, is ar an oileán céanna atá sé agus i bhfad níos fusa mar sin dá lucht leanta tacú leo ná mar atá sé ag lucht leanta a gcuid céilí comhraic, Glaschú.

Seans gur ansin a stopann aon bhuntáiste atá ag na Muimhnigh, ní hiad rogha na coitiantachta iad, agus tá siad faoi stiúir foireann bhainistíochta nach bhfuil i bhfad ag plé leo. Anuas air sin, is  géar a theastaíonn cicealaí cumasach uathu ar fhianaise na himeartha a facthas uatha i gcluiche an tSathairn seo caite i gcoinne na nOspreys. Is beag nár ioc siad go daor as ciceálaí lag an tSathairn seo caite.

A mhalairt de chás atá ag Glaschú, iad sin faoi stiúir cóitseálaí atá i gceannas le trí shéasúr anois agus iad ag imirt sa gcluiche ceannais don dara bliain as a chéile. Agus tá ciceálaí atá ar ardchaighdeán ina measc freisin. Seans feisin gur spreagadh ar leith dóibh gur theip orthu greim a fháil ar an gcraobh anuraidh nuair a fuair na Laighnigh an ceann is fearr orthu.

Tá mise ag tuar go mbeidh sárchluiche go deo i mBéal Feirste idir foirne a bhfuil neart spreagadh ag an dá fhoireann. Beidh Glaschú ar a míle dícheall ag iarraidh a chinntiú nach dteipeann orthu den dara huair agus iad ag iarraidh a chinntiú freisin go gcuirfidh siad le cáil rugbaí na hAlban agus ainm na hAlban ar ais ar mhapa na dtíortha rugbaí. Is cinnte go mbeidh spreagadh den chineál céanna ag na Muimhnigh ach le cur leis an mbrú atá orthu. Seans maith gurb é seo an uair dheiridh ag Paul O’Connell a bheith ag imirt leo. Cén t-imreoir i léine na Mumhan nach mbeadh sásta íobairt ar leith a dhéanamh ar a shon ar ócáid mar í? Is cinnte go bhfuil foireann bhainistíochta an Pro 12 breá sásta gurb é seo cluiche deiridh Uí Chonaill do na Muimhnigh ar an ábhar meallfaidh an méid sin féin tuilleadh daoine go dtí an staid.

Maidir leis an gcluiche féin, tá sé deaciar breith a thabhairt faoin toradh, go háirithe agus ceist fós ann agus mé á scríobh seo maidir le chomh haclaí is atá Peter O’Mahony agus Simon Zebo. Tá rud amháin cinnte, ní bheidh ceachtar den dá fhoireann seo sásta oiread agus orlach amháin a ghéilleadh agus seans gur le pé foireann is lú a dhéanann botúin a bheas an lá. Mar a dúirt mé cheana, seans go mbeidh páirt lárnach ag pé cicealaí is fearr a bheas ag aimsiú a sprioc ar an lá.  Sa gcás sin, beidh na Muimhnigh faoi bhrú.

Cé go raibh séasúr sách maith ag Cúige Chonnacht is cinnte go mbeidh go leor de lucht leanta Chonnacht díomách faoi chúpla cluiche a chaill siad i rith an tseasúir atá thart anois. Is daor a d’íoc siad astu agus tá séasúr fada eile i measc na bhfoirne sóisearacha i ndán dóibh.

Fág freagra ar 'Sárchluiche go deo romhainn i mBéal Feirste idir foirne a bhfuil neart spreagadh acu'